Bhuail Comhairle na Gaelscolaíochta agus Gaelscoileanna le chéile ag cruinniú i nDún Dealgan, Co Lú, inné le straitéisí uile-Éireann don gaeloideachas a phlé. Tá ról lárnach acu beirt i gcúrsaí oideachais thuaidh agus theas.
Dúirt Oifigeach Sinsearach Forbartha Chomhairle na Gaelscolaíochta, Réamaí Mathers, go raibh cainteanna ar siúl idir an dá eagras roimhe seo ach gurbh é seo an chéad chruinniú foirmeálta a bhí acu.
Bhí ceithre chuspóir le cruinniú an lae inné, a dúirt sé, feachtas margaíochta uile-Éireann a shocrú don earnáil; taighde a thosú le go mbeadh teisteanna caighdeánaithe agus uirlisí coitianta measúnaithe ar fáil; scoilphobal a chothú agus féacháil le ceangal a dhéanamh le scoileanna Gaeltachta agus múinteoirí a earcú ó cheantair Ghaeltachta don earnáil.
Tá sé bhunscoil nua le bunú sa Tuaisceart i mbliana, a dúirt sé. Bhí rún ag an Chomhairle sa Tuaisceart margaíocht a dhéanamh ar an ghaeloideachas trí dhíriú ar gach aon cheantar a raibh gaelscoil le bunú ann.
Chuirfeadh siad fógraí ar nuachtáin; scaipfeadh siad bileoga eolais ar thithe agus chuirfeadh siad oíche eolais sa siúl.
Ba mhian leo tógáil "céim ar chéim" le go go dtuigfeadh an pobal na rólanna éagsúla a bhí ag gaelscoil, ní hamháin go raibh buntáistí oideachais le fáil do pháistí as freastal uirthi ach bhí buntáistí le baint ag daoine fásta as a gceangal leis an scoil.
"Tá muid ag iarraidh scoilphobal a chothú le gach aon scoil," a dúirt Mathers. Bhí sé riachtanach go dtuigfeadh na tuismitheoirí nár "stop an Ghaeilge ag doras na scoile".
Ba mhó a ról féin i gcur chun cinn na teanga ná na páistí a fhágáil i gclós na scoile gach aon mhaidin.