Is é Ferdie Mac an Fhailigh Príomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge. Ba Leas-Phríomhfheidhmeannach de chuid an eagrais é agus bhí sé ag feidhmiú mar cheannaire ar bhonn eatramhach ó d'éirigh Seosamh Mac Donncha as an phost.
I bpreasráiteas a eisíodh Dé hAoine, thug cathaoirleach an Fhorais, Maighréad Uí Mháirtín, le fios go raibh an t-eagras "lán-sásta go bhfuil duine le díograis, fuinneamh agus scil aimsithe againn le tógáil ar a bhfuil bainte amach ó bunaíodh Foras na Gaeilge. Is lá stairiúil é seo mar gur seo an chéad Tuaisceartach ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe thuaidh/theas a bhfuil cúram na Gaeilge air".
Ní nach ionadh, rinne an cathaoirleach neamhiontas iomlán den iaróg a bhain leis an phróiseas ceapacháin. Ní raibh an bord "lán-sásta" nuair a tháinig sé chun solais go raibh cás dlí tógtha ag iarrthóir nach bhfuair agallamh; tá an próiseas dlí sin ar siúl go fóill.
Thug beirt chomhaltaí boird, Caitríona Ní Cheallaigh agus Pádraig Ó Duibhir, le fios go poiblí go raibh siad míshásta leis an phróiseas ceapacháin. D'fhiafraigh an colún seo den Fhoras arís cén bharúil a bhí acu dá raibh le rá ag an bheirt agus dúirt urlabhraí: "Is próiseas inmheánach é seo agus tá rún againn é a choinneáil inmheánach."
Mar sin féin, is ag Mac an Fhailigh atá an post agus is air a bheidh cúram an eagrais Ghaeilge is saibhre in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile ar a laghad. Is de bhunadh Thír Eoghain é Mac an Fhailigh agus tá BA (Hons) sa Léann Ceilteach aige ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, agus MA sa Bhainistíocht Chultúrtha ó Ollscoil Uladh.
Diomaite de na trí bliana atá caite aige le Foras na Gaeilge, chaith Mac an Fhailigh beagnach 17 bliain le Gael Linn agus go leor acu mar bhainisteoir sa Tuaisceart.
Ba iad na príomhchúraimí a bhí air cúrsaí Gaeilge a reáchtáil i gcoláiste samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall, tráth na gceist agus scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí meánscoileanna agus cúrsaí Gaeltachta a reáchtáil do dhaoine fásta.
Lean sé le cúram a dhéanamh de chúrsaí oideachais agus é san Fhoras; bhí sé freagrach as próiseas earcaíochta agus próiseas iarratais agus measúnaithe na ndeontas agus Scéim na gCampaí Samhraidh.
As seo amach, beidh sé freagrach as an eagras ar fad le buiséad €20 milliún agus foireann 45 duine.
I bpreasráiteas, dúirt Mac an Fhailigh: "Táim ag dúil leis na dúshláin atá roimh an eagraíocht agus fios agam go bhfuil foireann iontach ann chun cuspóirí an Fhorais a bhaint amach.
"Tá muinín agam go mbeidh an feidhmeannas agus an bord ábalta na dúshláin atá rompu a shárú agus an Ghaeilge a chur chun cinn go héifeachtach ar bhonn uile-oileánda. Chuige sin, táim ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an bhord agus le feidhmeannas Fhoras na Gaeilge, leis na heagrais agus le pobal na Gaeilge fud an oileáin chun normalú na teanga a chur chun tosaigh."
Agus bí ag caint ar dhúshláin. Is é Mac an Fhailigh an tríú ceannaire in imeacht ceithre bliana.
Tá droch-chaidreamh ar fad idir an Foras agus go leor de na heagrais dheonacha sa Stát seo ó bunaíodh an t-eagras sa bhliain 1999. Ní raibh inchur acu ina bhunú agus níl siad sásta le ceannasaíocht an eagrais nó leis an dóigh a ndáileann siad deontais.
Is é ceist na críochdheighilte ceann de na dúshláin is mó atá roimh an Fhoras. Bíonn iomaíocht idir grúpaí Gaeilge agus creideann go leor de lucht na Gaeilge sa Phoblacht gur tionscnamh don Tuaisceart amháin é an Foras.
Maireann an t-eagras sa dol idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Níl aon pholasaí forbartha ag an Fhoras do bhailte móra an Stáit seo agus don phobal Gaeilge neamhghníomhach atá iontu. Leoga, ní ann don Fhoras chomh fada agus a bhaineann sé leis an phobal i gcoitinne.
Sa bhreis air sin, tá: aighneas i measc na gcomhaltaí boird; tá an Foras beo ar éigean de bharr institiúidí an Tuaiscirt bheith ar fionraí agus tá síneadh ama i ndiaidh síneadh ama tugtha do chomhaltaí an bhoird de bharr cúrsaí corracha polaitiúla an Tuaiscirt.
Níl cáipéisí straitéiseacha nó forbartha foilsithe ag an Fhoras. Ullmhaíodh plean amháin - nár foilsíodh riamh - agus is éadócha go bhféadfaí é a chur i gcrích chomh háiféiseach agus a bhí cuid dá chuspóirí.
Tuigtear go bhfuil obair déanta ag roinnt comhaltaí ar phlean straitéiseach ach níor cuireadh faoi bhráid an fheidhmeannais go fóill é.
Tá fadhb leanúnach ag an Fhoras cuntaisí agus tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú agus tá cuid den fhoireann le dílárú go Gaoth Dobhair ach gan fonn rómhór ar dhuine ar bith aistriú siar ó thuaidh.
Faoi Mhac an Fhailigh a bheas sé tabhairt faoin obair achrannach sin. Beidh an "díograis, fuinneamh agus scil" ar fad a luann an cathaoirleach bheith aige de dhíth air.
Is é an trua nach mbeidh plean náisiúnta gníomhaíochta aige fosta.