IS É Donnchadh Ó hAodha (67) uachtarán nua Chonradh na Gaeilge. Toghadh Ó hAodha le linn ardfheise na heagraíochta ar Nás na Ríogh, Co Chill Dara, ag an deireadh seachtaine.
As cathair Chorcaí ó dhúchas é ach tá cónaí air le fada i nGaeltacht Chúil Aodha agus tá baint aige leis an Chonradh ó bhí deireadh na 1960í ann.
Dúirt sé leis an cholún seo inné go raibh sé ag súil leis an eagras a neartú trí bhaill nua a earcú agus trí chomhoibriú le heagrais eile phobail.
Chreid sé gur éirigh “go réasúnta” leis an fheachtas ar son na Gaeilge san Ardteist; ní raibh bua ar fad ann ach bhí dul chun cinn déanta. Bhí sé ag iarraidh fosta go mbeidh cás na teanga chun tosaigh sa Seanad agus an toghchán sin ar na bacáin.
Bhí spéis ar leith aige i mic léinn a mhealladh i dtreo an eagrais nó chaith sé tamall ag plé le lucht U.C.C. ar son an Chonartha, rud a thug deis dó bheith “i dteagmháil leis an aoisghrúpa sin” agus tuigse níos fearr a fháil ar a gcuid riachtanas.
Mhothaigh sé go raibh “bóthar fada” roimh lucht na teanga agus ba mhian leis an t-eagras a dhéanamh níos gníomhaí, níos mó craobhacha a bhunú agus níos mó imeachtaí bheith ar siúl acu. Deis a thabhairt do dhaoine an teanga a labhairt ceann de na spriocanna móra a bhí aige agus níor leor é sin a fhágáil faoin Rialtas: “Caithfimid féin é a dhéanamh.”
Bhí sé le béim a chur ar thábhacht an diaspora. Chaith sé seal i Meiriceá agus bhí iontas air chomh láidir agus a bhí Éireannaigh sna Stáit Aontaithe ar son na teanga; thuig siad gur chuid dá bhféiniúlacht í agus ba mhian leis an mheon fábhrach sin a aistriú go hÉirinn. Agus é i dtábhairne amháin i Meiriceá chonaic sé scipéad a raibh “craic agus ceol” air agus chuaigh tábhacht na bhfocal sin i bhfeidhm air.
Bhí cúrsaí geilleagair go holc ach bhí bá agus tacaíocht ann don Ghaeilge. Bhí sé ag iarraidh go gcuirfeadh an Rialtas an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm go hiomlán.
Agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) beagnach 10 mbliana d’aois, tá caint ann ar athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht.
Mhol an Conradh ar an ardfheis láidriú a dhéanamh ar chearta phobal na Gaeltachta seirbhísí a fháil i nGaeilge sa Ghaeltacht; níor chóir go mbeadh siad ag brath ar scéimeanna trí bliana amháin.