Litir ó léitheoir i Meiriceá a spreag colún na seachtaine seo. Duine a bhí san údar a d'fhoghlaim Gaeilge lá den saol ach a raibh seal fada caite aige sna Stáit Aontaithe. Bhí sé ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge agus cuidiú le haistriúcháin.
Níor dhoiligh é a chur ar an eolas faoi chúpla suíomh Idirlín ach bhí rud inteacht san fhiafraí a thug le fios go raibh náire air as aistriúchán a iarraidh. Cad chuige a mbeadh? Is é rud gur cheart go gcaithfimis uilig níos mó ama i mbun aistriúcháin lenár dteanga féin a shaibhriú.
Níor fhág leithéid Sheosaimh Mhic Grianna dea-cháil ar aistriúcháin an Ghúim. Is cuid den aeráid chultúrtha é gur sclábhaíocht gan scilling fhiúntach a bhí san obair chéanna. Níor cheart neamhiontas a dhéanamh dá dtaithí ach caithfidh muid a rá gur fhág an scéim chéanna roinnt leabhar againn ar fiú a léamh mar mhaithe le teanga a shaibhriú; tá Eadar Muir is Tír ar cheann acu.
Standish O'Grady a scríobh an bunleabhar Béarla ach fear de bhunadh Thír Chonaill, Niall Johnny Shéamaisín Ó Domhnaill, a d'aistrigh go Gaeilge. Sa bhliain 1935 a foilsíodh an chéad leagan agus d'fhoilsigh an Gúm leagan cóirithe i 1997. An leagan sin atá faoi chaibidil anseo.
Is beag duine - diomaite de Chumann Tacaíochta Standish O'Grady gan amhras - a léann saothar O'Grady ar na saolta seo. Saoithiúil, mar sin, a smaoineamh go bhfuil Standish ag fáil an dara léamh de bharr aistriúcháin Ghaeilge. Is beag aird a bheidh ag léitheoir ar an scéal - cé nach olc ar fad é - ach is í an Ghaeilge a mheallann thú. Don té ar spéis leis canúint na gConallach, tá nithe ar leith anseo a ghealfaidh do chroí, ach tá nithe ann fosta a chuirfidh i gcuimhne do léitheoir gur teanga shimplí ina hanam istigh í an Ghaeilge.
Lúbann na preasráitis, na tuairiscí nuachta agus an béarlagair comhaimseartha an teanga as riocht; rómhinic a cheapann droch-chumadóireacht nó aistriúcháin tútacha ár n-aigne i líon an chíor thuathail. Sea, tá an teanga á haclú agus á hathrú ach is féidir an t-aclú agus an t-athrú a stiúradh. Níl sna focail nua ach craiceann ar an chreatlach; ní cnámha ná feoil na colainne iad.
Éiríonn an teanga casta siocair nach gcuireann muid an trioblóid orainn féin minic go leor í a shaibhriú agus, ó tharla ár bhfoclóir bheith tanaí, brúnn muid focail agus abairtí isteach i spás poiblí nach bhfóireann dóibh.
"Nocht do chuid intleachta agus meáigh an chuid sin," a scríobhann Niall Johnny Sheamaisín. Lig do na habairtí nádúrtha greim a fháil ort le go mbeifeá "chomh folláin aigeantach le fia". An duine "beo-intinneach" thú ar cás leis an scéal seo nó duine "dallintinneach dallchroíoch" ar cuma sa sioc leat? An bhfuil tú chomh "ceannard" sin nach gá duit seo a léamh nó an ndéanann tú do chuid oibre "go téirimeach" nó "go stalcach"?
B'fhéidir gur duine thú a fuair "tiortáil" i do lá nó an mbaineann tú le lucht cúise, "ag machnamh mar a bheadh gabhar deorach ar a nead go dtí go mbíonn ceo ar m'inchinn agus gan smaoineamh dá laghad ag faibhriú inti".
Agus níl cinnteacht ar bith ann go mbeidh na freagraí i gcónaí le fáil i bhfoclóir. Scríobhann Ó Domhnaill i sliocht amháin "nár shíl siad a dhath de ach oiread le bóblachan iomarcach".
Níl an focal sin i bhfoclóir Uí Dhónaill. Níl tuairim ag an fhoghlaimeoir seo cad é an chiall atá leis. Earráid chló? Ar cheart 'bó blachan' bheith ann? Más ea, ní cuidiú ná cuidiú é sin. Sábhlaimis 'bóblachan' inniu agus an chuid eile den teanga amárach: pomuiri@irish-times.ie