Tá cáineadh géar déanta ag páirtithe an fhreasúra agus eagraíochtaí teanga ar chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an scéim marcanna bónais don Ghaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin gur “teip thubaisteach” a bhí i ndán don chóras nua atá le teacht in áit scéim na marcanna bónais agus go raibh an baol ann go mbeadh “Béarla éigeantach don phobal lena gcuid gnóthaí a dhéanamh leis an Stát”.
D’fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go raibh deireadh á chur le scéim na marcanna bónais agus córas coúta nua le cur ina háit a chuirfeadh 6 faoin gcéad de phostanna sa státchóras i leataobh do dhaoine le Gaeilge.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, go gcinnteodh an córas nua go mbeadh Gaeilge ag líon áirithe d'fhostaithe den chéad uair ó cuireadh deireadh le "Gaeilge éigeantach" sa státseirbhís i 1974.
'Teip'
Dúirt an Coimisinéir Teanga, áfach, gur "deis caillte" a bhí ann. "Déanfaidh an córas nua an teanga a imeallú tuilleadh sa chóras rialacháin poiblí. Níor oibrigh córas na marcanna bónais roimhe seo mar nár cuireadh i bhfeidhm mar is ceart é ón chéad lá.
"Theip air agus teipfidh chomh tubaisteach céanna ar an gcóras nua atá molta. Deis a ligeadh le sruth í seo dul i ngleic go cuimsitheach leis an gceist chun réiteach ceart a fháil. Ní threiseoidh an leasú seo an teanga sa chóras stáit ach a mhalairt a dhéanfaidh sé."
'Buille'
Chuir uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, easpa crógachta i leith an Rialtais agus dúirt gur "buille eile do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge" a bhí sa chinneadh deireadh a chur leis an seanchóras gan córas "sásúil" a chur ina áit: "Ní leor an socrú nua go mbeidh 6 faoin gcéad de phainéal na státseirbhíse ar fáil d'fhostaithe nua le Gaeilge. In ionad a bheith uaillmhianach, cróga agus an rud ceart a dhéanamh tá an Rialtas chun an tseirbhís Ghaeilge ón Stát do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a lagú níos mó."
'Céim ar gcúl'
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) gur "céim an-mhór ar gcúl" a bhí sa chóras nua a dhéanfadh "go leor dochair".
Ba léir dó nach raibh aon phlean ar leith ag an Rialtas don Ghaeilge ach an teanga “a chur go tóin poill”.
Chuir iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív (FF) easpa pleanála i leith an Rialtais chomh maith: “Dá leanfaí an cineál polasaí atá i gceist ag an Rialtas seo sna hathruithe a chuir Patten i bhfeidhm ar an gcóras póilíneachta ó thuaidh, ní thiocfaí go brách ag an gcothromas atá á lorg ag daoine ó thaobh Chaitlicigh agus náisiúntóirí a bheith sna póilíní.”
Mhol an Coimisinéir Teanga go ndéanfaí athmhachnamh ar chinneadh na seachtaine seo caite: “Bheinn ag súil, cé nach mbeadh dóchas mór agam, go bhféadfaí athchuairt a thabhairt ar an ábhar seo nuair a bheadh leasuithe ar an Acht Teanga á phlé i dTithe an Oireachtais mar go raibh an cinneadh seo níos bunúsaí agus níos tábhachtaí ná aon leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Acht.”