CHUAS CHUN Ice Age 4: Continental Drift a fheiceáil an lá faoi dheireadh in éineacht le mo pháistí. Bhaineamar an-sult as.
Tá téamaí agus carachtair ón tsraith (trí scannán roimhe seo) ar ais linn arís. Manny Mamat atá pósta anois agus cúraimí clainne air. Sid Spadán a bhfuil dualgais dá chuid féin air – caithfidh sé aire a thabhairt dá sheanmháthair atá imithe le craobhacha – agus Diego Tíogar. Nach fíochmhar é. Ní hea, tá cuma níos séimhe anois air toisc go dtiteann Diego i ngrá le tíogar coimhthíoch agus é i bhfad óna cheantar dúchais féin.
Mar is dual do pháistí cuireadh mórán ceisteanna orm ar an tslí abhaile ón bpictiúrlann, cuid acu gan freagairt in ainneoin mo ghaoise.
Cad a tharla do na mamait, a Dhaid? An bhfuil siad reoite faoin leac oighir i gcónaí nó an féidir linn iad a théamh ionas go dtiocfaidh siad ar ais ar an saol arís? An bhfuil an chuma chéanna orthu anois agus a bhí orthu sa scannán? An mbuailfimid leo lá éigin amach anseo ar Neamh?
Cosúil le gach scannán dá leithéid, is féidir glacadh leis an scannán seo faoi mar atá sé, mar phíosa spraoi, nó is féidir teachtaireacht éigin a thabhairt abhaile leat.
Tá na ceachtanna nó na teachtaireachtaí sin folaithe sa scéal, mar a bhí sa chéad chúpla scannán roimhe. An ceacht is tromchúisí ná cruachás an chomhshaoil agus an tslí ina dtéann na fadhbanna comhshaoil sin i gcion ar na hainmhithe sa scéal áirithe seo – agus ar an dúlra trí chéile.
Athrú aeráide, téamh domhanda, crapadh na hoighearchaidhpe, ganntas uisce ghlain, truailliú, ró-iascaireacht, róshaothrú ar acmhainní nádúrtha ag sciar bheag den daonra – saint, cad eile!
In Ice Age: Contintental Drift, scartar na hainmhithe óna chéile toisc ardú farraige (súnámaithe beaga), an leac oighir ag leá agus crith talún a thagann sa mhullach ar na tubaistí eile seo.
Mar is léir ón scannán seo, greannmhar mar atá sé, níl aon teorainn le díoltas an domhain má chuirtear isteach ar chórais na timpeallachta. Imíonn na gnáthrialacha amach an fhuinneog.
Tá tábhacht faoi leith ag na haigéin san éiceachóras domhanda, gan dabht. Ar shlí is í gluaiseacht na taoide a rialaíonn an bheatha – idir bheatha dhaonna, na hainmhithe, na plandaí agus eile. Ach de réir tuairiscí na saineolaithe go léir, tá na fadbhbanna thuasluaite – an téamh domhanda, crapadh na hoidhearchaidhpe agus eile – ag méadú in aghaidh na bliana seachas a mhalairt.
Tá na fabhbanna gruama seo thar a bheith práinneach agus an chuma orthu – go háirithe na hathruithe atá ag tarlú sna haigéin – go bhféadfadh siad a bheith tubaisteach amach is amach gan mhoill. Ní gá an baol a mheabhrú do mhuintir na Seapáine, na hIndinéise agus na Téalainne nuair is ar leac an dorais atá na comharthaí le feiceáil acu.
An ghné is scanrúla ar fad faoin dúshlán ollmhór seo ná go ndeir na saineolaithe linn nach leor gníomhartha rialtais idirnáisiúnta agus prótacail agus a leithéid sin chun an fhadhb a réiteach. Tá díghrádú na mara ag tarlú anois níos tapúla ná mar a tuaradh roimhe seo, na haigéin ag téamh níos tapúla agus uiscí na n-aigéan céanna ag éirí níos aigéadaí an t-am ar fad. Tá Dia na farraige, Manannán Mac Lir, curtha as a mheabhair againn.
Ba liosta le háireamh iad na speicis mhara iomadúla atá i mbaol anois. D’áitigh na heolaithe go bhfuil seacht speiceas tuinnín, mairlín agus ronnach i mbaol a ndíothaithe anois, speicis a bhfuil tábhacht tráchtála leo gan trácht ar thábhacht na héiceolaíochta de. Caithfidh brú teacht ó ghnáthshaoránaigh anois chun éiceachóras na mara a chosaint as seo amach, agus chun tuilleadh díghrádaithe mara a stopadh.
Níl dóthain éifeachta ag rialúcháin oifigiúla ná ag rialtais. Cén fáth nach bhfuil an teachtaireacht phráinneach sin á scaipeadh níos forleithne, a deir tú? Nach bhfuil an t-uafás scríofa faoi na fadhbanna sin cheana féin?
Is rud thar a bheith faiseanta é ag polaiteoirí, ceiliúráin, na meáin agus lucht na bunaíochta ach go háirithe a bheith ag léiriú imní faoin dtimpeallacht. B’fhéidir gurb é sin an fáth nach bhfuil an phráinn a bhaineann leis an gceist seo á craobhscaoileadh i gceart.
Éiríonn daoine thar a bheith ciniciúil nuair a fheiceann siad daoine mór le rá a bhfuil an t-uafás airgid acu agus iad ag léiriú a mbuartha i leith an tíogair bhoicht sin atá i mbaol a dhíothaithe in áit éigin i bhfad uainn san Áise. Agus cad faoi na ceiliúráin sin a roghnaíonn cúis amháin nó cúis eile agus a thugann cuairt ar thíortha bochta (na hirisí Hello agus eile ag taifeadadh gach coiscéim dá slí ar ndóigh), tír bhocht éigin inar thit tubaiste mhór amach (crith talún, abair) ionas gur féidir leo an damáiste a fheiceáil dóibh féin; cheapfá gur leo féin an tír áirithe sin i ndáiríre.
Cad faoi na daoine mór is fiú sin a théann thar sáile chun súil a chaitheamh ar na hórang-útain dheireanacha – nó chun iad a uchtú! (Cuid de na ceiliúráin chéanna uchtaíonn siad páistí fiú ó thíortha an tríú domhan – tá ábhairín den iarchoilíneachas ag baint leis an obair seo ar fad, nach bhfuil?).
Dá mbeifeá ciniciúil faoi, d’fhéadfá a rá go raibh sé rófhurasta a bheith buartha mar gheall ar rudaí a thiteann amach na mílte míle i gcéin uait – go mór mór nuair a chiallaíonn sé go bhfuil glacadh leat ag bunaíocht do thíre féin de thairbhe na ráiteas tábhachtach atá á n-eisiúint agat faoin dtimpeallacht.
I ndomhan seo na gceiliúrán agus na twitterati, b’fhéidir gurb é fírinne an scéil é ná go mbáitear na guthanna agus na ráitis sin – na hintleachtaithe, na smaointeoirí agus na ceannairí is fiú éisteacht leo agus go dtagann guthanna áiféiseacha na n-amadán chun tosaigh sa challán doshrianta.
I measc mhór-reiligiúin an domhain, cá bhfaighfeá an fhealsúnacht agus an diagacht nua-aimseartha is forbartha dá bhfuil ann ar cheisteanna glasa – agus mórintleachtaithe agus morfhealsúna an domhain laistiar de?
An slua is mó a tháinig le chéile san Astráil, beagnach leathmhilliún duine (daoine óga a bhformhór acu) d’éist siad le seanleaid darbh ainm an Pápa Beinidict (sea, Rótvaidhléir Dé mar a thugtar go heasumhal air) agus é ag plé ceisteanna móra comhshaoil ár linne agus peaca an truaillithe. Ag ráschúrsa Randwick i Sydney na hAstráile a tharla an slógadh glas sin.
Deir an aestéitidil Chaitliceach faoin gcomhshaolachas go bhfuil nasc ag an timpeallacht nádúrtha leis an duine ar bhonn mothúchánach agus spioradálta araon. Go bunúsach, áitíonn an Eaglais nach earra atá sa duine eile. Féirín is ea an uile ní a cruthaíodh, féirín atá le bronnadh ar a chéile seachas earra chun dúshaothrú a dhéanamh air.
Tá truailliú agus truflais go forleathan ann agus b’fhéidir go bhfuil a leithéid de rud ann anois agus truailliú intleachtach, leis, an iomarca guthanna sa strataisféar agus gan mórán in aon chor le rá ag a bhformhór mór acu.
Níl cur amach rómhaith agam ar an Qúrán, faraor, ach is cinnte go bhfuil an Bíobla agus an Tiomna Nua breac le tagairtí don timpeallacht agus an domhan nádúrtha agus an dualgas atá orainn é a chaomhnú agus gan é a lot don chéad ghlúin eile. Creideann daoine áirithe, áfach, go raibh muinín rómhór ag an gCruthaitheoir asainn: “Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.” (Geineasas, 1.28)
Tugadh an iomarca cumhachta dúinn agus tá a fhios againn go léir faoi mar a théann an chumhacht i bhfeidhm orainn. Ach tá daoine ann a shéanann an chumhacht, pearsaí móra na Críostaíochta, leithéidí Naomh Froinsias a dhein ceiliúradh sa luath-Iodáilis ar an domhan nádúrtha is a bhfuil ann.
baol danger – brú pressure – buartha worried – ceiliúradh celebration – daonra population – díoltas revenge – domhanda global – dúlra nature – dúshlán challenge – earra goods – éiceachóras ecosystem – fealsúnacht philosophy – fíochmhar fierce – nádúrtha natural – saint greed – sraith series – teorainn border – truailliú pollution – tubaiste disaster