Col cúigir an bheirt Sheán

Beocheist: Tá cuimhne faoi leith agam ar bhás an Ríordánaigh

Beocheist:Tá cuimhne faoi leith agam ar bhás an Ríordánaigh. Mo chara le bliain go leith, ó casadh ar a chéile muid an chéad lá ag an meánscoil, ag insint dom gur chol cúigir léi an file (1916-77). "Shíleas," arsa mise, "go mba é Ó Riada a bhí mar chol cúigir agat."

Luigh an méid sin le réasún mar fiú ag an aois sin an-phianadóir ab ea í. Ach maidir leis an bhfile, in ainneoin go mba í an cailín is cliste sa rang í, bhíos cinnte go raibh dul amú uirthi toisc cosúlacht bheith idir ainmneacha na beirte.

"É sin chomh maith," ar sise, "nílid gaolta lena chéile, ach col ceathracha le m'athair an bheirt acu."

(Bhíos beagán in éad léi agus ba dheas liom mar sin, gur chuir sí spéis sa scéal a ghabhann le mo mhuintirse, a bhfuil ainm Oiriallach orthu i lár na tíre agus a ndeirtear fúthu go mba lucht leanúna Uí Néill iad nár fhill ar an mbaile tar éis Chath Chionn tSáile.)

READ MORE

Ach fillimis ar an Ríordánach, agus ar luathbhlianta na meánscoile. Ní múinteoir amháin ach péire a bhí do mo cheartú agus muid ag cleachtadh sa halla roimh ócáid mhór eicínt. Is é mo chuimhne air go rabhadar ag magadh fúm agus go raibh na cailíní eile ag baint suilt as.

Murab ionann agus an bhunscoil nuair b'as Conamara agus Árainn na múinteoirí, má bhí canúint ar bith le sonrú sa meánscoil ba í canúint na Mumhan í agus ní róshásta a bhí an bheirt seo leis an mbealach a dúras-sa "cut" agus mé ag aithris an An Cat.

Ghéilleas dóibh. Níl aon chuimhne agam ar an gcoirm cheoil ach is beag oíche, agus mé ag múchadh solas na cistine roimh dhul a chodladh, nach gcuimhním ar an dán mar is leasc liom an doras a chur faoi ghlas mura bhfuil an cat istigh.

Is ina chéad chnuasach, Eireaball Spideoige (1952) atá An Cat agus téamaí ann a ndéanann sé cur síos air i réamhrá an leabhair sin, meabhair oscailte linbh agus báidh.

Tá na téamaí seo i ndán eile sa chnuasach céanna, Turnbull, ach gur capall seachas cat atá sa dán sin. Trí chnuasach eile filíochta atá ag an Ríordánach, Brosna (1964), Línte Liombó (1971) agus Tar éis mo Bháis (1978), "cuid den fhilíocht is úire, is nua-aimseartha agus is dúchasaí dá bhfuil againn sa Ghaeilge," mar a deir Seán Ó Mórdha ina aiste An Púca Léannta.

Is annamh go leor a bhíonn réamhrá ag file lena chnuasach féin ach ar nós an réamhrá a chuir Wordsworth agus Coleridge le Lyrical Ballads, a fhógraíonn ré nua na filíochta rómánsaí, fógra is ea réamhrá Eireaball Spideoige, go bhfuil guth nua ag saothrú le tuiscintí faoi leith aige ar, "Cad is filíocht ann?"

Dar le Seán Ó Tuama i Filí faoi Sceimhle, is i ndánta áirithe as Brosna atá buaic shaothair an Ríordánaigh: Fiabhras; Claustrophobia; Na Leamhain; Reo. "Is dánta guairneánacha dorcha iad as íochtar a aigne."

Bhí féith an ghrinn ann freisin agus é seo le feiceáil go minic ina iriseoireacht. Ar iarratas ó Dhónal Foley i 1967, scríobh sé colún gach Satharn sa pháipéar seo.

Seo mar a scríobh iriseoir eile, Breandán Ó hEithir faoi i 1980: "Stíl dialainne a chleacht sé ina cholún; rud a thug ar dhaoine a rá nach raibh aon stíl próis aige. Stíl é a d'fheil dá ábhar agus a d'fheil freisin dá léitheoirí nuachtán."

Agus choimeád sé dialann chomh maith, atá anois i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is ann, Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo, dhá thráthnóna agus an lá eatarthu a bheidh Comhdháil an Fhómhair a bhfuil "Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin" mar theideal agus mar théama uirthi. Oíche Déardaoin, tabharfaidh Regina Uí Chollatáin Léacht Uí Chadhain: "Finnéithe litríochta an 20ú haois: critic iriseoireachta."

An lá dár gcionn, beidh ceithre sheisiún cainteanna agus dhá chainteoir ó ollscoileanna éagsúla ag gach ceann acu.

Oíche chultúrtha atá mar chlabhsúr ar an gcomhdháil, Liam Ó Muirthile, Biddy Jenkinson agus Aifric Nic Aoidh ag léamh filíochta, seoladh Scríbhneoirí Óga na Gaeilge agus eagrán chomóradh an Ríordánaigh de Feasta. Beidh seisiún ceoil ann freisin ó bhuaiteoirí Siansa, banna Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin.

Is ann mar a tharlaíonn sé a casadh orm col cúigir an bheirt Sheán a bhí, mar aon le Seán eile, an Tuamach, ina dtriúracht a bhronn m'óige rómáns nach beag ar Chorcaigh a raibh de thoradh air filí Innti, ach sin scéal eile.

Eolas: anriordanach@ucd.ie nó 01-7618385