TUARASCÁIL: BHÍ SÉ le brath san aer sa Bhrasaíl an oíche roimh thoghchán uachtaránachta an Domhnaigh: go mbainfeadh Marina Silva, iarrthóir an Pháirtí Ghlais, creathadh as saol na polaitíochta sa tír is mó sa leathsféar theas. Go tobann, bhí daoine nár chuala mé ag labhairt fúithi riamh ag rá go dtabharfaidís vóta di – bean as dufair na hAmasóine nach raibh léamh ná scríobh aici go dtí go raibh sí 16 bliain d'aois.
Le mí anuas, bhí lucht anailíse ag déanamh talamh slán de go n-éireodh le Dilma Rousseff, iarrthóir Pháirtí na nOibrithe (páirtí an uachtaráin reatha Lula) an bua a fháil sa chéad bhabhta vótála. Ach bhí dul amú orthu, agus ar na pobalbhreitheanna. D’éirigh le bean an Pháirtí Ghlais oiread vótaí a scuabadh ó bhean Pháirtí na nOibrithe go mbeidh gá leis an dara babhta.
Ionas go mbeadh an bua ag iarrthóir sa chéad bhabhta, theastódh 50 faoin gcéad de na vótaí, móide vóta amháin. Sna pobalbhreitheanna a rinneadh sa tseachtain dheireanach roimh an toghchán, measadh go mbeadh 51 faoin gcéad den vóta ag Rousseff, ach níor bhain sí amach sa deireadh ach rud beag le cois 46 faoin gcéad.
Sna pobalbhreitheanna céanna, measadh go mbeadh idir 11 faoin gcéad agus 14 faoin gcéad ag Marina Silva. Rud beag le cois 19 faoin gcéad den vóta a fuair sí ar an lá. Níor leor é sin, ar ndóigh, le go n-éireodh léi.
Go deimhin, tháinig sí sa tríú háit, taobh thiar de José Serra ó Pháirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh, agus ní ghlacfaidh sí páirt sa dara babhta vótála: Rousseff agus Serra a bheidh á fhéachaint le chéile ar 31ú Deireadh Fómhair.
Mar sin féin, is léir anois gur fórsa í Marina Silva (52) nach féidir neamhaird a dhéanamh di a thuilleadh. Go deimhin, má éiríonn léi tógáil ar ‘bhua’ na seachtaine seo, ní féidir a chur as an áireamh go mbeidh uachtarán glas ar an mBrasaíl i 2014, nó b’fhéidir ceithre bliana ina dhiaidh sin.
Is tráthúil an t-am é mar sin sracfhéachaint a thabhairt ar shaol na mná seo as dufair na hAmasóine. Tháinig Marina Silva ar an saol i mbaile beag i bhforaoiseacha Acre, an stát is faide siar sa Bhrasaíl, ar theorainn Pheiriú. Lucht bainte rubair ab ea a muintir, ach de bharr na ndroch-choinníollacha sláinte sa réigiún fuair a hathair agus a máthair bás nuair a bhí sí óg.
Cuireadh go dílleachtlann i bpríomhchathair Acre, Rio Branco, í, áit a bhfuarthas amach nach raibh léamh ná scríobh aici. Bhí sí 16 bliain d’aois, ach bhí sí sciobtha ag foghlaim. Choinnigh sí uirthi ag staidéar agus roimh i bhfad, bhí post múinteora aici.
Ag an am céanna, thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht. Throid sí taobh leis an gcosantóir timpeallachta cáiliúil Chico Mendes, ar éirigh leis aird an domhain a tharraingt ar an Amasóin sular dúnmharaíodh é i 1988.
Sa bhliain chéanna is a dúnmharaíodh Mendes, toghadh Silva ina comhairleoir cathrach in Rio Branco. Ba bhall í de Pháirtí na nOibrithe, an PT. Sé bliana ina dhiaidh sin toghadh í don seanad, don pháirtí céanna.
Nuair a toghadh Lula ina uachtarán sa bhliain 2002, d’iarr sé uirthi post rialtais a thógáil mar aire timpeallachta. Ghlac sí leis an tairiscint go fonnmhar: an bhféadfaí áit níos fearr a shamhlú chun dufair na hAmasóine a shábháil ná Roinn na Timpeallachta?
Ach ní raibh sé i bhfad go dtí gur thuig Silva nach raibh Páirtí na nOibrithe chomh tugtha don timpeallacht agus a bhí sí féin. Go deimhin, thug – agus tugann – Páirtí na nOibrithe tús áite do chúrsaí fostaíochta.
Agus chun fostaíocht a chruthú, teastaíonn leictreachas. Agus chun leictreachas a ghiniúint, chinn Páirtí na nOibrithe abhainn mhór a athlonnú agus tabhairt faoi thógáil stáisiún cumhachta núicléiche.
Mar a tharlaíonn, ba í Dilma Rousseff an t-aire fuinnimh ag an am. Thosaigh iaróg idir an bheirt bhan a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.
Faoin am ar chuir Lula tús lena dhara téarma mar uachtarán i 2006, bhí oiread díomá ar Silva faoi Pháirtí na nOibrithe gur éirigh sí as a post mar aire timpeallachta.
Thóg sé trí bliana eile uirthi an cinneadh a thógáil an páirtí polaitiúil a chothaigh í a fhágáil, ach anuraidh ghlac sí ballraíocht sa Partido Verde – a chuir ar an ticéad do rása na huachtaránachta í.
Eisceacht í Silva i bpolaitíocht na Brasaíle ar go leor bealaí, agus sin ceann de na fáthanna gur éirigh chomh maith sin léi i dtoghchán an Domhnaigh.
Tá cáil na calaoise agus na scannal ar pholaitíocht na tíre, ach tá cáil an ionracais ar Silva agus a páirtí.
Lena chois sin, ba léir le linn an fheachtais nach raibh sí dall ar fhadhbanna tromchúiseacha na tíre: in ainneoin an dul chun cinn ollmhóir atá déanta ag an mBrasaíl ó tháinig Lula i gcumhacht ocht mbliana ó shin, tá an deighilt idir saibhir agus daibhir ar cheann de na cinn is leithne ar domhan. Ag éisteacht leis na hiarrthóirí eile, shílfeá nach raibh i ndán don tír ach fás, fás agus a thuilleadh fáis.
Ach tá taobh ag Silva nach mbeifeá ag súil leis, agus tá seans ann go gcuirfeadh sé srian lena cumas cur lena lucht tacaíochta. Is Protastúnach Soiscéalaíoch í agus cuireann a cráifeacht faitíos ar go leor daoine liobrálacha a thabharfadh vóta don Pháirtí Glas murach sin – daoine aeracha ach go háirithe.
Agus cé gur bhain Silva an cúigiú cuid de na vótaí i dtoghchán an Domhnaigh – sciar suntasach d’iarrthóir glas i dtír ar bith – díomá le Dilma Rousseff, iarrthóir Pháirtí na nOibrithe, ceann de na cúiseanna is mó gur thug daoine atá ar m’aithne vóta di. “Vótaí agóide” ab ea cuid mhór de vótaí an iarrthóra ghlais.
Idir an dá linn, ní féidir a shéanadh ach an oiread go bhfuil an timpeallacht curtha go hard ar an gclár plé aici. An t-iarrthóir a dteastaíonn uaidh nó uaithi an bua a fháil sa dara babhta, beidh air nó uirthi aghaidh a thabhairt air sin chun na vótóirí a thaobhaigh le Silva sa chéad bhabhta a mhealladh.
Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans agus cónaí air sa Bhrasaíl