Tuarascáil:Chuir an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, deireadh le ré 55 bliain Bhord na Leabhar Gaeilge* mar chomhlacht neamhreachtúil stáit Dé hAoine.
Beidh feidhmeanna an bhoird faoi chúram Fhoras na Gaeilge ó Eanáir 2008, a d'fhógair sé i ndiaidh chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar Iúr Cinn Trá, Co an Dúin.
Dúirt Ó Cuív: "Is céim dhearfach chun tosaigh í seo d'fhoilsitheoireacht na Gaeilge mar go dtabharfar an réimse iomlán tacaí atá ar fáil san earnáil le chéile faoin aon eagraíocht amháin. Chuir mise maoiniú de €960,000 ar fáil do Bhord na Leabhar Gaeilge in 2006 agus in 2007. Bhí mé in ann an leibhéal tacaíochta sin a ardú go €1.819 milliún. Cinnteoidh na socruithe nua seo go mbeidh tacaí níos comhtháite ar fáil d'fhoilsitheoireacht na Gaeilge."
Tugann Bord na Leabhar Gaeilge tacaíocht do scríbhneoirí agus fhoilsitheoirí chun ábhar léitheoireachta a chur ar fáil don ghnáthphobal. Tháinig cinneadh Uí Chuív aniar aduaidh orthu agus ar fhoilsitheoirí. Fuair muintir an bhoird glaoch gutháin Dé hAoine le hinsint dóibh faoin aistriú. Dúirt cathaoirleach an bhoird, Matt Mac Cárthaigh, nach dtiocfadh leis an chás a phlé go dtí go mbeadh cruinniú boird acu Dé hAoine: "Socróidh an bord cad atá le rá ina dhiaidh sin."
Bhí imní agus míshásamh ar go leor foilsitheoirí, ámh. Dúirt foilsitheoir amháin nach raibh siad "sásta. Níl a fhios againn cá seasann muid. Cé a bheidh ag déanamh measúnaithe ar na pleananna? Níl aon chinnteacht ann faoi mhaoiniú. Tá Áis (comhlacht a scaipeann leabhair Ghaeilge) faoi chúram an Fhorais le blianta agus tá siad ag déanamh drochjab de.
"Cá seasann na scéimeanna? An mbeidh foireann lánaimseartha ceapaithe le bheith ag plé leo? Níl aon eolas curtha ar fáil ag an Aire. Níl aon chinnteacht ann faoi leanúnachas."
Dúirt foilsitheoir Chló Mhaigh Eo, Colmán Ó Raghallaigh, nach raibh aon eolas aige ar an aistriú agus gur ghá go mbeadh an rud a chuirfí in áit an bhoird chomh maith leis an struchtúr a bhí ann cheana féin. Níor mhaith leis ach an oiread go mbeadh aon duine dífhostaithe de bharr an aistrithe.
Mhol sé na daoine a bhí ar an bhord mar dhaoine a thuig cúrsaí foilsitheoireachta agus leabhair: "Murach Bord na Leabhar Gaeilge, ní bheadh aon Chló Mhaigh Eo ann agus ní bheinn ag dul le scríbhneoireacht mar atá mé."
Dúirt foilsitheoir eile: "Ceann de na cúiseanna a bunaíodh an bord i 1952 mar go raibh pobal na Gaeilge míshásta le moilleadóireacht agus cinsireacht an Ghúim." (Pléann an Gúm le leabhair scoile agus foclóirí don chuid is mó sa lá atá inniu.)
Dúirt duine eile: "Tá an scéal seo áiféiseach - an Stát ag foilsiú, ag dáileadh, ag íoc deontas le foilsitheoirí, i mbun margaíochta. Cad chuige an t-aistriú seo go dtí an Foras? Bhí Bord na Leabhar Gaeilge ag déanamh sárobair, go háirithe le blianta beaga anuas.
"Tá cúraimí leabhar an Fhorais go holc: tá Áis ina stad; níl foireann an Ghúim aistrithe chun an Fhorais go fóill ach iad ar iasacht ón Roinn Oideachais; an scéal céanna ag an Choiste Téarmaíochta agus roinnt daoine ar conradh acu. Gaoth Dobhair á lua mar ionad oibre agus gan éinne sásta bogadh. Tuigim nár theastaigh cúraimí Bhord na Leabhar Gaeilge ó lucht an Fhorais."
Thuigfeá do dhrogall an Fhorais. Is ar éigean go mbeidh seans acu ullmhúchán a dhéanamh don dílleachta seo ó Roinn na Gaeltachta. Gach seans go mbeidh tionchar ag an aistriú seo ar imeachtaí agus ar fhoireann an bhoird. Is i Ráth Cairn, Co na Mí, atá oifig an bhoird ach is i mBaile Átha Cliath atá ceannáras agus bunús fhoireann an Fhorais.
Tá imní ar fhoilsitheoirí faoi éifeacht an bhoird anois ó tá neamhspleáchas caillte acu. Ní raibh na foilsitheoirí nó muintir an bhoird ag súil leis an fhógairt; ní bhfuair na foilsitheoirí aon réamheolas faoin chinneadh agus tá éiginnteacht mhór anois ann faoi phleananna foilsitheoireachta na bliana seo chugainn.
Dúirt urlabhraí thar ceann Éamoin Uí Chuív gur "fíor nár labhair an tAire le muintir Bhord na Leabhar Gaeilge faoin gcinneadh roimh dó é a fhógairt agus an fáth atá leis ná an rúndaíocht a bhaineann le cúrsaí Thuaidh/Theas. É sin ráite, labhair oifigeach de chuid na Roinne leis an gcathaoirleach agus leis an stiúrthóir ar an Aoine chun a chinntiú go mbeadh siad ar an eolas roimh na meáin.
"Is é an fáth a rinneadh an cinneadh na feidhmeanna a aistriú go Foras na Gaeilge ná chun na tacaíochtaí atá ar fáil ón Stát d'obair foilsitheoireachta na Gaeilge a láidriú agus a chomhtháthú. Tá an Gúm agus Áis faoi scáth an Fhorais cheana féin agus tá ciall leis an gcur chuige seo chun a chinntiú go bhfuil córas tacaíochta níos comhthaite ar fáil don earnáil Ghaeilge."
* Scríobh an t-iriseoir seo leabhair faoi scéimeanna Bhord na Leabhar Gaeilge
aistriú transfer - cinsireacht censorship - dearfach positive
dílleachta orphan - maoiniú funding - tútach clumsy