Ar thóir iontaisí na Múrach

Nuair a thagann nuachtlitir an pharóiste isteach an doras le clár searmanais na Cásca cuimhním ar shaoire gearr a thugas in Andalucia…

Nuair a thagann nuachtlitir an pharóiste isteach an doras le clár searmanais na Cásca cuimhním ar shaoire gearr a thugas in Andalucia, réigiún deisceartach na Spáinne.

Seachtain na Cásca a bhí ann agus gach éinne a rá gur mór an trua nach rabhas an tseachtain roimhe sin, le go bhfeicfinn na mórshiúil. Lánúin ar thug mé cuairt orthu i bpueblo blanca, sráidbhaile bán ar bharr cnoic, tar éis a ngarrán ológ a thaispeáint dom thugadar chuig halla an pharóiste mé go bhfeicfinn na deilbh a bhí á n-iompar tríd an bhaile i Seachtain na Páise.

Chomh maith le hÍosa ar chrois bhí líon mór carachtair eile ó scéal na Páise ann, iad daite agus chomh mór linn féin, ar sheastáin ghreanta a d'iompair fir ar a nguaillí le grupaí eile fir agus róbaí fada orthu, coinnle fada ina lámha ach agus púicíní árda bioracha ar a gcloigne acu.

In ainneoin seandachta an traidisiúin - cumainn a théann siar go dtí na meánaoiseanna a eagraíonn na mórshiúil - ní rabhas róthógtha leis na híomhánna seo agus shíleas go mb'fhéidir gur d'aon ghnó nach ndeachaigh mé ann Seachtain na Páise.

READ MORE

Ba mhó ar fad a thaitin oidhreacht na Múrach sa réigiún liom, agus thar aon rud eile na gairdíní áille. Tá naoi mbaile mhóra in Andalucia agus caisleáin mhóra Mhúracha i seacht gcinn acu. Turas tuathail a thugas, ó Malaga siar ó thuaidh go Sevilla, soir go Granada agus soir ó dheas arís, go drogallach i dtreo an aerphoirt. Ní foláir nó go bhfillfidh mé arís ar thóir iontaisí Cordóba, Jaén, Almeria agus Tarifa, a ainmíodh as cinnire na chéad Mhúrach a thrasnaigh an chaolais ó Mharacó sa bhliain 710 AD.

Deirtear go bhfuil an calaphort Cádiz ar an mbaile mór is sine san Eoraip agus is é an cháil atá ar Huelva gur uaidh sin a sheol Criostóir Columbus go Meiriceá sa bhliain 1492, an bhliain chéanna a bhris na Spáinnigh, faoi Ferdinand agus Isabella, ar na Múraigh. San Alcazaba i Málaga a fuair mé blaiseadh i dtosach de ghairdín Múrach. Boladh na gcrann oráistí, fuaim na bhfuarán uisce, aoibh an mharmair ghreannta, ag barr chasán casta a raibh cúfróga dorcha chaon taobh de agus radharc ar an gcathair óna bharr.

I Malaga a rugadh Pablo Picasso (1881-1973). Sa phlásóg ós comhair an tí bhí leanaí ag baint sult as colúir a scaipeadh le bualadh boise agus cuid eile acu ag iarraidh breith orthu. B'iontach an méid acu a bhí geal mar atá i bpictiúirí Picasso féin. Ag trácht ar ghile, b'aoibhinn an radharc ón mbóthar mór na bailte bána ar bharra na gcnoc. Mór an trua i gcontráracht leis, an fiabhras buí agus an meascán stíle i dtírdhreach na tíre seo!

I Sevilla, cathair álainn amach is amach, déanadh clogthúr den moscthúr. Céad méadar ar airde atá sé agus é ina sheasamh taobh leis an eaglais ghotach is mó ar domhain a tógadh ar bhonn sheanmhosc. Anseo freisin tá Alcazar, pálás agus gairdíní. I monarcha mhaorga tobac a tógadh sa stíl chlasaiceach sna 1770í atá an ollscoil, a bunaíodh i 1550, lonnaithe ó bhog an mhonarcha go foirgneamh níos nua aimsirí. Sa 19ú haois bhí 10,000 bean fostaithe ann agus is ar dhuine acu a bhunaigh Bizet (1838-75) an ceoldráma Carmen.

Ar an mbóthar mór soir bhí comharthaí a thug le fios go ndearna an scríbhneoir Meiriceánach Washington Irving (1783-1859), a chum Rip Van Winkel, an turas céanna sa bhliain 1829. Nuair a shroich sé ceann scríbe rinne sé seomra staidéir dó féin i seomraí folamha an Alhambra, buaicphointe ailtireachta na Múrach sa Spáinn atá freisin ar shéadchomharthaí móra an domhain.

Lóistín na hoíche deireanaí i bhFuente Vaqueros, an baile beag inar rugadh an file agus dramadóir Federico García Lorca (1898-1936), agus ba shásúil mar chríoch ar an turas, cuairt na maidne dár gcionn ar a theach. Compord simplí agus ciúnas na tuaithe le brath ann.

Is lú a shamhlaítear gnéithe den tsórt seo leis an gCríostaíocht sa Spáinn ná in Éirinn, áit ar lonnaigh na naoimh in áiteanna iargúlta agus a ndéanann daoine oilthireachtaí fós go toibreacha beannaithe. Ar Aoine an Chéasta sa pharóiste s'againne, is ó bhun Cheann Bhré go dtí a bharr a déantar searmanas éacúiméineach Stáisiúin na Croise.

Dar ndóigh, ní ionann searmanas gan mhaisiú agus croí gan mhothú, mar a léirítear san amhrán Dónall Óg: "Siúd é an Domhnach a thug mé grá duit,/An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca,/Agus mise ar mo ghlúine ag léamh na Páise,/Is ea bhí mo dhá shúil ag síorthabhairt grá duit."