An rud is glaise is iontach

BEOCHEIST: CHAITH MÉ cúpla lá i Nua-Eabhrac le déanaí le hÉireannaigh eile atá ag múineadh na Gaeilge i Meiriceá cosúil liom…

BEOCHEIST:CHAITH MÉ cúpla lá i Nua-Eabhrac le déanaí le hÉireannaigh eile atá ag múineadh na Gaeilge i Meiriceá cosúil liom féin. Léirigh an turas seo in athuair rud éigin atá tugtha faoi deara agam ó tháinig mé go Meiriceá i mí Lúnasa seo caite; is é sin a láidre is atá cultúr na hÉireann i Meiriceá.

Nuair a shroich me Aerfort La Guardia i Nua-Eabhrac, smaoinigh mé ar na hÉireannaigh ar fad a d’imigh go Meiriceá ó aimsir an Ghorta Mhóir agus roimhe sin fiú. Bhuail sé ansin mé go bhfuil a leithéid ag tosú arís sa lá atá inniu ann.

Ba shoiléire sin ná riamh nuair a shroich me Woodlawn, an ceantar ina bhfuil cara liom ag cur fúithi i mbliana. Ceantar sa Bronx is ea é seo ach is geall le baile mór Éireannach é dáiríre.

Bhí bricfeasta againn sa chaife Éireannach atá ann agus ní raibh ach blas cainte na hÉireann le cloisteáil timpeall orainn. Daoine ina n-aonar, lánúin, teaghlaigh iomláine agus a scéal féin ag gach duine acu.

READ MORE

Ar an gcéad oíche i Nua-Eabhrac, d’éisteamar le ceol Gaelach i dteach tábhairne Paddy Reilly’s agus chuir sé gliondar croí orainn an oíche chéanna bualadh le roinnt Meiriceánach ann a raibh labhairt na Gaeilge acu. Tháinig sé seo aniar aduaidh orainn agus b’iontach an rud é. Conas is féidir le haon duine a rá go bhfuil an Ghaeilge marbh?

Mhothaíomar go léir rud éigin speisialta an oíche sin. Mórtas na féiniúlachta Éireannaí ab ea é. Bhíomar bródúil as ár gcultúr agus as ár dteanga. Ní beag an tábhacht a bhaineann le mothúchán an tírghrá agus caithfear é a athmhúscailt in Éirinn an lae inniu. Tá scamall an éadóchais os cionn na hÉireann le tamall anuas anois ach ní féidir ligean don scamall dubh sin dea-thréithe an náisiúin a cheilt. Níl aon am níos fearr d’fhonn an fhéiniúlacht Éireannach a athbheochan ná ag an tráth seo den bhliain ina dtugtar tús áite don tseamróg ar fud an domhain.

Lá speisialta is ea 17ú lá de Mhárta do gach duine a bhfuil baint aige le hOileán na Naomh agus na nOllamh. Is deis í chun traidisiún agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh. Seoltar cártaí. Crochtar maisiúcháin. Eagraítear mórshiúlta. A ghlaise is atá gach áit ar an 17ú lá de Mhárta is ea is fearr é.

Cé go mbím in Éirinn de ghnáth don cheiliúradh seo, ní hamhlaidh a bheidh sé i mbliana. Táim ag súil go mór leis an eispéireas Gael-Mheiriceánach a bhlaiseadh.

Is mór an ócáid í anseo do na Gael-Mheiriceánaigh, atá fíorbhródúil as a bhfréamhacha Éireannacha, agus dóibh siúd nach bhfuil fuil Éireannach iontu freisin. In Ollscoil Notre Dame, an áit ina bhfuilim ag múineadh, tá rian na n-ullmhúchán le tabhairt faoi deara cheana féin agus tá an lá mór ina ábhar cainte ag go leor de na mic léinn.

Is cinnte go mbeidh an-spraoi anseo i mbaile na Fighting Irish ar Lá Fhéile Pádraig. Is mar a chéile a bheidh cúrsaí, gan amhras, i gcathair Chicago atá dhá uair nó mar sin ó Notre Dame. Ceiliúradh seachtaine a bheidh i gceist i Chicago dáiríre. Cuirfear tús leis an bhféile an deireadh seachtaine roimh Lá Fhéile Pádraig. Bíodh is go samhlaítear dúinn de ghnáth gurb iad na cnoic a bhíonn glas i bhfad uainn, is í an abhainn a bheidh glas i Chicago an deireadh seachtaine áirithe sin. Radharc speisialta atá geallta cinnte.

Is le linn an deireadh seachtaine sin freisin a phiocfar bean chun páirt a ghlacadh ar son Chicago i gcomórtas Ros Thrá Lí.

Is mór an meas atá ag na Meiriceánaigh ar chultúr na hÉireann agus ní mór do Thaoiseach nua na hÉireann an dea-chaidreamh Gael-Mheiriceánach a neartú agus a chinntiú nuair a thabharfaidh sé cuairt ar an dTeach Bán ar Lá Fhéile Pádraig. Ní foláir dó a léiriú go bhfuil cultúr, croíúlacht agus fáilteachas na hÉireann fós mar a bhí in ainneoin dhrochíomhá na tíre atá tagtha chun cinn sna meáin domhanda le tamall anuas. Caithfear dea-íomhá den tír a chothú in athuair. Spéisiúil go leor, in aimsir Réabhlóid Mheiriceá, nuair a bhí na Meiriceánaigh ag seasamh an fhóid dá dtír féin, is ar Éirinn a thug Benjamin Franklin cuairt ag an am. Tháinig sé go hÉirinn sa bhliain 1770 agus arís i 1771 chun tacaíocht na hÉireann a chinntiú. Anois sa bhliain 2011, caithfear stádas na tíre a ardú arís ionas go mbeidh ceannairí an domhain ag teacht chugainn arís agus ag féachaint ar Éirinn mar dhea-eiseamláir ar an stáitse domhanda.

Ní bheidh muinín ag aon náisiún eile asainn, áfach, go dtí go bhfuil muinín againn asainn féin. Is fíor don té a dúirt gur cheart do leanbh féin a bhaisteadh ar dtús. Is tír iontach í Eire agus is daoine iontacha iad muintir na hÉireann. Ní neart go cur le chéile.