Beocheist: Tá buille beag ionam i gcónaí riamh do lucht na Ríochta idir bheannaithe is mhallaithe. Ach ba thubaisteach ar fad é mar bhuille nuair a tháinig an scéal aniar aduaidh orainn le déanaí beag, go raibh duine d'fhathaigh léinn agus oideachais na Ríochta Val Rice ar shlí na fírinne.
Daichead éigin bliain ó shin ceapadh é ina Ollamh le hOideachas i gColáiste na Tríonóide. An chéad chéim ar bhealach a cheannródaíochta ar ndóigh.
Gan aon agó chaith sé an mhórthréimhse sin go mór faoi scáth "Fiche Blian ag Fás agus Fiche Blian faoi Bhláth" dála an tSúilleabhánaigh cháiliúil ó Oileán na Ríochta. De réir na cinniúna fuair sé bás i gcathair a alma mater iarchéime Harvard i mBoston, Mass. sna Stáit Aontaithe.
Fear léinn agus scoláire Athbheochana ab ea Val Rice. Anuas ar an dá arm aigne a luaigh an tAthair Peadar bhí airm aigne eile go flúirseach agus ar a dheis aige. Bhí bunchéim B.D. aige, bunchéim san Eolaíocht, céim Máistreachta aige sna hEalaíona maraon le hArd-Teastas san Oideachas (teideal cáilíochta atá imithe i nduibheagán na díchuimhne díreach i mbliana aisteach go leor.)
Mar dhlaoi mhullaigh ar a chuid cáilíochtaí bhain sé amach Máistreacht agus Dochtúireacht san Oideachas ó fhoras ársa, clúiteach an Chorcairdheirg - Ollscoil Harvard. Ní raibh istigh aige ach ceithre bliana i gColáiste na Tríonóide nuair a bronnadh Comhaltacht na Tríonóide air i 1970. Ceannródaíocht eile.
Ach thar aon ní eile ba in oiliúint ghairmiúil múinteoirí a fuair Val a cheart féin agus ba ar a chonlan féin a bhain sé sin amach. Caithfear a admháil go raibh sciorta den ádh ag baint leis maidir leis seo.
Bhí doirse agus fiú fuinneoga na scoileanna iarbhunoidechais á réabadh isteach faoi anáil dhochosctha an tsaoroideachais nuair a d'imigh sé i mbun gnímh. Agus ar ndóigh bhí múinteoirí sa bhreis ag teastáil do líon méadaithe na ndaltaí úra seo.
Rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas a athchóiriú ó bhonn sa choláiste trí é a mhéadú maidir le hábhair mhodheolaíochta sa bhreis a chur ar fáil. Chuir sé acmhainní oideachasúla breise sa Roinn.
Chuaigh sé i ndlúthchomhairle le scoileanna mhórchathair Bhaile Átha Cliath agus rinne sé geataí an oideachais do mhúinteoirí a leathadh don domhan mhór agus a mháthair.
Bhí ceataí amháin sa scéal a bhí ag déanamh scime do Val Riceag an am seo. Ba gheall le saothar in aisce nó ar a laghad tréansnámh in aghaidh easa do mhúinteoirí i mbun a ngairme sna rangsheomraí ina gcuid scoileanna, iarchéim san oideachas a bhaint amach. Máistreacht san oideachas a bhí i gceist go príomha. Chuir sé roimhe Eochairsciath an Oideachais Iarchéime a chur ar fáil do mhúinteoirí trí Chúrsa Máistreachta san Oideachas, M.Ed. a bhunú ina Roinn Oideachais féin san Ollscoil.
Chuaigh sé go bog is go crua ar an Roinn Oideachais deiseanna a thapú le múinteoirí a ligint saor ón scoil chun cúrsa bliana iomlán a chur isteach go lánaimseartha ag déileáil leis an gcéad bhliain de chúrsa Máistreachta dhá bhliana. Scaoil an Roinn Oideachais na cuibhreacha ach amháin go raibh ar na múinteoirí a gcuid ionadaithe a íoc ar a gconlán féin. Níor bheag sin.
Dála Bryan Mac Mathúna a chomh-Chiarraíoch d'éirigh le Val Rice "fuinneoga an iontais" is an oideachais a dhianleathadh do mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile.
Agus níor cheannródaíocht go dtí é. Caitheadh guth an phobail scolaíochta go fial, flaithiúil agus, mar adeirtear ar na saolta deireanacha seo, cuireadh bonn nó infrastruchtúr buan faoin gcóras oideachais sa tír.
Anois bhí ábhair phríomhoidí, leasphríomhoidí, cigirí agus feidhmeannaigh oideachais le cáilíocht agus cur amach gairmiúil ar fáil. De chruthú ar leas agus ar éileamh na gcúrsaí iarchéime seo d'eascair deiseanna do chéimeanna dochtúireachta astu.
Mar fhocal scoir ná ceaptar gurbh acadúlach é Val Rice a bhí cuachta thuas ina Thúr Eabhair. B'acmhainn dó feidhmiú go héifeachtúil i lár an aonaigh mar a léirigh sé lena cheannasaíocht i leith chaomhnú Ghleann na Life inter alia. Agus an luí iontach a bhí aige le ceol, cúrsaí ealaíne, ailtireachta agus taistil. Ach thar aon rud eile bhí sé thar a bheith daonnúil.
Comhbhrón ó chroí dá chéile Ellen, dá iníon Elizabeth, dá chlann mhac David is Jonathan, is dá chlann ghaoil féin. Suaimhneas síoraí dá anam uasal faoi chiúine chlabhastrach na gcrann is na bhfallaí in Abbeydorney.