Sa bhliain 1977 a thosaigh mé a fhreastal ar mheánscoil na mBráithre Críostaí ar Bhóthar an Ghleanna, Béal Feirste. Sa bhliain chéanna a thug mé faoi Ghaeilge a fhoghlaim go foirmiúil den chéad uair.
Rinne múinteoir amháin bunscoile iarracht bheag focail Ghaeilge a theagasc dúinn i ndiaidh scrúdú an 11 plus a chríochnú ach ba í an mheánscoil an chéad bhlaiseadh ceart d'fhoghlaim teanga.
Déan mar a deirim, an mana a bhí in airde sna scoileanna; cuireadh ceachtanna romhainn agus b'éigean dúinn iad a fhoghlaim. An té nach raibh sé de chumas ann iad a fhoghlaim chomh tapa le daltaí eile, tugadh meas amadáin air.
Agus a leithéid de cheachtanna. Is é an chuimhne is mó atá agam ar thréimhse luath na meánscoile téacsleabhair mhóra thiubha agus línte fada focal chomh fiáin le fálta samhraidh.
Ní dhearnadh an iarracht ba lú an tsamhlaíocht a spreagadh; is é rud go ndearnadh iarracht an aigne a smachtú trí dhisciplín léitheoireachta agus staidéir. B'ionann foghlaim teangacha agus staidéar a dhéanamh ar dhíochlaontaí, ar aimsirí, ar mhionghnéithe na gramadaí.
Rinne mé staidéar ar Ghearmáinis, Fhraincis, Iodáilis agus Ghaeilge agus b'ionann an cur chuige i gcónaí - an Sé Do Bheatha, Mhuire a theagasc dúinn sa teanga ar dtús agus ansin cromadh ar na leabhair.
Tá cuimhne agam ar an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh os mo chomhair, First Steps in Irish, clúdach oráiste air agus pictiúr, más buan mo chuimhne, den Earagail air. Ba é pictiúr an tsléibhe an t-aon iarracht amháin a rinneadh leis an ábhar a dhéanamh éadrom. Níor bacadh mórán le léaráidí de chineál ar bith eile i dtéacsleabhair an t-am sin, na cinn Ghaeilge ach go háirithe agus ba mhór an díth é.
Rinne muid staidéar ar Eoghainín na nÉan leis an Phiarsach agus Dúil Uí Fhlaithearta don chúrsa A-leibhéil. Níor rith sé le duine ar bith gur cheart pictiúr d'fháinleog nó de chearc uisce a thaispeáint dúinn ó tharla a leithéid bheith gann faoi Andytown.
B'fhearr i bhfad a thuigfimis cás Eoghainín ach cleití daite na bhfáinleog a fheiceáil agus b'fhearr i bhfad a thuigfimis ealaín fhocail Uí Fhlathartha ach samhail bheag den chearc uisce a chur romhainn.
Ní dhearnadh é, ar ndóigh. Níor cheadmhach dathanna; mhair muid i ndomhan aondathach na leabhar scoile; tuamaí téacsúla a bhí iontu. Ag iompar léinn, a dúradh, ag iompar gan amhras.
Is ar an ábhar sin a spreagann saothar nua Cholmáin Uí Raghallaigh, An Teachtaire, lúcháir. Úrscéal grafach a thugann sé air, is é sin, scéal a insítear trí mheán na bpictiúr agus, aililiú, trí mheán na ndathanna. Tá an leabhar lán dathanna: dearg; buí; bán; dubh; oráiste agus ... Pléascann siad os comhair na súl; éiríonn na céadfaí ramhar ar imir agus ar thon. Cinnte, tá focail ann ach is línte aonair ar cuid den phictiúr iad.
Tá dhá leabhar foilsithe ag an Raghallach sa tsraith roimhe - An Sclábhaí agus An Tóraíocht - agus casadh bainte aige as scéalta traidisiúnta. Leanann sé den obair nuálach sin sa tríú leabhar agus scéal Phádraig ag filleadh ar Éirinn faoi chaibidil aige.
Cinnte, cuirimis Laochas Shéamuis Uí Shearcaigh agus Seanchas na Féinne Néill Uí Dhónaill roimh dhaltaí ar a seal aibí. Ach, idir an dá linn, splancaimis a samhlaíocht le dathanna. Dathanna! Gach aon chineál dathanna!
An Teachtaire (Cló Mhaigh Eo €9). Colmán Ó Raghallaigh a scríobh; Tomm Moore a mhaisigh