CROBHINGNE:NÍ BUNTUISCINT nua é go bhfuil gaol idir an Blár agus an Brúnach mar atá idir Beirtí agus Brian. Bhuail siad beirt agus beirt buillí ar son a dtíre nár bharr tairbhe iad.
Bhí bua faoi leith acu araon a bheith ina mbolgchainteoirí ag bladar leo ar a mbealach féin. B’iad na buachaillí iad nár chuir buairt an tsaoil lá braodair orthu agus iad ag bláthnú na slí do na bancéirí.
Tá a bheathaisnéis buailte amach anois ag an mBlárach, agus bíodh nach bhfuil sé i gceist agam a bhfuil de bharr baoise ann a léamh, déanfad a bhfuil de bhastúnacht ann a mheas ó na tuairiscí ar na nuachtáin.
Pé breacadh a chuireann polaiteoir ar a bheathaisnéis, is féidir a bheith bunáite cinnte nach bhfuil ann ach broimnéis agus bromannacht agus bréaga. Bíonn, de ghnáth, dod bheophianadh le blúiríocha beaga, ach gan de ghus riamh ann buannaíocht a dhéanamh ar an bhfírinne.
Tháinig an Blárach ar bráid le teanga bhealaithe, chuaigh tríd an saol le teanga bhealaithe, agus tá brath aige bualadh ar aghaidh le teanga bhealaithe. Is é is iontaí ná a bhfuil de dhaoine atá sásta na bréaga a cheannach, mar ba léir ar an scuaine a bhí ar an tsráid i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.
Le gach boin a boinín, gan amhras, agus más é an bhuinneachántacht do bhuaic, bhuel, bíodh agat. Ní hé gach duine a tháinig faoi bhreachtadh an Bhláraigh, agus nár mhór é a meas ar bharrghlórach a bhrionnaigh cáipéisí d’fhonn dul chun barbarachta ar chine daoine nár leag barr méire riamh air siúd, agus a dhein carn cloch nó bronnán dá mbailte agus dá muintir. B’é a bhang, ba dhóigh leat, leithscéal nó béal bróin a dhéanamh san bhéistiúlacht a lean a bhearta buile. Ach boladh ná blogh de leithscéal a thagann óna bheola ná ón mbéal sin faoi dear do bhatharnach buamaí titim ar Bhagdad.
Seo duine a bhfuil an fhírinne baránta aige, agus bleidhmhíol, fara le Bush, atá bainteach le cuid de na huafáis is bréine dar bualadh ar phobal le blianta anuas. Rug an bás báire an oinigh an lá ar déanadh bruthaire de bhailte beaga is móra na hIaráice, agus ní thabharfaidh basbhualadh an tslua na báibíní is na bruinnealla ar déanadh brioscbhruar díobh ar ais go brách na breithe. Ba bheag an díol air na bróga a caitheadh leis lasmuigh den bhoth, mar is beag an díol iad bróga ar bharbaracht, ná béiceach ar bhréaga.
Ní beag leis ár mBeirtí féin as bolg na brilléise. Pé biadán eile a bhéalrófaí faoi Bheirtí níor chuir sé riamh críocha breátha faoi bhán. B’fhéidir, ar aon bhéim amháin leis an mBlárach, i ngach ball dá bheatha istigh, nach gcreideann sé in aon phioc, agus nach mbacann sé leis an mbóthar díreach ón mblaosc go dtí an béal.
Bí cinnte, áfach, nach barréadroime is bun lena bhaoischreideamh, mar de réir barúla, cuid den ealaín ba ea an bhriotaireacht féin. Broimseánaí eile go dearfach, a déarfá, buachaill buntáisteach a raibh fios a bhealaigh aige go dtí an banc, ach ní fhéadfaí búistéireacht a chur ina leith, ná, murab ionann agus buamálaí Bhagdaid, níor dhein sé breochraiceann den bheochraiceann, agus is féidir linn bheith buíoch den mhéid sin.
Ó sea, is é a bhí riamh ar a bhóróiricín féin tríd an mbeatha, bóisceálaí bréagumhal nár thuig an difear idir bastall agus bobaireacht. Níorbh aon bhrumaire é a chuirfeadh gothaí an léinn air féin, mar b’fhearr leis an bathlachas i gcuma, agus an bhá san bhladar.
B’fhé go mbaineann na bearta baotha leis na brogúis. Na brabúsaithe a tháinig ina ndiaidh, Brian agus an Brúnach, ní den bhraoid chéanna ar fad iad. Brosna a bhí ag bruachaireacht ar a seans, iad i gcónaí ar bharaídí rud éigin a dhéanamh, ach nuair a caitheadh isteach san bheirfean teasa iad níorbh iad a bhí buaiteach.
Níl, nó ní raibh, an bhuaiceáil acu arb é buaic na beirte eile é. Níor bhuantairbhe dóibh na buanna a bhain na boic eile. Ba dhóigh leat nach raibh iontu ach bús deataigh, burdáin bheaga agus gan de bhunmhiotal iontu ach buinne áidh na mblianta rompu a rug an bua. I mbodharchultúr seo na linne thar bhroinn bóchna nuair gurb í an ghaoth bholga atá in uachtar, ní hiontas gur mhó a bhraitheann braistint ná breithiúnas. Is cuma cé atá ag déanaimh branair do na boicht, is é an béarlagair bobúil a mheánn.
Is mó an meas atá ar bhreasaire na mbréag agus ar bhlobaire bruasach ná ar bhrionglóid ar bith a d’fhéadfaí a thabhairt i dtír brobh ar bhrobh agus ina breiseanna beag ar bheag. Is ea, ní hiontaoibh í breacaireacht bhriochtráiteach na mbeo, nuair nach bhfuil inti ach bladar, baighdad.