BEOCHEIST:AGUS AN Tíogar Ceilteach marbh, tá Éire fágtha ar fhorimeall na hEorpa, mar cheann de na "stáit fhorimeallacha", an chuid den Eoraip nach bhfuil ag éirí go maith léi. Níl sé ar intinn agam cúiseanna na tubaiste sin a mhíniú – tá colúnaithe níos oilte ná mé ag gabháil don obair – ach ba mhaith liom ceist a chur: conas ar chóir dúinn plé lenár stádas forimeallach nua?
Ceacht beag staire i dtús báire. Ní féidir bheith ag caint faoi Eoraip amháin. Bhí dhá Eoraip ann i gcónaí riamh. Bhí na buaiteoirí agus na caillteoirí ann. Bhí an tuaisceart agus an deisceart ann. I dtús báire bhí an deisceart “Rómhánach” agus an tuaisceart “barbarach”.
I rith na Meánaoise agus in aimsir Athbheochan an Léinn tháinig an chuid is mó den gcultúr Eorpach ón Iodáil. Ach ina dhiaidh sin fuarthas an tslí go dtí an tOileán Úr. D’éirigh an tAtlantach níos tábhachtaí ná an Mheánmhuir. Ag an am céanna cuireadh tús le tionscal na clódóireachta sa Ghearmáin, agus thosaigh an Leasú Creidimh ansin freisin, a rinne deighilt bhunúsach san Eoraip idir tuaisceart Protastúnach (don gcuid is mó) agus deisceart Caitliceach. Sna céadta a chuaigh tharainn, bhí an gnó agus an tráchtáil agus an tionscal ar siúl i dtuaisceart na hEorpa, agus bhí an deisceart ag dul i laige.
Anois tá an tAontas Eorpach i réim, agus ón dtús bhí sé ag plé leis an difear idir an tuaisceart agus an deisceart. Leoga, tá dhá Eoraip ann go fóill, ach anois tá ainmneacha nua orthu: an lár agus an forimeall. Is é an lár é an Ghearmáin, an Fhrainc agus Sasana, na tíortha Benelux agus na tíortha Lochlannacha, gan trácht ar oirthear na hEorpa. Is é an forimeall é an Phortaingéil, an Spáinn, an Ghréig, deisceart na hIodáile... agus Éire. Is é sin, tíortha Caitliceacha don gcuid is mó, tíortha Meánmhuirí don gcuid is mó. Stáit fhorimeallacha, a thugtar go drochmheasúil orthu. Ach an mbaineann Éire leis an dream sin le fírinne? Measann na hÉireannaigh nach bhfuil mórán i bpáirt acu le tíortha deisceart na hEorpa, ach amháin dul ann ar a laethanta saoire.
Leoga, ní maith leis na hÉireannaigh bheith ar fhorimeall na hEorpa ar chor ar bith. Ba mhaith leo bheith ina mbuaiteoirí, mar chuid den domhan Angla-Mheiriceánach. “Vibrant modern Ireland” atá uathu. Nuair a bhínnse ar ais in Éirinn i ré an Tíogair – agus is duine mé a chaith cuid mhaith dá shaol i Meiriceá Thuaidh – chuireadh sé ionadh orm bheith ag éisteacht le mo mhuintir, gan trácht acu go deo ach ar phraghsanna tithe agus gluaisteán, díreach mar a bheadh Meiriceánaigh ann!
Bíodh gurb ea, tá baint stairiúil nádúrtha ag Éirinn leis an bhforimeall Eorpach. Is ansin a fhaightear na tíortha nach bhfuil traidisiún na tionsclaíochta acu, ach traidisiún na talmhaíochta. Sin é an difear mór idir na Gearmánaigh, abair, agus sinn féin. Ós rud é go bhfuil traidisiún na tionsclaíochta acu siúd, bíonn cruinneas, smacht agus slacht acu ina gcuid oibre nach bhfuil aimsithe againne go fóill. B’fhearr leo smacht ná saoirse. Ach ar mhaith linn bheith mar na Gearmánaigh? Tá buanna eile ag muintir an fhorimill. Ní fheadar cad iad?
Bhí fear ann leis na blianta a bhíodh ag scríobh faoi fhorimeall na hEorpa agus a chreid ann: Albert Camus. B’fhuath leis Páras. Ba bhreá leis an Ailgéir, a thír dhúchais féin. Ba bhreá leis an Mheánmhuir agus solas na gréine. Mheas sé go raibh eagnaíocht ársa ag baint leis an tírdhreach sin.
La pensée de midia thug sé uirthi: smaointeachas an mheán lae (ós é sin an t-am den lá ina mbíonn gach rud soiléir don tsúil), ach freisin smaointeachas an deiscirt, ag tagairt don dá bhrí atá leis an bhfocal midii bhFraincis. Cheap sé go raibh luachanna daonna áirithe ag baint leis an Mheánmhuir a raibh dearmad déanta orthu ag an tuaisceart tionsclaíoch. Ag féachaint ar ais dó ar ré Hitler agus Stalin, mheas sé go mbeadh ar chumas na luachanna síoraí sin an Eoraip iarchogaidh a leigheas.
Dar le Camus, feiceann daoine Meánmhuirí an saol mar atá sé – ní mar a d’fhéadfadh sé a bheith, nó mar a theastaíonn uathu go mbeadh sé. Is fearr leo “fomhar gann a gcuid páirceanna féin” ná saibhreas an domhain uile.
Bíonn siad flaithiúil, mórchroíoch. Bíonn siad sparálach ar acmhainní agus measartha ina n-uaillmhianta. Bíonn siad mar an laoch Odaiséas, a thogh oileán beag Iticé, “an talamh dúchais dílis”, thar saol leis na déithe.
An bhfuil rogha againn ar an tionsclaíocht agus na margaí airgeadais uilechumhachtacha? Bhí samhail éagsúil d’fhorbairt na hEorpa ag Camus, agus is fiú é a athléamh. Tá samhail éigin nua de dhíth ar an Eoraip dheighilte anois, agus seans ann go dtiocfaidh sí ní ón lár ach ón bhforimeall.