Tá borradh anois faoi chomóradh Mháirtín Uí Chadhain, údar mór a tháinig ar an saol tá 100 bliain ó shin. Ní fada ó d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta agus Raidió na Gaeltachta leagan drámatúil dá úrscéal máistriúil ceannródaíoch, Cré na Cille, ar ocht gcinn de dhlúthdhioscaí; tá dhá ghearrscéal dá chuid ar fáil i leagnacha nua Béarla agus craolfaidh RTÉ clár faisnéise faoin Chadhnach sa tsraith, Arts Lives, Dé Máirt 26ú, Meán Fómhair.
Ach, ar dtús, an leagan drámatúil de Cré na Cille. Is maith mar a fhóireann meán an raidió don saothar: "Éistear le mo ghlór." Agus éistear. Ní féidir le duine gan éisteacht; ní féidir leis na cluasa diúltú do na focail.
Tá samhlaíocht ag baint leis an leagan a léirigh Raidió na Gaeltachta thiar sa bhliain 1973 agus is iontach mar a chóirigh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha an t-úrscéal don stáisiún nua (mar a bhí ag an am).
Is maith mar a roghnaigh sé a chuid aisteoirí agus is maith mar a thuig a chuid aisteoirí a ndualgas agus a n-ealaín. Ocht ndlúthdhiosca atá sa leagan drámatúil; ocht gcaibidil as Bíobla Chonamara Uí Chadhain. Cruinne ann féin an uile dhlúthdhiosca; pláinéad ar leith é an uile mhír i gcóras gréine na Gaeltachta agus taiscéaladh a dhéanann an léitheoir i gcuideachta na gcarachtar.
Bhíodh sé (bíonn sé) le maíomh ag lucht cáinte na Gaeltachta gur bhain sí agus gur bhain a pobal le haois a bhí caite. Níorbh údair chearta iad údair na Gaeltachta, i gcomparáid lena gcomhghleacaithe Béarla. Agus seo leabhar agus seo leagan raidió den leabhar céanna a bhréagnaíonn an téis sin. Bí ag caint ar chré bheo; bí ag caint ar charachtair a labhraíonn leat as an uaigh, a thugann misneach duit.
Ní cainteoir dúchais mise agus is i bhfad ó Ghaeilge Uí Chadhain a tógadh mé. Bíodh sin mar atá, níor chuir an chaint mearbhall orm. Tá foghraíocht na n-aisteoirí thar barr agus meallann siad an t-éisteoir lena nglórtha.
D'éirigh le Ó Cadhain saothar a chumadh in úrscéal na cré nach féidir a aistriú go Béarla, rud nach ionann is a rá nach féidir Béarla a chur air. Is féidir Béarla a chur ar gach rud ach cén t-údarás ná ceart atá ag an Bhéarla ar Ó Cadhain nó ar a chuid léitheoirí? Ní thabharfadh an Béarla a gceart dá phobal; ní léiríonn an Béarla meas ar bith orthu. (Mar nár thug sé a gceart dóibh nuair a mhair siad beo?)
Ach níl éalú ar an Bhéarla sa lá atá inniu ann. Moltar, mar sin, misneach na n-aistritheoirí atá sásta tabhairt faoi shaothar Uí Chadhain agus é a aistriú go dtí an dara teanga oifigiúil.
Tá dhá scéal dá chuid - Ciumhais an Chriathraigh agus An Strainséara - aistrithe go Béarla ag Louis de Paor, Mike McCormack agus Lochlainn Ó Tuairisg. Éiríonn thar barr leo triúr iad a thiontú go Béarla agus tá dínit ag baint lena leaganacha: "Every morning she had breakfast before sweeping the kitchen and putting the ashes out. Looking up from the chimney-corner today, the house seemed dirty in a different way than before. She couldn't stand it."
Léifear na scéalta Béarla mar scéalta iontu féin agus ba cheart go gcuirfeadh siad i gcuimhne do dhaoine arís an luach a bhaineann leis an Chadhnach. Iarracht ionraic atá anseo canóin liteartha na tíre a chur ina ceart. Ní féidir labhairt ar litríocht na hÉireann gan labhairt ar Mháirtín Ó Cadhain.
Éistear le mo ghlór. Éistear go deo leis.
Tá an leagan drámatúil de Cré na Cille ar dlúthdhiosca le fáil sna siopaí. Dhá Scéal - Two Stories arna fhoilsiú ag Arlen House.