CROBHINGNE:TÁ AN athbhliain chugainn arís, athbhliain ar ceart dúinn aird a thabhairt uirthi, murab ionann agus ár gceann féin.
Tá an chuma air nach mbeidh feidhm feasta lenár n-áireamh coiteann, mar ní bheidh ionainn ach neascóid bheag ar shrón na cruinne – nó, lena rá níos binne fós, mar adúirt file Albanach mar gheall ar an Eoraip, gurb í “leithinis na hÁise í, Bálcain an domhain”. Is é sin le rá, tá an ghrian ag dul faoi san Iarthar, mar is ceart, agus ag éirí san Oirthear, mar is dual.
B’í an bhliain seo caite Bliain an Tíogair sa tSín. Bhí ciall leis sin, mar tíogar ceart ba ea an tSín i gcaitheamh na tréimhse. Nuair adeir lucht leithscéalta na tubaiste eacnamaíochta gur “géarchéim dhomhanda” faoi dear gach ar tharla dúinne abhus níl ann ach bréag bheag amháin eile ar charn an éithigh. Níor tharla aon chúlú ná titim eacnamaíochta sa tSín ná san India ná ar fud mórán de chríocha na hÁise ach a mhalairt ghlan. Ráta fáis nach mór 10 faoin gcéad a bhí ag an tSín féin agus iad ag brúchtadh leo go rábach le fuinneamh. Tharlódh toisc gur tír Chumannach is ea í, agus smacht ag an stát ar airgeadas na ndaoine is cúis leis seo; ach níl cead againn é sin a rá.
Má chomharthaigh Bliain an Tíogair rath agus séan agus speilp thar na bearta dóibh ba dhóigh leat gur bliain níos ciúine a bheadh sa bhliain seo chugainn, Bliain an Choinín. Bunnaí beag deas saonta is ea an coinín a chuireann tú isteach sa chliabhán le leanbh ionas gur féidir leis barróg a thabhairt dó. Briseann daoine fásta amach ag gol agus iad ag cuimhneamh ar aon dochar a dhéanfaí do pheata meala neamhurchóideach mar é. Ní dual do neach dochar a dhéanamh don ainmhí a bhfuil clúmh deas bog air agus ar féidir é a chuimilt mar mhalairt ar rud ar bith eile. Is mó sin duine a d’fhoghlaim léitheoireacht ón leabhar Mo Choinín Beag Deas, ach dá n-inseofaí an fhírinne b’fhéidir nach raibh sé chomh deas sin ar fad.
Níl an coinín mar a tuairisc dá reir sin. Tá siad le fáil go flúirseach sna bialanna is fearr sa tSín, fara dragan rósta, slisní de chapaill, más francaigh, guth filiméala, cliabh dódó, gualainn ghólaim, laingear leipreacháin, adharc shrónbheannaigh, muinéal eala, smaois smólaí (friuchta), gabhal ghrifin, taobh turtair, uilinn ursóige, crúb faolchon, ae aingil, dubhán dumadaíola, ribí ribí róibéis agus pé rud is mian leat ina dhiaidh sin. Muran blasta duitse iad, is deimhin gur blasta do mhuintir na Síne iad agus is uathu a fhaigheann siad an fuinneamh sinn a chur in áit na leathphingne agus an leatheuro. San bhialann Síneach is neasa dhuit, tá seans ann go bhfaighidh tú coinín wonton, agus coinín chow mein, agus coinín chop suey, agus coinín pak choi, ach ní hé sin a thabharfar air, gan amhras.
Samhail is ea an coinín, mar sin, don táirgiúlacht bhuile atá fúthu. Tugadh dosaen éigin de na créatúir dheasa seo isteach san Astráil i dtús an 19ú haois agus bhí 500 milliún díobh ann faoi lár na haoise sin. Cara liom ón tSeapáin atá anseo leis na blianta fada, baineadh geit as nuair a tosnaíodh ar an dtonn chiníochais á bualadh nuair a tháinig gormchraicnigh chugainn. Cheap sé go saonta nár bhain ciníochas ach le neachanna gormchraicneacha, seachas le tincéirí agus le Polannaigh agus le muintir Chiarraí. Nuair a d’fhiafraigh sé díom cad ba cheart dó a rá nuair a maslaíodh é, mhol mé dó a fhreagairt: “Féach, tá billiún éigin dínne ann, agus níl agaibhse ach an méid a líonfadh bosca teileafóin. Seachain!” Ní aithneodh biogóideach baoth Síneach thar Sheapáineach dá mbeadh a chlaonta ag brath air.
Tá seanfhocal ag na Sínigh a ghabhann xian zhang de meimao, bi bu shang hou zhang de huzi, cé go bhfuil sé i bhfad níos fileata ina gcuid scríbhneoireachta féin. Is é a chiallaíonn sé (deir mo theangairí liom) ná nach féidir comparáid a dhéanamh idir na malaí a thosnaigh ag fás ar dtús agus an fhéasóg a d’fhás ina dhiaidh sin. Is é adeireadh an seanmóiní leamh ná gur sinne an mala agus gurbh í an tSín an fhéasóg.
Murab ionann agus ár gcuid polaiteoirí féin, nach bhfuil cáil na filíochta orthu (seachas Michael D. Higgins), bhí a sciar féin d’fhilí ag ceannairí na Síne. Samhlaigh filíocht le hEnda Kenny nó le Gerry Adams, nó le Peter Robinson agus shamhlófá an saol gan chríoch. Ach b’fhile ba ea Mao Zedong nár aistrigh Gabriel Rosenstock ná Paddy Bushe go Gaeilge fós, cé gur dócha go bhfuil siad ina bun cheana.
Beidh siad thar a bheith áiseach nuair a thiocfaidh na Sínigh i dtír chugainn in áit in ionad coiníní beaga na hEorpa.