Coicís eile ag Foras agus Móinéar le scéal Foinse a réiteach

TUARASCÁIL: MAIRFIDH FOINSE go ceann coicíse

TUARASCÁIL:MAIRFIDH FOINSE go ceann coicíse. Tá dhá eagrán eile le cur i gcló de réir fhoilsitheoirí an nuachtáin, Móinéar Teo. Thug úinéir an pháipéir sheachtainiúil, Pádraig Ó Céidigh, le fios go bhfoilseodh sé cúpla eagrán eile ach nach bhfoilseofaí é i ndiaidh 28ú Meitheamh sa chás nár tháinig sé féin agus Foras na Gaeilge ar réiteach ar mhaoiniú.

De réir preasráitis a d’eisigh Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite, bhí an Foras ag cur conradh nua ceithre bliana ar fáil do Mhóinéar Teo; b’fhiú €1,420,000 an conradh seo go hiomlán, nó €355,000 in aghaidh na bliana, agus b’ionann sin agus “méadú substaintiúil” 16.3 faoin gcéad in aghaidh na bliana.

Lena chois sin, bhí an Foras ag tairiscint síneadh ama ar an chonradh reatha agus ba chúis dhíomá dóibh “gur chinn Móinéar Teo. na deacrachtaí atá acu a phlé leis na meáin sular thosaigh siad ar aon idirphlé leis an Fhoras”.

Lom fuar atá an dá phreasráiteas agus is beag sólás a thugann ceachtar acu go dtiocfaidh an nuachtán slán ag an bhomaite seo.

READ MORE

Is é an cheist a chuirfeá ort féin: conas a bhain Foras na Gaeilge agus Móinéar Teo an staid seo amach riamh?

Cén fáth gur shocraigh foilsitheoirí Foinse ráiteas tobann a dhéanamh lena bhfoireann an tseachtain seo caite go mbeadh deireadh leis an nuachtán agus conas a lig an Foras do cheann de na cliaint ab fhearr a bhí acu imeacht ar an dóigh seo?

Thar rud ar bith eile, toradh tubaisteach tragóideach atá ar an chliseadh caidrimh seo idir an Foras agus Móinéar: tubaisteach mar gur trua an domhain é an nuachtán Gaeilge is fearr atá ag lucht na Gaeilge le fada a chailleadh agus tragóideach mar nár cheart go mbeadh Móinéar nó an Foras sa riocht seo ar chor ar bith.

Is beag duine nach mbeadh ag teacht le tuairim uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, agus é ag léiriú a chuid tacaíochta don nuachtán. Chreid sé go raibh “Foinse ag cur seirbhís nuachta ar ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge le 13 bliain anuas agus molann Conradh na Gaeilge an dea-obair dhíograiseach atá curtha i gcrích ag foireann an nuachtáin ón chéad lá riamh”.

Is iomaí gearán a rinne lucht na Gaeilge faoin Fhoras ó bunaíodh é ach shílfeá, thar réimse ar bith eile, go mbeadh an Foras ábalta brath ar dhea-eiseamláir Foinse.

Seo nuachtán a thug dúshlán gach aon dreama eile lena gcuid féin a dhéanamh d’earnáil na nuachtán agus rinne siad go stuama céillí agus gan bladhmann é.

Bhain Móinéar an conradh do nuachtán seachtainiúil nuair a bhí Bord na Gaeilge ann; bhain siad é nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge agus lean siad de bheith á bhaint. Léirigh an méid sin féin éifeacht a gcuid oibre agus léirigh breithiúnas cruinn ceart an Fhorais gur thuig siad fiúntas an tionscnaimh a bhí acu.

Dá bharr sin, shílfeá, as measc gach aon rud eile, go mbeadh an caidreamh oibre idir Móinéar agus an Foras ag éirí níos doimhne agus níos rathúla le himeacht na mblianta. Shílfeá go dtuigfeadh an dá dhream a chéile faoi seo.

Mar sin de, is doiligh a thuigbheáil cén fáth gur thug sé naoi mí ar an Fhoras conradh buan a chur ar fáil do Mhóinéar Teo. Bíodh is gur bhuaigh Foinse an conradh (arís!), tá sé á fhoilsiú ar chonarthaí sealadacha ó Mheán Fómhair, 2008.

Agus is ag dul in olcas atá cúrsaí airgeadais an nuachtáin ó shin de bharr titim i gcúrsaí fógraíochta, go díreach mar atá ag tarlú le nuachtáin eile an domhain.

Bhraithfeá fearg sa phreasráiteas a d’eisigh an Foras agus iad á gcosaint féin. Chuir siad béim ar phlé inmheánach le deacrachtaí an nuachtáin a réiteach ach cad chuige nach raibh gach aon rud léite agus pléite faoin am seo?

Thuigfeá ón Fhoras gurbh é ráiteas Mhóinéar na seachtaine seo caite an chéad leid a fuair siad nach raibh Móinéar le glacadh leis an chonradh ach, de réir lucht an nuachtáin, chuir Móinéar in iúl don Fhoras seachtain roimhe sin arís – coicís ó shin anois – nach raibh siad fonnmhar dul ar aghaidh leis an mhargadh.

Lena chois sin, is beag tuigse a léiríonn ráiteas an Fhorais faoin bhunfhadhb; cuireann siad béim ar an “ardú substaintiúil” atá ann don nuachtán ach ní ardú atá i gceist a thuilleadh. Is é an cheist atá anois ann: an leor an maoiniú atá ar fáil?

Shílfeá, arís, go dtuigfeadh lucht an Fhorais go raibh siad ag déileáil le fear – Pádraig Ó Céidigh – nach bhfanfá go deo le cinneadh uathu. Thairg an Foras conradh don Chéideach le hiris mhíosúil a chur ar fáil tamall de bhlianta ó shin. Bhuaigh sé an conradh sin ach shocraigh sé tarraingt siar ag an nóiméad deiridh; ní raibh na coinníollacha fóirsteanach. Nár leor nod don eolach?

Lena gceart a thabhairt don Fhoras, níl siad díomhaoin ó shin. Bhuail ionadaithe dá gcuid agus Mhóinéar Teo le chéile an Chéadaoin seo caite; bhí cruinniú de choiste irisí agus nuachtán an Fhorais Dé hAoine agus beidh cruinniú den bhord iomlán an Aoine seo le moltaí a phlé.

Níl an rás rite, is cosúil, agus seans go bhfuil deis éigin fós ann Foinse a choinneáil ag dul ó tharla go bhfuil sé á fhoilsiú ar chonarthaí sealadacha. Tá seans go fóill ag an dá dhream socrú éigin a dhéanamh a chinnteodh todhchaí gearrthéarmach an nuachtáin agus polasaí an Fhorais – gan, ar ndóigh, aon rialacha a shárú.

Beidh gá, de réir gach cosúlachta, le comórtas eile do nuachtán a fhógairt ar ball ach, idir an dá linn, níor chóir do Foinse bheith as cló. Tuilleann na léitheoirí agus foireann an nuachtáin an méid sin féin.

Tá an nuachtán Gaeilge is fearr dá raibh ag pobal le Gaeilge le glúin ar tí druidim. Tá an Foras agus Móinéar Teo ina seasamh ar aill. Ní gá dóibh titim léi; níor chóir dóibh titim; níor cheart go ligfí dóibh titim.