Ar lorg duine éigin le 'dúil loiscneach chun sábhála'

IN AGALLAMH as Béarla don raidió a bhí ag Séamas Ó Duilearga le Liam Nolan sa bhliain 1971, cuireadh ceist ar Ó Duilearga faoin…

IN AGALLAMH as Béarla don raidió a bhí ag Séamas Ó Duilearga le Liam Nolan sa bhliain 1971, cuireadh ceist ar Ó Duilearga faoin rud ba mhó a spreag é tabhairt faoin mbéaloideas a bhailiú an chéad lá riamh. “A burning desire to save,” an freagra a thug sé ar an gceist sin.

Freagra an-ghonta, an-neamhchoitianta ach freagra a bhí thar a bheith spéisiúil. Bhí Ó Duilearga in aois a 72 faoin am seo agus a mhórshaothar i réimse an bhéaloidis geall le bheith curtha i gcrích agus curtha i gcrích go máistriúil aige.

Ba as Contae Aontroma ó dhúchas dó agus chaith sé a shaol ar fad ag bailiú béaloidis in Éirinn go príomha ach i dtíortha Ceilteacha eile chomh maith. Ceannródaí ba ea é i ngort an bhéaloidis.

Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí An Cumann le Béaloideas Éireann i 1926 (mar aon le Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Ó Siochfhradha (“An Seabhac”).

READ MORE

Cumann deonach ba ea é seo agus bhí Ó Duilearga mar eagarthóir ar iris An Chumainn Bhéaloidis, Béaloideas, a tháinig amach faoi dhó in aghaidh na bliana sna blianta tosaigh, éacht nach beag agus atá fós á foilsiú go bliantúil.

Sa bhliain 1930, ghlac Institiúid Bhéaloideas na hÉireann áit an Chumainn le Béaloideas agus ceapadh Ó Duilearga mar stiúrthóir uirthi. Fuair an institiúid tacaíocht airgid ón Stát. Sa bhliain 1935 bunaíodh Coimisiún Béaloideas Éireann agus arís bhí Ó Duilearga mar Stiúrthóir Oinigh air.

Rinne an coimisiún seo obair ríthábhachtach chun ár n-órchiste béaloidis a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú idir sin agus 1971 nuair a tháinig deireadh leis an gcoimisiún agus tháinig Roinn Béaloideas na hÉireann i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath mar chombarba air.

Ba é Ó Duilearga agus a chomhghleacaí sa Choimisiún Béaloideas, Seán Ó Súilleabháin, a tháinig suas leis an smaoineamh páistí scoile a chur ag bailiú an bhéaloidis ar bhonn náisiúnta.

Cuireadh tús le Scéim Bhailiúchán na Scol (Scéim na Scol) ar 1 Iúil 1937. Ba í seo an scéim ba mhó a cuireadh ar bun riamh in aon chearn den domhan go dtí an pointe sin.

Thar tréimhse ocht mí dhéag bheadh 100,000 dalta as 5,000 scoil ar fud na hÉireann ag bailiú béaloidis óna seantuistí, ó sheanchomharsana agus ó sheanchaithe ina mbailte fearainn féin. Le linn an ama sin ní bheadh orthu aistí seachtainiúla a scríobh mar obair bhaile agus bheadh na múinteoirí á ngríosadh agus á spreagadh chun na hoibre, á moladh agus á gcáineadh de réir mar a d’oir.

Páistí sinsearacha san aoisghrúpa 11-14 (as Rang a Sé) a roghnaíodh don obair seo agus bheadh orthu cóipleabhair mhóra a líonadh le béaloideas, seanchas, dinnseanchas, scéalta, dánta, seanfhocail, nósanna, stair áitiúil, logainmneacha, piseoga, paidreacha, leigheasanna, traidisiúin, amhráin, caithimh aimsire, beannachtaí, mallachtaí, orthaí, púcaí agus saíocht de gach saghas.

Nárbh iontach an smaoineamh é! Sa bhliain 1937 bheadh seantuistí na bpáistí scoile seo san aoisghrúpa 60-90 abair, rud a chiallaigh gur rugadh a bhformhór díobh sna 1860í nó níos luaithe fiú agus is cinnte go bhfaca tuismitheoirí na seantuistí seo an Gorta Mór ina steillbheatha.

Mar sin bhí 100 bliain de stair shóisialta, chultúrtha agus pholaitíochta (1837-1937) mar fhoinse taighde ag na páistí scoile seo agus iad ag dul ó theach go teach le cóipleabhair agus pinn luaidhe.

Bheadh na bailitheoirí óga seo go léir sna 80í déanacha dá mbeidís fós ina mbeatha. Tá aithne agam ar bheirt acu atá fós os cionn talún i gceantar an Leitriúigh, mo cheantar dúchais i gCiarraí.

Cé nach raibh oiread agus rian den nua-theicneolaíocht ná den chumarsáid nua-aimseartha ar fáil sa bhliain 1937, fós eagraíodh agus cuireadh an tionscnamh seo i gcrích le cruinneas míleata, mar a déarfá.

B’iad na príomhoidí agus na múinteoirí bunscoile na cúil thaca sa phróiseas ar fad, ag dáileadh amach na gcóipleabhar agus ag míniú agus ag soiléiriú an chur chuige a bhí i gceist, ag déanamh monatóireachta ar an obair ar bhonn leanúnach agus ag bailiú na gcóipleabhar ag deireadh an ama.

Ar ndóigh, bhí an togra ag brath go mór ar chomhoibriú na Roinne Oideachais agus Chumann Múinteoirí Éireann agus bhí an comhoibriú sin ar fáil.

Bhí leabhrán – Béaloideas agus Traidisiún na hÉireann – scríofa ag Seán Ó Súilleabháin, cartlannaí agus cláraitheoir an Choimisiúin Bhéaloideasa agus seoladh cóip de chuig gach príomhoide bunscoile sna 26 contae.

Bhí treoracha agus eolas i dtaobh na scéime sa leabhrán. Chomh maith leis sin bhí 55 teideal ábhair tugtha agus bheadh ar na múinteoirí a bhí ag plé le feidhmiú na scéime cloí go docht leis na teidil ábhair seo.

D’fhéadfaidís na teidil ábhair a bhí feiliúnach dóibh féin a roghnú as an 55 ach ní fhéadfaidís cinn nua a chumadh.

Seo a leanas na cinn ba choitianta a roghnaíodh sna ceantair Ghaeltachta: mo Cheantar Féin; an Aimsir; Toibreacha Beannaithe; Naomh Pátrúin; Scéalta agus Amhráin; Liosanna agus Seaniarsmaí; Cluichí agus Caithimh aimsire; Seanfhocail agus Tomhaiseanna; Leigheasanna agus Orthaí; Modhanna oibre agus Ceirdeanna.

Ba trí mheán an Bhéarla a reachtáladh an scéim sna ceantair Ghalltachta agus trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta.

Nuair a tháinig deireadh leis an obair in 1938 bailíodh na cóipleabhair go léir agus tógadh thar n-ais go dtí Ardán Earlsfort i mBaile Átha Cliath iad i mboscaí agus i málaí móra.

Bhí an t-uafás oibre fós le déanamh. Bheadh ar fhoireann an Choimisiúin Bhéaloideasa na cóipleabhair seo a gcatalógú, a n-innéacsú agus a lipéadú de réir scoile agus contae srl.

Tá Bailiúchán na Scol anois amuigh i Roinn Béaloideas na hÉireann i mBelfield. Is féidir leis an ngnáthphobal dul isteach agus an t-órchiste luachmhar seo a scrúdú agus a léamh. Chomh maith leis sin tá an bailiúchán ar fáil i gcuid mhaith leabhlarlanna ar fud na tíre i bhfoirm mhicreascannáin.

Ar chóir tabhairt faoina mhacasamhail de scéim arís? Bheifeá den tuairim go mbeadh sé i bhfad Éireann níos fusa é a chur i gcrích san am i láthair le sofaisticiúlacht agus le feabhas na nua-theicneolaíochta atá ann. Bheinnse go láidir den tuairim go mba chóir a leithéid a dhéanamh i gcás na nGaeltachtaí ach go háirithe.

Faoi mar atá cúrsaí, tá baol mór ann go n-imeoidh saibhreas béaloidis, seanchais, logainmneacha, cultúir agus cainte na nGaeltachtaí isteach san úir leis an nglúin atá anois san aoisghrúpa 60-90 muna ndéanfaí beart fiúntach éigin chun iad a chaomhnú.

Cheana féin tá na logainmneacha draíochtúla áitiúla ag dul i léig go tubaisteach.

Má fhantar go dtí 2037 beidh sé ródhéanach agus beidh an dochar déanta agus ní bheidh fáil choíche ná go deo ar an saibhreas seo.

Tá ceannródaí cróga cosúil le Séamas Ó Duilearga de dhíth agus de dhíth go mór orainn. Duine éigin le “dúil loiscneach chun sábhála” á spreagadh chun gnímh!


* Údar agus file é Mícheál Ó Ruairc. Tá Tóraíocht Taisce (Cois Life) úrscéal do dhéagóirí 12-15 bliain d’aois, foilsithe