Daltaí an Oileáin Úir

Beocheist: Cuireann "Daltaí na Gaeilge" dianchúrsaí Gaeilge ar siúl i Stát Nua-Eabhrac, New Jersey agus Pennsylvania

Beocheist:Cuireann "Daltaí na Gaeilge" dianchúrsaí Gaeilge ar siúl i Stát Nua-Eabhrac, New Jersey agus Pennsylvania. Bíonn ranganna ar fáil a oireann do dhaltaí ar gach aon leibhéal, ón ghlantosaitheoir go dtí an cainteoir dúchais.

Is í Ethel Brogan a bhunaigh "Daltaí na Gaeilge" i 1981. Is as Cathair Ard Mhacha ó dhúchas d'Ethel, áit ar fhoghlaim sí Gaeilge den chéad uair i gConradh na Gaeilge ansin, leis an Athair John Quinn.

Tháinig sí go Meiriceá i 1946, agus chaith sí ceithre bliana i Nua-Eabhrac roimh di cur fúithi faoin tuath i dtuaisceart Stáit Nua-Eabhrac, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill lena fear céile, Bill Brogan.

Cé go raibh cónaí uirthi sna Stáit Aontaithe, ní dhearna sí dearmad riamh ar a dúchas, ná ar an Ghaeilge. Ba bhall í de Chonradh na Gaeilge i bparóiste Naomh Maitiú i Manhattan. Dream bríomhar a bhí ann, de réir Ethel, daoine óga idir Éireannaigh agus Mheiriceánaigh, iad bródúil as a n-oidhreacht fein.

READ MORE

Thosaigh Ethel ag múineadh ranganna Gaeilge dá comharsana Meiriceánacha. Ní bhíodh na ranganna seo ar siúl ach oíche amháin in aghaidh na seachtaine agus níorbh fhada gur thug sí faoi deara go raibh sé iontach deacair an teanga a fhoghlaim ar an dóigh sin. Ba chuimhin léi an dóigh inar chaith sí féin mí iomlán gach samhradh ag foghlaim na teanga sa Ghaeltacht, gan Béarla ar bith a labhairt.

Shocraigh Ethel ar an deis chéanna a thabhairt dá scoláirí féin. D'eagraigh sí an chéad "Deireadh Seachtaine Gaeilge" i mí an Mhárta na bliana 1981.

Tháinig scoláirí ó rang Ethel chomh maith le lucht na ranganna áitiúla eile. D'fhreastail níos mó ná 30 duine ar an chéad chlár agus d'éirigh go geal leo. Bhí na scoláirí ábalta spórt a bhaint as an Ghaeilge mar theanga bheo labhartha.

Ón lá sin ar aghaidh, tá Ethel ag saothrú go dian ar son na teanga. D'eagraigh sí deireadh seachtaine Gaeltachta i ndiaidh a chéile. Faoi láthair, tá sceideal iomlán cláracha aici don bhliain ar fad. Is é an t-aon aidhm amháin atá ag "Daltaí na Gaeilge" ná an Ghaeilge a mhúineadh agus a chur chun cinn. Is iomaí duine a d'fhreastail ar na hócáidí seo agus a d'fhill abhaile chun cláracha dá gcuid féin a reáchtáil, bunaithe ar mhúnla Ethel. Tá na cláracha sin ar siúl ar fud Mheiriceá thuaidh anois agus tá Ethel fíorbhródúil astu.

Nuair a chuir Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, ceist orm dul go Nua-Eabhrac chun Gaeilge a mhúineadh don tseachtain Ghaeltachta ansin, thapaigh mé an deis. Ba é sin an chéad uair domh gabháil go dtí na Stáit agus bhí mé ar bís faoi. I ndiaidh domh cúpla lá a chaitheamh thart fá Manhattan, thóg mé an traein go hInis Fhada, áit ar bhuail mé le hEibhlín Zurrell, bean iontach eile.

Gael-Mheiriceánach í Eibhlín a rugadh is a tógadh i gCathair Nua-Eabhrac agus tá scoth na Gaeilge aici. B'as Luimneach dá tuismitheoirí ach d'fhoghlaim sí a cuid Gaeilge i Nua-Eabhrac le Jerry Dunbar as Béal Feirste.

Anois, bíonn Eibhlín ag eagrú agus ag múineadh na gcúrsaí Gaeltachta a bhíonn ar siúl in Esopus lasmuigh de Poughkeepsie N.E. agus áiteanna eile i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac. Bean bhríomhar éirimiúil í, lán fuinnimh agus díograise don teanga agus do lucht a foghlamtha.

Sean-eastát de chuid na mBráithre Máireacha a bhí mar ionad don chúrsa agus é suite ar bhruach na habhann Hudson. Bhí an t-ardrang agam agus ba léir go raibh ardchaighdeán Gaeilge acu agus iad ó gach aon chearn de Mheiriceá Thuaidh. Fear amháin as Texas, daoine as Nua-Eabhrac, New Jersey, California, fear as Corcaigh a raibh cónaí air i Manhattan, cúpla Muineachánach agus go leor eile.

Shaothraigh muid ar ghramadach na Gaeilge, léamh agus scríobh agus caint agus comhrá. Bhí ranganna ceoil, damhsa, drámaí, lá spóirt, scannáin, léachtaí san oíche, céilithe, seisiúin agus go leor eile ar siúl i rith na seachtaine.

Dar ndóigh, d'imigh an tseachtain ar nós na gaoithe agus nuair a d'fhág mé slán acu ar fad bhí na deora ag teacht le mo shúile. Dream chomh díograiseach sin ag saothrú ar son na teanga ar an taobh eile den Atlantach.

Nuair a chan muid Amhrán na bhFiann agus an Star Spangled Banner i ndiaidh a chéile ar an oíche dheireanach, thuig mé i gceart den chéad uair céard ba bhrí leis an fhocal 'Gael-Mheiriceánach'.