An fear is fearr

CROBHINGNE: IS DEACAIR aon ghéilleadh mór a thabhairt don tsraith de chláir atá ar RTÉ i láthair na huaire ag iarraidh breith…

CROBHINGNE:IS DEACAIR aon ghéilleadh mór a thabhairt don tsraith de chláir atá ar RTÉ i láthair na huaire ag iarraidh breith a thabhairt ar an Éireannach is fearr dár mhair riamh.

Fág gur beart baoth ar fad mar iarracht é, agus gur ceist gan dealramh í, agus nach bhfuil slat ná tomhas ann d’fhonn na daoine a mheas seachas bladar na láithreoirí, tá an pobal ag féachaint air mar is maith linn a bheith ag cabaireacht fúinn féin.

Fág gur lánait arís go mbaineann siad ar fad leis an aois seo nó leis an aois seo caite, is deacair a shéanadh ná go bhfuil maitheas mhór déanta acu go léir.

Is deacair, leis, gan polaitíocht na huaire a bhlaiseadh ar an rogha. Duine amháin as gach cúige, go díreach ar nós Ireland’s Got Talent, agus eachtrannach amháin ar son an diaspora. Bean amháin ar son na cothromaíochta adéarfá, feacadh glúine amháin i dtreo an tsóisialachais, feacadh glúine eile i dtreo an phopchultúir, nod ar son na síochána ó thuaidh, agus comhartha slán ómóis do chogadh na saoirse. Pacáiste deas ina bhfuil smut do chách, cuimilt ar chraicinn chigilteacha na tíre.

READ MORE

Gach seans, áfach, má tá a leithéid sin de dhuine le roghnú, nach bhfuil a ainm againn. Gach seans gur bhean ab ea an fear is fearr. Máthair de mháithreacha an tsaoil a thóg a teaghlach le caoine, le cineáltas agus le carthannacht.

Nó bacach bóthair nár dhein dochar d’aon duine riamh ach gur fhan an daonnacht agus an dínit ann in ainneoin an tsaoil. Sagart a bhí naofa i ngan fhios don slua, agus dó féin. Iománaí nár bhuail buille feille riamh. Amhránaí a d’ardaigh meanma i gcúinne tí. Iascaire nár thóg as an abhainn ach an méid ba ghá amháin. Leisceoir a dhein gáire faoi bhun crainn. Péintéir nach raibh aige ach na dathanna ba ghile...

Ach más i dtaobh le daoine ardcháile amháin atáimid, cá bhfágfá Colm Cille a dhein níos mó ar son an tsolais ná mar a dhein Éireannach ar bith eile? Nó Eoghan Rua Ó Néill arbh oilte go mór ná Mícheál Ó Coileáin é i saighdiúirí Gallda a chur as an saol seo, agus ní sa leaba amháin? Nó Nano Nagle a chuaigh síos i measc na mbochtán chun iad a thabhairt aníos?

Nó an té is mó a dhein ionannú idir cás na hÉireann agus cás gach cine eile a raibh cos ar bolg á dhéanamh orthu, is é sin, Ruairí Mac Easmainn? Sa mhéid is gur fiú pioc é, agus is gean le daoine na cluichí comórtais seo, bheadh sé go hard ar liosta agam féin.

Thug Stephen Gwynn “ridire fáin” air, agus is fíor go raibh tréithe Don Cíochótae ag baint leis. D’fhan an t-idéalachas ann go smior bíodh is go bhfuair sé batráil agus buillí. Bhí Sanchó Panzarachaí ar a gcuid asal ina thimpeall, ach lean sé leis ag iarraidh maith a mhalartú ar olc, is ceart a chur ina shuí os cionn na héagóra.

Níor ghá do dhuine a bheith ina naomh, gan amhras, le barbaracht na Beilge sa Chongó lena linn a aithint. Ba cheart go gcuirfeadh lámha teascaithe as do dhuine ar bith, agus baill fearga a baineadh amach, agus blaoscanna a bailíodh mar dhuaiseanna. Ach níor chuir siad as do dhaoine eile. Tá feachtas leanúnach ar bun le breis agus deich mbliana anuas ag iarraidh a chur ina luí orainn go raibh sé ceart, ar chor éigin, troid ar son na Beilge barbartha sa chéad domhanchogadh. Fad is a bhí fir óga na hÉireann ag glacadh na scillinge ón rí, bhí Ruairí Mac Easmainn ag comhaireamh na gcloigne agus na lámha a thuill na scillingí sin.

Is scanrúil le léamh iad a chuid dialanna sa Chongó: “Meitheamh 5: an tír ina fásach, muintir na háite ar fad díbeartha. Lúnasa 6: iad á bhfuipeáil go tiubh mura bhfuil na bascaeid rubair lán...Lúnasa 13: cúigear chugam gan lámha...”

De shiúl a chos a théadh sé in áit an traein a ghlacadh, nó ghabhadh sé in aon charráiste leis na bundúchasaigh. Scríobhadh sé tuairiscí fada ar ais ar dhíothú agus ar sclábhú na muintire nach bhféadfaí an dara brí a bhaint astu. Chomhairligh sé Joseph Conrad, agus tá bun lena cheapadh gurbh é Mac Easmainn a thaispeáin Kurtz nár Kurtz na samhlaíochta dó.

Sheas sé an ceart céanna do bhundúchasaigh Phutumayo i Meiriceá Theas ina dhiaidh sin. Ba chuid de shlabhra mór na muintire sin a bhí faoi chois ar fud an domhain iad. Mar a bhí Éire lena linn.

B’eisean, thar aon duine eile, a chonaic gurb ionann cás na hÉireann agus cás gach dreama a bhí faoi leatrom. Níorbh fhiú giob é saoirse na hÉireann dá gcuirfeadh sé le daoirse dhaoine eile. An tráth úd, ba chuid den domhan sinn; cuid den Eoraip anois.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar