Ceannrodaiocht ollscoile agus cumasu pobail

Ba ócáid stairiúil í seoladh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé hAoine seo caite. Is coláiste…

Ba ócáid stairiúil í seoladh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé hAoine seo caite. Is coláiste taobh istigh den ollscoil é an tAcadamh. Ba é an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, a rinne an seoladh agus ba é Uachtarán na hollscoile, An Dr. Iognáid Ó Muircheartaigh a thug tuiscint don slua a bhí i láthair ar thiomantas an Acadaimh agus na hollscoile don ollscolaíocht trí Ghaeilge ar champas na hollscoile féin agus freisin in ionaid Ghaeltachta agus 22 ionad eile in abhantrach na hollscoile ó Bhaile an Sceilg go hiarthuaisceart Dhún na nGall, a scríobhann Peadar Mac an Iomaire.

Sa bhliain 2000, rinne an ollscoil athbhreithniú mór ar a cuid gníomhaíochtaí i réimse na hollscolaíochta Gaeilge. Ba é a thoradh sin go ndearnadh Plean Straitéiseach nua a ullmhú d'fhorbairt na hollscolaíochta trí Ghaeilge, plean a cuireadh faoi bhráid an Rialtais.

Is í an aidhm atá ann ná an earnáil sin a fhorbairt ar bhealach fócasaithe agus inmharthana.

Is í an fhealsúnacht atá sa straitéis soláthar a dhéanamh de riachtanais na gcainteoirí Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta trí chláir, chúrsaí agus ghníomhaíochtaí taighde acadúla a chur chun cinn, i réimsí a bhfuil tábhacht forbartha pobail ag baint leo agus trí thionscnaimh i réimsí éagsúla a chur ar bun ón obair uileghabhálach sin.

READ MORE

Thug muid le fios Dé hAoine gur dhírigh an straitéis forbartha ar dheiseanna oideachais atá ar fáil trí mheán na Gaeilge do chainteoirí Gaeilge a mhéadú sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di agus cur ar bhealach dearfach le saol sóisialta eacnamaíoch cultúrtha agus teangeolaíoch na bpobal Gaeilge.

Tá machnamh déanta ar struchtúir agus ar bheartais ghaolmhara na hollscoile ar a n-áirítear athbhreithniú ar Fhorálacha Acht 1929 i gcomhthéacs bhunú Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar struchtúr atá freagrach as an straitéis forbartha a chur i bhfeidhm trí ról na Gaeilge san ollscoil a uasghrádú ar bhealaí dearfacha.

Faoi Acht 1929, bhí scrúdú Gaeilge le seasamh ag daoine a bhí ag lorg poist in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ach uaidh seo amach, tá cúram déanta sa leasú atá á dhéanamh ar an Acht a chinnteoidh go mbeidh campas eiseamláireach dátheangach san ollscoil agus go mbeidh an mheicníocht i bhfeidhm a thabharfaidh faoi fhorbairt ollscolaíochta trí Ghaeilge ar bhealach straitéiseach inmharthana.

Tá Oifig na Gaeilge Labhartha ina slánchuid d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá cur i bhfeidhm pleananna do champas eiseamláireach dátheangach a chruthú ina shlánchuid de chúram Oifig na Gaeilge Labhartha taobh istigh den Acadamh.

Chomh maith leis sin, aithnítear go bhfuil go leor mac léinn agus ball foirne ann nach bhfuil rannpháirteach go díreach i ngníomhaíochtaí an Acadaimh ach ar mian leo an deis a bheith acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Gaeilge ar an gcampas.

Chun éascaíocht a dhéanamh lena aghaidh sin, leanfaidh an ollscoil uirthi ag tacú le feabhsúcháin ar scileanna Gaeilge agus ar oiliúint Ghaeilge na gcomhaltaí foirne agus na mac léinn agus déanfaidh sí gníomhaíochtaí Gaeilge ar an gcampas ina iomláine a éascú.

Tairgtear raon leathan cúrsaí Gaeilge, ar a n-áirítear sainchúrsaí do mhic léinn agus d'aosaigh ó cheann ceann na tíre agus ón iasacht. Is in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua a chuirtear an chuid is mó de na cúrsaí sin ar fáil faoi láthair. Fanann na foghlaimeoirí ar lóistín le teaghlaigh áitiúla gur cainteoirí dúchais Gaeilge iad.

Tá an Dioplóma sa Ghaeilge á dhéanamh ag breis agus 850 duine agus táthar ag pleanáil anois le deis a bheith ag sealbhóirí an dioplóma sin cúrsa céime trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil dóibh amach anseo.

Is fiú suntas a thabhairt do ráiteas físe na hollscoile ina plean acadúil a thugann le fios:

"Is ollscoil í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh atá mac léinn lárnach agus dírithe ar dhianthaighde, ollscoil a bhfuil stádas idirnáisiúnta aici agus ag a bhfuil idir dhámh agus fhoireann fíordhíograiseach maidir le feabhas acadúil, agus le ceannaireacht a chur ar fáil ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus tá an ollscoil tiomanta, go háirithe don Ghaeltacht agus do phobal na Gaeilge."

Ag an seoladh d'fhógair mé go mbeadh an tAcadamh ag cur tús le trí chúrsa nua iarchéime i mí Mheán Fómhair 2005 - MA i Modheolaíochtaí do Theagasc Teangacha (Gaeilge); Ard-Dioplóma sa Drámaíocht agus Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió. Beidh an tAcadamh chomh maith ag tairiscint BA sa Chumarsáid agus clár BA i Léann agus i Saíocht an Aistriúcháin i Meán Fómhair 2006, mar chuid de na forbairtí atá á mbeartú ag leibhéal céime.

Tá clár dúshlánach tógála á bheartú ag an ollscoil faoi scáth an Acadaimh. Tá i gceist foirgneamh nua de 5,000 méadar cearnach a thógáil ar champas na hollscoile a bheidh mar lárionad d'fhorbairt agus do sheachadadh cúrsaí trí Ghaeilge an Acadaimh.

Ina theannta sin, tá i gceist foirgneamh de 3,500 méadar cearnach a thógáil taobh le hÁras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua agus forbairt shuntasach chomh maith a dhéanamh taobh le hÁras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna.

Cosnóidh an clár tógála seo breis agus €35milliún. Níl an t-airgead seo ar láimh fós ag an Acadamh ach táthar fíordhóchasach go dtiocfaidh sé ó fhoinsí stáit, ón earnáil dheonach agus ó dheontóirí príobháideacha chomh maith le roinnt de ó acmhainní na hollscoile féin.

Is foireann de 55 duine atá ag obair go lánaimseartha san Acadamh chomh maith le thart ar 100 duine páirt aimseartha nó séasúrach.

Tá 46 ball foirne ar fhoireann seasta na hollscoile atá inniúil agus toilteanach comhoibriú leis an Acadamh i bhforbairt agus i seachadadh cúrsaí ollscoile trí Ghaeilge.

Meastar nuair a bheidh forbairtí curtha i gcrích, go mbeidh 200 duine fostaithe idir foireann an Acadaimh ar champas na hollscoile agus an fhoireann sna hionaid Ghaeltachta.

Tá i gceist freisin ionaid taighde iarchéime a bhunú sa Ghaeltacht a thabharfaidh deis do mhic léinn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus do mhic léinn ó ollscoileanna eile staidéar iarchéime a dhéanamh trí Ghaeilge in ionaid Ghaeltachta.

Táthar ag súil go mbeidh tacaíocht ar fáil ó Údarás na Gaeltachta chun na críche seo mar gur bealach é le mic léinn den scoth ón nGaeltacht agus mic léinn le cumas an-mhaith Gaeilge a mhealladh go dtí na pobail Ghaeilge agus a stiúradh trí thaighde dochtúireachta agus iardhoctúireachta ar mhaithe le cur le hacmhainn na bpobal Gaeilge ina gcumasú féin i gcaomhnú na Gaeilge sna pobail trí fhostaíocht eolasbhunaithe agus teanga-lárnaithe.

Is sampla an-mhaith é an tAcadamh de bheartas comhoibrithe idir ollscoil, Stát agus pobal. Spreagfaidh an ghníomhaíocht seo meas ar an nGaeilge i measc na bpobal agus cuirfidh sé le seachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin.

Is cinnte gur iomaí tuismitheoir óg a mheallfar leis seo a dhéanamh agus leis an gcur chuige sin á chleachtadh acu cinnteoidh siad go mbeidh a leithéidí arís ann.