TÁ CAILÍN as an Liotuáin ar scoil le bean de m’iníonacha óga. An-deis ansin ag m’iníon fáil amach faoi chultúr oirthear na hEorpa, mar sin? Sea agus ní hea.
Tháinig m'iníon abhaile lá agus d'inis dom go raibh sí féin as a comrádaí Liotuánach ag caint le chéile agus go bhfuair m'iníon amach nach raibh a leithéid de rud ann agus droch-chaint sa Liotuáinis.
"Ó, nach bhfuil?" a d'fhiafraigh mé. "Níl," a dúirt sí. Baineann muintir na Liotuáine úsáid as comharthaí láimhe le daoine a mhaslú, a mhínigh sí.
Chas sí ordóg idir dhá mhéar agus dúirt liom de chogar – ionas nach gcuirfeadh a beirt deirfiúracha níos óige eolas ar chultúr na Liotuáine go fóill beag – gur chiallaigh an comhartha láimhe sin f*** *ff.
Cinnte, tá sí ag cur eolais ar chultúr nua agus tá sé sin le moladh, nach bhfuil?