Beocheist/Seán Ó Riain:Chonaiceas Garda ag tabhairt píosa airgid do cheoltóir sráide. Míorúilt, arsa mise liom féin. Bhí an Garda, leaid óg, cúig shlat chun tosaigh orm agus sinn beirt ag siúl síos príomhshráid Dhún Laoghaire.
Chualas an fhuaim, píosa airgid ag bualadh i gcoinnibh píosa eile. Cé nach bhfuil an samhradh féin le moladh, fós is féidir rudaí iontacha neamhghnáthacha a fheiscint idir na ceathanna!
Mar shampla eile, i mbliana den chéad uair i mo shaol chonaiceas an chuach, radharc fíor-álainn. Bhíos i mo shuí os comhair an tí a bhí ar cíos agam i gConamara nuair a d'eitil an chuach tharam, gach aon chú-cú dhraíochtach aisti.
Ach chonaiceas rud eile i gConamara a chuir mór-dhíomá orm. Aimsir an toghcháin a bhí ann, póstaeir gach aon áit.
Ar phóstaeir de chuid Fhianna Fáil bhí Éamon Ó Cuív go hard ar an liosta, níos airde ná mar ba chóir. Séard a bhí ar na póstaeir ná "Cuív, Éamon Ó" agus nuair a d'fhoilsigh na nuachtáin na chéad torthaí in ord aibítre, ba léir gur "Cuív, Éamon Ó" a bhí ar na páipéirí vótála leis.
Rud a chuir an tAire Gaeltachta thuas i dtreo bharr liosta na n-iarrthóirí, rud a theastaíonn, dar ndóigh, ó gach aon iarrthóir.
Ach ar ghá don Uasal Ó Cuív a leithéid a dhéanamh, nach bhfuil aithne is meas ar an Aire go forleathan? An raibh gá leis an gcleas suarach sin?
Is cuimhin liom an t-am a mbíodh saghas amhrais orainn fúthu san a chaill nó a chuir uathu an 'Ó'. Nach bhfuil cuid de stair ár sinsear ag baint leis an 'Ó'?
Bualadh cara liom go dona tinn tamaillín ó shin. Bean a bhfuil clann mhór is tromchúraimí uirthi, bean nach ngéillfidh go héasca.
Bean a dúirt liom gur beag focal a thagann as a béal agus í ag guí, "níl na focail agam", bean a dúirt go raibh an dóchas thar aon rud eile go láidir aici. Bean de chuid an Lucht Siúil.
Tarlaíonn sé faoin tuath ach tarlaíonn sé sa chathair leis, is é sin, go dtosnaíonn daoine ag caint lena chéile nuair a bhíonn siad ag fanacht le seiceáil amach a dhéanamh sna siopaí. An lá úd i nDún Laoghaire dúirt bean liom i gceann de na siopaí móra go raibh an-bhealach aimsithe aici leis na páistí agus fiú a fear céile a shásamh. "Samhradh fliuch? Téigh ó thuaidh."
Ní raibh i gceist aici ach an turas 20 míle ó dheisceart go tuaisceart na hardchathrach, ó Dhún Laoghaire go Baile Bhlainséir. Turas ceannródaíoch do mhuintir an deiscirt gur leasc leo dul ó thuaidh más fíor na scéalta claonta.
"Tá siopa leabhar iontach ó thuaidh i mBlains," a deir sí, "Fíor-álainn. Téimid ann go minic ag an deireadh seachtaine, suímid ansin ar ár sáimhín só, léimid leabhair, ólaimid caife ann. Compord. Láthair picnice! Sea, sea, ceannaimid leabhar nó dhó leis."
Bhíos sona istigh ionam féin an lá sin i nDún Laoghaire agus mé ar mo bhealach ar ais go dtí an carr. Mórchúis lúcháire orm mar cúpla lá roimhe sin rugadh garmhac dom ar an dáta díreach céanna ar a rugadh a shin-seanathair, John M. Ryan, i gCorcaigh 109 bliain ó shin.
Seanán Thokozani ainm an linbh. Tugadh an dara hainm sin air mar chomhartha measa ar mhuintir na Maláive mar a chaith a mháthair seal ag obair le páistí le míchumas. In Chewa, ceann de na teangacha Malávacha, ciallaíonn Thokozani "gabhaimid buíochas".
Gabhaimid buíochas leat, a Thiarna. Ní rabhas ag smaoineamh beag ná mór cá rabhas ag dul. Agus leis sin bhuail mo bhróg i gcoinnibh an bhosca bailiúcháin a bhí ar an talamh ag an gceoltóir sráide. Chualas píosa airgid ag bualadh i gcoinnibh píosa eile.
Á, ná habair, ná habair gurb é sin a tharla i gcás an Gharda. B'fhearr liom a chreidiúnt gur thug sé airgead don gceoltóir. Táim cinnte gur thug - thokozani, a Gharda.