Cad é seasamh na bpáirtithe polaitiúla maidir le ráiteas an Rialtais faoin Ghaeilge nó faoi chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003? Cén tacaíocht a bheidís toilteanach a thabhairt d'Acht Teanga sa Tuaisceart? Cá seasann siad maidir le Gaeilge sa chóras oideachais? Cén seasamh atá acu maidir le bliain réamhscolaíochta, trí Ghaeilge nó le Gaeilge, bheith ar fáil do gach páiste sa Stát?
B'shin cuid de na ceisteanna a chuir an craoltóir Páidí Ó Lionáird ar ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla ag comhdháil lae, dar teideal "An Ghaeilge agus Do Vóta," a d'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.
Diomaite den Pháirtí Daonlathach bhí ionadaí ann ó gach páirtí, an tAire Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil; Fergus O'Dowd, Fine Gael; Brian Ó Sé, Páirtí an Lucht Oibre; David Healy, an Comhaontas Glas; Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin agus Joe Higgins, an Páirtí Sóisialach.
Is beag rud nua a bhí le rá ag aon duine acu, iad go léir ar son chur chun cinn na Gaeilge, buartha faoi theagasc na Gaeilge sna scoileanna agus mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Seachas Aengus Ó Snodaigh agus Éamon Ó Cuív, níor léirigh aon duine acu go raibh siad ar an eolas faoi na moltaí praiticiúla atá ag na heagrais Ghaeilge chun cúrsaí a fheabhsú, moltaí a cuireadh faoi bhráid lucht na comhdhála ag seisiúin eile.
D'admhaigh Fergus O'Dowd, David Healy agus Joe Higgins nach raibh ráiteas an Rialtais faoin Ghaeilge léite acu agus dúirt O'Dowd gur iarr urlabhraí Gaeilge Fhine Gael, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, air teacht ina ionad an oíche roimh ré.
Ba shuimiúil fosta nach raibh ionadaithe i láthair do na seisiúin ar maidin ó Fhoras na Gaeilge, an foras trasteorann a thugann maoiniú do na heagrais Ghaeilge.
B'ábhar buartha do Bhrian Ó Sé an costas a bhain le cur i bhfeidhm an Acht Teanga agus shíl sé gur chóir athbhreithniú a dhéanamh air de réir a chéile.
Dar le hAengus Ó Snodaigh, ní dheachaigh an tAcht Teanga fada go leor agus b'údar gearáin aige gur i mBéarla amháin a bhíonn Billí an Oireachtais. Dúirt Ó Cuív go rabhthas ag díriú anois ar leagan comhuaineach de gach Acht a chur ar fáil agus nuair a bheadh sé sin déanta go ndíreofaí ar na Billí.
Ba é an t-eolas is suimiúla a tháinig as an phlé ar chúrsaí oideachais go raibh an Comhaontas Glas "go láidir i gcoinne" phlean Fhine Gael an Ghaeilge bheith ina hábhar roghnach don Ardteistiméireacht.
Ní raibh sé soiléir cén seasamh a bhí ag an pháirtí eile a bhí ag iarraidh bheith i gcomhrialtas le Fine Gael tar éis an olltoghcháin. "Níl polasaí an Lucht Oibre críochnaithe go fóill," a dúirt Brian Ó Sé.
Ach bíodh go raibh gach polaiteoir ansin buartha faoi mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna agus ísealchaighdeán Gaeilge na múinteoirí ní raibh rud ar bith le rá acu faoi mholtaí Chonradh na Gaeilge cúrsaí tumoideachais Gaeilge bheith riachtanach d'ábhar oidí bunscoile ná faoina phlean corpoideachas a mhúineadh trí Ghaeilge i ngach bunscoil, moltaí atá ar fáil i leabhrán dátheangach.
B'ábhar suime fosta a ndúirt Éamon Ó Cuív faoin Aonad Náisiúnta Oideachais a bhí le lonnú i gColáiste Íosagáin chun áiseanna a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge.
Thug sé le fios go raibh athrú aigne ar an Rialtas faoin aonad a lonnú ann agus gur shíl sé gurbh fhearr aonaid ar bhonn réigiúnach bheith ann seachas aonad náisiúnta. Sheas sé leis sin nuair a ceistíodh é sa Dáil an lá dár gcionn.
D'fhógair Páirtí an Lucht Oibre ar na mallaibh go rabhadar ar son bliain réamhscolaíochta bheith ar fáil do gach páiste sa Stát ach thug Brian Ó Sé le fios gur bheag smaoineamh a bhí déanta ag an pháirtí faoi ionad na Gaeilge sa phlean sin.
Bhí sé in amhras go mbeadh go leor daoine le cumas maith Gaeilge ann chun naíonraí trí Ghaeilge a reáchtáil. Dúirt David Healy ón Chomhaontas Glas go raibh sé mar chuid de pholasaí Gaeilge a pháirtí siúd go mbeadh bliain réamhscolaíochta ar fáil agus eilimint Ghaeilge ann agus mhol Ó Snodaigh go mbeadh níos mó cúrsaí Gaeilge ann do stiúrthóirí naíonraí.
Ar ndóigh, is furasta do na páirtithe sa fhreasúra geallúintí a dhéanamh. Ní mór do pháirtithe an Rialtais bheith níos cúramaí agus dúirt Ó Cuív gur shíl sé gur mhó an tairbhe don Ghaeilge naíolanna (creches) Gaeilge bheith scaipthe ar fud na tíre. Níor luaigh sé, ámh, go raibh plean ar bith ag a pháirtí na naíolanna seo a chur ar bun.
Ainneoin na cainte go léir a rinne polaiteoirí agus lucht freastail na comhdhála faoina thábhachtaí agus a bhí sé daoine óga a mhealladh chun Gaeilge a labhairt, is beag duine a d'fhan chun éisteacht le hionadaithe na n-ógeagras Gaeilge cur síos ar na héilimh a bhí acu ar na polaiteoirí.
Ní hionadh, mar a dúirt stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta na nÓg, Gearóid Ó Maoilmhichíl, nárbh fhiú le leath na ndaoine óga idir 18 agus 25 bliain d'aois vóta a chaitheamh san olltoghchán deiridh.
Nuair a chuir John Franklin agus a chriú 132 fear chun farraige in dhá long faoi Bhealtaine 1845, bhí siad ag tabhairt aghaidh ar an Artach agus gach dóchas acu go n-éireodh leo éacht a dhéanamh nach raibh déanta riamh cheana - cúrsa farraige a aimsiú siar ó thuaidh de Cheanada, rud a d'éascódh an bealach chun an Domhain Thoir do thrádáil agus d'fheachtais mhíleata. Ach ní glóir ach bás fuar feannta a bhí i ndán dóibh - gan tásc ná tuairisc orthu go ceann naoi mbliana. Fiú nuair a thángthas ar chuid de na coirp, ní raibh Franklin ina measc agus ba léir gur tharla gníomhartha barbartha nuair a bhí na fir ag teannadh leis an bhás. Craolfaidh TG4 dhá chlár nua faoin turas tubaisteach sin agus faoi na hiarrachtaí a rinne údaráis na Breataine an cás a fhiosrú ina dhiaidh sin. An dreapadóir Dermot Somers a chuirfidh na cláir i láthair; beidh an chéad chlár ar siúl anocht ar TG4 ag 9.30pm agus an dara ceann seachtain ón lá inniu.
éileamh demand - eilimint element - maoiniú funding
ráiteas statement - tairbhe benefit - urlabhraí spokesperson