Bó bheannaithe agus linguistic holocaust

Cad is Oirthearachas Éireannach ann? Freagra: Irish Orientalism. Ábhar léinn is ea é

Cad is Oirthearachas Éireannach ann? Freagra: Irish Orientalism. Ábhar léinn is ea é. Níor thuigeas-sa scóip an ábhair sin gur tháinig mé ar leabhar a raibh an teideal sin air. Joseph Lennon ó Manhattan College a scríobh.

Cá dtosóimid? I bhfad siar, gan dabht. Is Oirthearaigh sinn ó cheart, a mhaígh an Canónach Ulick J. Bourke in Pre-Christian Ireland. Ach an raibh fianaise aige chuige? Sular troideadh Cath na Bóinne ba leis an Áise í Éire, tuairim an Yeatsaigh. Ach arís, fianaise, a Willy, fianaise?

Tharla go rabhas san India agus d'fhiafraigh ollamh díom cén difríocht is mó a bhí idir na Gaeil agus na Sasanaigh. Bhí bó bheannaithe ag dul thar bráid. Tá breis is 200 ainm ar Éirinn, arsa mise leis, agus ceann acu is ainm ar bhó é, an Droimeann Donn Dílis. Amhrán gleoite is ea é leis.

Agus? arsa m'ollaimhín, "where's the beef?" Sea, a deirimse, an bhféadfá bó a shamhlú mar ainm ceana ar Shasana ag Milton nó ag Tennyson? Tuigim anois thú, ar seisean.

READ MORE

Leanas orm ar an mbóthar céanna. Bhí bean ina cónaí ar bhruach na Bóinne agus dhá bhó ón India aici. Eithne ab ainm di. Ar bhainne na mbó Indiach a mhair sí ar feadh scaithimh. Is ionann an Bhóinn, ar ndóigh, agus Govinda, ainm eile ar Krishna.

Sea, ar seisean, sibhse agus na Sasanaigh, an bhfuil difríocht mhór eadraibh ó thaobh cúrsaí creidimh de? Bhuel, a deirimse, ó aimsir an Reifirméisin i leith tá toil láidir, dul chun cinn agus stóinsitheacht léirithe ag an Sasanach nuair is "Toil Dé go ndéantar" an mana a bhí ag muintir na hIndia agus muintir na hÉireann araon. Tá sé sin go léir ag athrú anois, áfach.

Is trua nach bhfuil fáil ar níos mó de litríocht na Gaeilge i dteangacha na hIndia agus vice versa. Bheadh dáimh againn le meon a chéile. Bhainfeadh muintir na hÉireann aoibhneas as scannáin Satyajit Ray, scannáin ar nós Pather Panchali nó Charulata.

Ba dheas liom féin iad a fheiscint arís agus fotheidil Ghaeilge orthu. Dar le Amartya Sen, Duaiseoir Nobel, is é atá curtha ar fail dúinn ag Ray "a remarkably insightful understanding of the relations between cultures" agus sin atá ag teastáil inniu, seachas buinneach Hollywood.

Ach an bhfuil a leithéid de rud ann agus meon Gaelach sa chéad áit - nó meon Indiach? Má tá, an bhfuil an meon sin ag athrú agus má tá, cad ina thaobh? An fearr glacadh leis na hathruithe sin, cur ina gcoinne nó bealaí nua a lorg chun an meon, nó an dúchas, a chur in iúl?

Má tá meon an Indiaigh agus meon an Éireannaigh ag athrú, dáiríre, an iad cúinsí eacnamaíochta faoi deara é? Bun agus barr an scéil cúrsaí airgid, ab ea? Níl a fhios agam. Scríobh chuig Madam má tá an freagra agat.

Síleann go leor daoine gurb iad na hollchumhachtaí is cúis le bás teanga. "There is no mystery about the root cause of the linguistic holocaust that we're living through," a dúirt John Sutherland. (Ag scríobh ar The Independent on Sunday a bhí sé agus tá an t-alt sin faoi chaibidil sa leabhar Why Do People Hate America? le Ziauddin Sardar agus Merryl Wyn Davies). D'aon ghnó a bhain Sutherland leas as caint tréan.

Bhí se ag súil go mbainfeadh an nath "linguistic holocaust" preab as daoine. Ar bhain? Is cosúil nár bhain.

Má tá "linguistic holocaust" ag tarlú - sa domhan thoir agus sa domhan thiar - conas nach scéal mór leanúnach ag na meáin chumarsáide é? Toisc gur cuid den fhadhb iad na meáin chéanna, ab ea? Is féidir saighdiúirí de chuid na Náisiún Aontaithe a sheoladh go dtí an Liobáin agus áiteanna eile chun nach leanfaí den sléacht a bhíonn ag tarlú iontu. Cé a chuirfimid chuig ceantair ina bhfuil "linguistic holocaust" ar siúl? An FBI? Fine Gael? Fionn Mac Cumhaill?

Aithníonn gach éinne againn gur tríd an gcultúr - ceol, scannáin, béaloideas, siamsaíocht, litríocht, creideamh agus mar sin de a chuirimid eolas ar phobal agus orainn féin. Pobal, a deirim. Seachas ciníocha. Níl ach cine amháin ann. An cine daonna.

Is iad na nuachtóirí is mó a mhúnlaíonn tuairimí an phobail.

Cén chuid de chultúr an Oirthir is an Mheán-Oirthir atá á scagadh is á scaipeadh ag na meáin in Éirinn - cultúr na Pacastáine, na hAfganastáine, na hIaráice, na hIaráine, abair? Scéalta uafáis is mó a fhaighimid, scéalta chailleach an uafáis, agus dá réir sin tá ár ndomhanphictiúr ar sceabha.

Ar aon chuma, faoi mar a dúradh, thuas, bhíos i lár comhrá le hollamh i nDeilí. Ghabh bó bheannaithe eile thar bráid. Bóthar, arsa mise, "bó thar bhó" is brí leis sin. Faoi mar a shamhlófá, bhí seisiún sanasaíochta againn go maidin! Cuid den seanchas chuirfeadh sé soir thú!

Tá scéal cloiste agam faoi thaistealaí i nGaeltacht na hAlban. Taispeánadh lámhscríbhinn Ghaeilge do. Cén teanga í sin? arsa an taistealaí. "Sanskrit, sir!" an freagra a fuair sé. Bhris fear eile isteach sa chomhrá ansin agus dúirt nach "Sainscrit" chuige é ach "Seanscríobh".

Sea, is fada daoine ag déanamh ceangail idir an Ghaeilge agus an tSainscrit. Bhí Seán Ó Riada den tuairim go raibh ceol na hÉireann gaolta ar chuma éigin le ceol na hIndia. Meabhraíonn sé sin dom gur bhain an FBI úsáid as píb mhór na hAlban mar uirlis chun an cultas buile Branch Davidian a chrá.

A chrá, a dhuine. A chrá! An phíb mhór, sea, agus tar éis cúpla ríl cad a sheinneadar trí na callairí ach gol coiníní is iad ag fáil bháis. Ar dhein Cumann na bPíobairí gearán leis an Teach Bán? Nó Cumann na gCoiníní má tá a leithéid ann?

An Oirthearaigh sinn ó dhúchas? Seanscéal ceart is ea é gur teanga í an Ghaeilge a cuireadh le chéile as míreanna na dteangacha go léir aimsir Thúr Baibéil. (Na míreanna ab fhearr, gan amhras). Luaitear i ngraiméar ón seachtú haois é.

Scéal is ea é atá ar eolas ag Umberto Eco agus deir sé sa leabhar Ar Thóir na Teanga Foirfe/Ricerca della lingua perfetta:

"It was the first, programmed language, constructed after the confusion of tongues, and created by the seventy wise men of the school of Fenius..."

Má thagann Enda Kenny go dtí an doras (nó éinne acu!) agus é ag lorg do vóta, abair "Cuimhnigh ar Thúr Baibéil" agus fág mar sin é.

Beidh oíche cheoil, Fí an Dúchais Choitinn, leis an cheoltóir Gary Hastings agus an amhránaí, Brian Mullen, ar siúl anocht ag 7.30pm, i Lios na nÓg (Cullenswood House), Bóthar Oakley, Raghnallach, BÁC.

Eolas: www.ranelagharts.org