Beocheist: Cúpla seachtain ó shin bhí mé in ollmhargadh Tesco i Lublin, an chathair is mó in oirthear na Polainne, atá oscailte ó Aibreán 2004.
Bhí mé ag druidim go breá réidh leis an gcuntar creasa chun íoc as mo lanna rásúir is mo mhálaí tae nuair a chonaic mé ag teacht i mo choinne bean mheánaosta a bhí gléasta go galánta, mar a bhíonn roinnt mhaith ban Polannach.
Bhí mé féin píosa beag níos giorra don phointe íoca ná mar a bhí mo chomhshiopadóir agus ar a thuiscint di go rabhamar araon ag déanamh ar an gcuntar céanna, bhris an rith ar an mbean Pholannach seo, a cuid seodra ag gliogarnach, a brollach mheánaosta ag éirí is ag titim agus í ag déanamh a díchill mé a scoitheadh.
Is cuma nach raibh duine ná deoraí romhainne ag an gcuntar, agus is cuma fós nach raibh ach cúpla earra i mo ghlac agam, seachas trucail mhór bia ina raibh cothú seachtaine do sheisear clainne.
Is amhlaidh nach maith le Polannaigh a bhfuil aois áirithe slánaithe acu scuainí agus níorbh aon eisceacht í iompar na mná ar éirigh léi an cuntar a bhaint díom.
Is cinnte gur gnáthdhuine í an bhean sin atá ar chéad bealach gach pioc cosúil le gnáthbhean mheánaosta Éireannach, seachas an mhire a thagann uirthi nuair a fheictear di go mbeidh uirthi dul i scuaine, pé fada gearr í.
Is é is cúis leis an seanbhlas seo bheith ag Polannaigh d'aois áirithe ar scuainí ná an taithí atá acu ar chiúnna ó ré an chumannachais nár tháinig deireadh leis go dtí 1989.
Le linn na haimsire seo bhíodh easpa an-chuid earraí bunúsacha sa Pholainn agus bhíodh ar dhaoine na huaireanta a chaitheamh ina seasamh i scuainí lasmuigh de shiopaí le cinntiú go bhfaighidís an fheoil nó na bróga nó a bhí ag teastáil uathu.
Is múinteoir Polainnise í Maria Laszkiewicz a bhfuil tuairim is 40 bliain aici.
Samhlaítear di "gur chaith mé formhór m'óige ag feitheamh i gciúnna. Caithfidh gur thug mé ar a laghad 50 faoin gcéad de mo chuid ama i mo sheasamh i scuaine ar thóir aráin nó feola".
Ba le linn na 1980í ba mhó a bhíodh feiniméan seo na gciúnna fada faoi réim sa Pholainn.
D'osclaítí an siopa ag a trí a chlog, abair, is bheadh scuaine lasmuigh de ó mhaidin.
Dhéanadh Maria Laszkiewicz is a deirfiúr uainíocht ar a chéile: "D'fhanfainn ar feadh uaire sa líne is ansin thiocfadh mo dheirfiúr is rachainn abhaile le haghaidh babhla anraith."
Dar le Laszkiewicz go bhfaightear aithne ar dhaoine, is ar nádúr daoine, agus scuainí mar seo mar ghnáthchuid den saol laethúil.
Ní ionadh go dtagadh idir fhearg is fhiamh ar dhaoine agus an méid sin ama á chaitheamh acu ina seasamh chun earraí chomh bunúsach le him is arán a cheannach.
D'éiríodh idir daoine nuair a thagadh duine amháin isteach ag pointe áirithe sa chiú, ag ligean air gur ansin a bhí sé níos luaithe ach bhí air bailiú leis ar feadh cúpla nóiméad.
Ar ndóigh, scéal é seo a chumtaí mar nár theastaigh ó éinne bheith ag bun na scuaine. Ach tharla chomh maith go mbíodh ar dhaoine an ciú a fhágáil ar chúis éigin is nuair a d'fhillidís ní aithnítí a gceart an áit a bhí acu bheith acu arís.
"Bhíodh an chéad duine ag iarraidh dallamullóg a chur ar an dara duine lena chuid ama feithimh a ghiorrú dó féin," is ea a deir Laszkiewicz.
Agus cá fhad a mhaireadh an t-am feithimh seo? Is cuimhin le Maria Laszkiewicz go raibh idir chuisneoir is mheaisín níocháin ag teastáil uaithi díreach i ndiadh di dul i dtíos.
"Bhí an siopa le hoscailt ag leathuair tar éis a deich ar maidin. Chuaigh mo fhear céile i scuaine ag a hocht a chlog an oíche roimh ré is d'fhan sé ann ar feadh na hoíche.
"Chuaigh mé chuige ag a hocht a chlog an mhaidin dár gcionn, osclaíodh an siopa ag leathuair tar éis a deich is faoi mheán lae bhí cuisneoir is meaisín níocháin againn."
Ina fhianaise sin go léir ní ionadh go dtagann gotha troda ar roinnt mhaith Polannach agus iad ag dul i scuaine.
Ní ionadh ach oiread gur rud é a chuireann pléisiúr ar mháthair Mharia Laszkiewicz ná am a chaitheamh in ollmhargadh cosúil le Tesco, ag féachaint ar na seilfeanna líon lán den iliomad earraí agus gan slua mór daoine ag baint na sál di le pé rud atá le fáil a cheannach.
Aoibhinn beatha an tsiopadóra i bPolainn an lae inniu.