Cumann deonach an teacs Ghaeilge

Beocheist: Tá scéal ag Nuala Ní Dhomhnaill faoi uair a tugadh cuireadh di páirt a ghlacadh i bhféile filíochta sa Fhrainc…

Beocheist: Tá scéal ag Nuala Ní Dhomhnaill faoi uair a tugadh cuireadh di páirt a ghlacadh i bhféile filíochta sa Fhrainc.

Is éard a bhí uathu go léifeadh aisteoir ag póidiam leaganacha Fraincise de na dánta an fhaid a bheadh an file féin ar chathaoir uillinn ag monabhar faoi lagsholas sa chúlra, a 'mumbo jumbo' mar a b'fhacthas dóibh. Nuair a chuir sí in iúl nach mó ná sásta a bhí sí leis an socrú seo thángthas ar an dara póidiam agus léigh an bheirt go soiléir chun tosaigh ar an ardán.

Ní foláir nó go bhfuil scéalta aistriúcháin againn go léir. Aoife Ní Thuairisg mar aoi ar The Panel an oíche cheana ag cur síos go taitneamhach ar na téarmaí leadóige "náid", "dias" agus "labáil" a d'úsáid sí agus í i mbun tráchtaireachta ó Wimbledon, nó ar an dtaobh eile iad siúd a chuireann Gaeilge ar cháipéisí oifigiúla a chailleann misneach mar nach mór go minic cloí le Béarla a chodail amuigh. An titim chainte móiréiseach, na meafair sheanchaite agus na focail gan bhrí a bhí mar ábhar ag Orwell ina aiste Politics and the English Language.

Is é a chuir ag smaoineamh ar aistriúchán mé, mí na Samhna bheith buailte linn agus leis sin seimineár bliantúil Chumann na Scríbheann nGaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Aistriúcháin ón Litríocht Chlasaiceach i Sraith an CTS atá mar théama acu i mbliana.

READ MORE

Deir George Steiner in aiste Homer i mBéarla, gur beag bliain san 18ú agus 19ú céad nach raibh file, scoláire, cléireach, múinteoir scoile nó fear uasal éigin ag gabháil d'aistriúcháin Bhéarla ar Homer, ar cuireadh a bhformhór i gcló.

Níorbh iad sin na leaganacha tosaigh Béarla agus is i bhfad roimhe sin freisin a déanadh na haistriúcháin Imtheachta Aeniasa agus Stair Ercuil. Is amhlaidh gurbh í an Ghaeilge an teanga iar-Eorpach is túisce a fuair a leaganacha féin de cuid de na clasaicí Laidineacha agus Gréagacha.

Is dócha gur faoin ainm Irish Texts Society atá ar chnámh droma na "distinctive volumes in green and gold bindings on shelves throughout the world", cur síos a rinne Brian Ó Cuív i leabhar a chuireadar amach i 1998, agus 100 bliain á chomóradh acu, is fearr aithne ar Chumann na Scríbheann nGaeilge. Bunaíodh an cumann deonach seo i Londain le téacsanna Gaeilge a chur i gcló ina mbeadh nótaí, gluais agus aistriúchán.

Taobh istigh de thrí bliana bhí trí imleabhar curtha amach acu a léirigh gné éagsúil agus tréimhse éagsúil de thraidisiún liteartha na Gaeilge.

Tar éis 100 bliain bhí 57 imleabhar ann. Orthu seo tá naoi dteideal le níos mó ná imleabhar amháin, rud a fhágann 40 teideal ar leith ann.

Ní haon ionadh go bhfuil stair agus dialann ar na hábhair is faide, Lebor Gabála Érenn (cúig imleabhar), Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn (ceithre imleabhar) agus Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (ceithre imleabhar), a scríobh Ciarraíoch a bhí ina mháistir scoile i gCo Chill Chainnigh ó Eanáir 1827 go dtí Iúil 1835.

Tá trí imleabhar ag Duanaire Dháibhí Uí Bhruadair, "one of the most important contributions to an understanding of Irish history from the seventeenth century on," a dúirt Ó Cuív.

Ag trácht dúinn ar fhilíocht bhí an oiread tóir ar Dhánta Aodhagháin Uí Rathaille gur díoladh an chéad chló go han-sciobtha nuair a tháinig sé amach sa bhliain 1911. An Duinníneach a bhí ina eagarthóir ar an imleabhar sin (maraon le Tadhdg Ó Donnchadha).

Bhí sé ina eagarthóir freisin ar na himleabhair Foras Feasa ar Éirinn II-IV, agus ar an leabhar is mó díol ag an gcumann, Foclóir Gaeidhilge agus Béarla. Rinne Dubhghlas de hÍde eagarthóireacht ar an chéad imleabhar, Giolla an Fhiugha agus ar Ghabháltas Shéarluis Mhóir. Ba é a bhí ina uachtarán ar an gcumann ó 1898 go bhfuair se bás in 1949.

Maidir le seimineár na bliana seo, deir Pádraigín Riggs go bhfuil an-suim á cur ag lucht na gClasaicí sa téama, ach go mbaineann an scéal le cúrsaí aistriúcháin freisin agus leis na cúinsí inar aistríodh na leabhair go Gaeilge an chéad lá, ceist a mbeidh Máire Ní Mhaonaigh (Cambridge) ag díriú uirthi.

Mar sin, is bhar ilghnéitheach é. Agus is ócáid an-taitneamhach ar fad é an seimineár bliantúil seo i gCorcaigh. Is iad Erich Poppe (Marburg), Diana Lufft (Cardiff) agus Fíona Cox (Corcaigh) na cainteoirí eile.

Agus beidh imeachtaí na bliana seo caite, is é sin, "Foclóir an Duinnínigh - P.S. Dinneen and the Dictionary: 1904-2004" á sheoladh ag an seimineár ar an 5ú Samhain. Eolas p.riggs@ucc.ie