Céad bliain slán

Sa tseachtain deiridh de mhí an Mhárta 1908 a bunaíodh Cumann Gaelach Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus chun comóradh…

Sa tseachtain deiridh de mhí an Mhárta 1908 a bunaíodh Cumann Gaelach Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain bheith slán ag an gcumann beidh dinnéar ceiliúrtha oíche amárach in Óstán Radisson, Baile Átha Cliath.

Bhí tionchar nach beag ag an chumann ar shaol na hollscoile agus d'fhág go leor iarbhall a lorg ar shaol na tíre. I measc na reachtairí bhí an tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh, an foclóirí Tomás de Bhaldraithe, ceannasaí Ghael Linn, Dónall Ó Móráin, agus a iníon Muireann, stiúrthóir an Chomhairle Gaelscolaíochta agus Scoileanna Gaeltachta. Le linn dó bheith ina reachtaire ar an chumann ag tús na 1990í bhailigh Fionnán Ó hÓgáin airgead chun plaic a chrochadh sa choláiste agus ainmneacha na reachtairí greanta air. Ar na haíonna speisialta ag an dinnéar amárach beidh an tAire Éamon Ó Cuív a bhí ina bhall den chumann agus an tráchtaire spóirt Mícheal Ó Muircheartaigh.

Níl miontuairiscí ar fáil den chéad chruinniú i mí an Mhárta 1908 ach tá tuairisc in iris Chonradh na Gaeilge An Claidheamh Solais, a raibh Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir air ag an am, ar an chéad chruinniú. Bhí Tomás P. Ó Nualláin, léachtóir Gaeilge sa chathaoir agus is é a thug an chéad léacht "An Chathair agus an Choitcheanntacht". Bhí Ó Nualláin pósta ar Mháire de Buitléir, bean a dtugtar an chreidiúint di as an t-ainm "Sinn Féin" a bháisteadh ar an ghluaiseacht a bhunaigh Art Ó Gríofa. Ach níl aon tuairisc uirthi nó ar bhean ar bith eile bheith i láthair ag an chruinniú seo ná ag an chruinniú i mí na Samhna ag ar toghadh na hoifigigh.

Ceapadh an tOllamh Gaeilge sa choláiste, an tAthair Éamonn Ó hÓgáin C.Í. ina uachtarán, agus an tOllamh Patrick Semple agus Tomás Ó Nualláin ina leasuachtaráin. Art Mag Uidhir, cainteoir dúchais ó Chontae an Chláir a ceapadh ina rúnaí. Chuaigh Mag Uidhir le hiriseoireacht i Londain agus fuair bás go hóg sa chathair sin. B'as an Daingean i gCiarraí don chisteoir, Pádraig Mac Domhnaill agus ar an choiste bhí Liam Ó Briain, Pádraig Ó Tuathail, agus Brian Ó Beirn. Bhí Ó Briain ina dhiaidh sin ina ollamh le Fraincis sa choláiste agus bhí páirt aige in Éirí Amach na Cásca. Scríobh sé cuntas beoga soléite ar imeachtaí na seachtaine sin i leabhar dar teideal Cuimhní Cinn. Ar feadh na mblianta bhí sé ar Bhord Stiúrtha Thaibhdhearc na Gaillimhe agus d'aistrigh sé a lán drámaí go Gaeilge. Nuair a bhí an Cumann Gaelach ag comóradh a iubhaile órga bhí Ó Briain i láthair ann. Thuill Brian Ó Beirn clú mar scríbhneoir Béarla faoi ainm Donn Byrne.

READ MORE

Ba é príomhghnó an chruinnithe i mí na Samhna socruithe a dhéanamh do mhórchruinniú an chumainn agus cinneadh go léifeadh T. P. Ó Nualláin páipéar dar teideal "An Ghaeilge agus an Ollscoil Nua". Bhí ollscoil náisiúnta beartaithe ag rialtas na Breataine don tír seo agus bhí Conradh na Gaeilge ag éileamh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach i scrúdú iontrála na hollscoile nua.

Bhí an cheist ina hábhar conspóide sna nuachtáin agus ar an ábhar sin bhí slua mór i láthair ag mórchruinniú an chumainn san Aula Maxima i dTeach Newman ar Fhaiche Stiabhna ar 30ú Samhain 1908. Is é Eoin Mac Néill a bhí sa chathaoir. Mar a tharla bhí Tomás Ó Nualláin breoite agus léigh Séamus Ó Dubhghaill an páipéar thar a cheann. Labhair Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Dr. Seán Mac Enrí, beirt bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. Ach is í an chaint a thug uachtarán an choláiste, an tAthair William Delaney C.Í, a chuir ina luí ar an Chonradh go mbeadh troid rompu chun a éileamh a bhaint amach.

Agus é ag caint i mBéarla dúirt an t-uachtarán go raibh sé i bhfabhar an Ghaeilge a theagasc sa choláiste ach go raibh sé in aghaidh an teanga bheith ina hábhar éigeantach don Mháithréanach. "Chuirfeadh Gaeilge éigeantach ár muintir agus ár gcairde thar lear ó dhoras," a dúirt sé. Spreag an chaint sin an Conradh chun dul i mbun feachtas mór náisiúnta agus bhí páirt ag Cumann Gaelach an choláiste ann. Ghlac siad páirt i mórshiúil faoi thóirsí tríd an chathair i 1909 agus meirgí móra á n-iompar acu "No Irish, No Students, No University" agus "Masla na Gaeilge, Easpa Mac Léinn, Truagh Ollscoile".

Ní móide go mbeidh duine ar bith ag an dinnéar amárach a mbeidh cuimhní aige nó aici ar bhlianta tosaigh an chumainn ach is cinnte go mbeidh cuimhní go leor ar ócáidí eile i stair an Chumainn, ar na hachrainn a bhí ann idir na baill agus údaráis an choláiste, ar na hachrainn a bhí eatarthu féin agus dar ndóigh ar na cleamhnais a snaidhmeadh ag imeachtaí de chuid an chumainn. Is fada an tréimhse 100 bliain. Go maire sé 100 eile.

Eolas: 085-8151446 nó cumanngaelachucd@gmail.com