BEOCHEIST:Bhí sé de mhí-ádh ar phoblachtóirí an Tuaiscirt gur sa tseachtain chéanna agus a bhí deireadh an chéad chogaidh mhóir á chomóradh gur socraíodh ar fháilte ar ais a chur roimh thrúpaí na Breataine a bhí fillte ó na cogaí san Afganastáin agus san Iaráic.
D'fhág sé deis ag aontachtaithe na coimhlintí nua-aimseartha seo a chur i gcomhthéacs an chogaidh sin. Is deis í a thapaigh ceannaire an DUP Peter Robinson go sciliúil ag comhdháil a pháirtí. Níl ann, áfach, ach raic bheag áitiúil ar domhan atá gafa le tubaistí ar scála Bíoblach.
Ach, thug an choimhlint agus an comóradh chun cuimhne an dearcadh a bhíodh ag náisiúntóirí in Éirinn, thuaidh agus theas, faoin gCogadh Mór le blianta fada. In aigne na nglún a ba ghaire do 1916 agus don Éirí Amach, b'ábhar náire nó b'ábhar neamhshuime na 200,000 Éireannach a ghlac páirt sa gcogadh. Bheadh sé deacair an dearmad ollmhór seo a mhíniú d'aos óg an lae inniu. Cad é mar a dhéanann pobal dearmad ar chéadatán chomh hard sin den daonra?
Ní hé amháin gur ghlan taobh amháin de phobal ról na saighdiúirí seo amach as an gcuimhne náisiúnta ach níor cuireadh aon spéis ann, níor bhain sé le hábhar. D'fhéadfá á rá gur measadh gur le stair muintire eile é. Is beag duine den nglúin náisiúnach atá díreach imithe nár bhain idir aineolas agus ainfhiosracht leo faoi chúrsaí an chogaidh sin.
I lár Thaobh an Bhogaigh i nDoire, bhíodh páirc phoiblí ar a dtugtaí "Messines Park". Ba bheag duine den dream a d'fhás suas san áit sna 1960í a bheadh in ann míniú a thabhairt ar an ainm sin, gur bhain sé le cath uafásach a tharla i sráidbhaile Mesen i 1917. Agus ní hé nach mbíodh gaolta ag daoine i nDoire a bhí páirteach sa gcoimhlint mhór Eorpach, bhí go leor as gach taobh den bpobal ann.
I mbeagnach gach baile agus i ngach sráidbhaile sa Tuaisceart, bhíodh dealbh nó leac mór cuimhneacháin. Ach mheasadh an pobal náisiúnach, agus measann siad go fóill, nár bhain an cuimhneachán seo leo a bheag nó a mhór.
A mhalairt, bhíodh na leaca nó na dealbha seo mar áiteanna rialta adhartha ag an Lóiste Oráisteach. Crainn tótaim de chuid na treibhe eile a bhí iontu. Léiriú ar an meon sin an buama a leagadh ag an leac chuimhneacháin in Inis Ceithleann i 1987.
Maidir leis an bPoipín, is beag nár breathnaíodh orthu mar chleití na treibhe eile. Cosúil le go leor leanaí eile den tréimhse iarchogaidh, dúradh liomsa diúltú glan d'aon díoltóirí poipíní a thagadh chun an dorais. De ghnáth, is seanmhná faoi éide an Salvation Army a bhíodh ag dul ó dhoras go doras á ndíol. Ba bhocht an bailiúchán a fhaigheadh siad as na ceantracha móra náisiúnacha.
Is é fírinne an scéil é gur oibrigh dhá rud mhóra chun an Cogadh Mór, agus íobairtí na nÉireannach go léir a ghlac páirt ann, a chur le treibheachas.
Ar dtús, chuir Éirí Amach 1916 séala an fhiúntais orthu siúd amháin a d'fhan chun troid a dhéanamh in Éirinn in aghaidh na sean-namhad agus leoga in aghaidh an airm chéanna a bhí ag troid sa bhFrainc.
Is cuma gur chreid cuid de na daoine a throid ar son na Breataine gur ag cur cúis na hÉireann chun cinn a bhí siad, daoine ar nós Tom Kettle.
An rud mór eile a tharla gur ghlac Sasain chuici féin an chaithréim, an laochas, an bua agus an ghlóir mar sheoid lárnach i gcoróin a cuid impiriúlachais féin - "forever England".
Agus mar bharr ar an olc, d'fhuadaigh aontachtaithe an cogadh mar chaibidil naofa eile in annála na dílseachta Ultaí. Cuireadh an Somme agus cath na Bóinne le chéile ar bhratacha na nOráisteach. Ar na séadchomharthaí cuimhneacháin, cuireadh síos ar liosta na marbh mar "loyal sons of Ulster" cé go raibh Caitlicigh agus náisiúntóirí ina measc. An aon iontas é gur blas seicteach a tháinig ar shearmanais chuimhneacháin?
Ar ndóigh, ní ábhar glóire a bhí sa gcogadh mór ach tubaiste ollmhór dhaonna. Rith na céadta míle óigfhear chun a mbás ar son an ruda ar ar thug an file Wilfred Owen "the old Lie: Dulce et decorum est pro patria mori".
Is spéisiúil, i gcomhthéacs ar tharla, breathnú ar thuairim Kettle a rinne fáistine go bhfeicfí ar cheannairí 1916 mar laochra agus ar a chomhshaighdiúirí féin mar thréatúir: "Used with the wisdom that is sown in tears and blood, this tragedy of Europe may be and must be the prologue to the two reconciliations of which all statesmen have dreamed, the reconciliation of Protestant Ulster with Ireland, and the reconciliation of Ireland with Great Britain."
Ní mar a shíltear a bítear.