Rinne lucht na Gaeilge 611 gearán leis an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, anuraidh. De réir thuarscáil bhliantúil an choimisinéara do 2006 a foilsíodh Dé Luain, b'ionann sin agus ardú 47 faoin gcéad ar 2005; "méadú suntasach" a bhí ann.
Tháinig 30 faoin gcéad de na gearáin ón Ghaeltacht agus 38 faoin gcéad ó Bhaile Átha Cliath. De réir na tuarascála, níor bhain na gearáin uilig le sárú ar dhualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; bhain siad le fadhbanna gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le heagraíochtaí stáit. D'fhiosraigh an coimisinéir na gearáin seo de réir "spiorad" na reachtaíochta.
I gcás amháin, dhiúltaigh údarás áitiúil cead a thabhairt seoltaí i nGaeilge a úsáid i gclár nua na dtoghthóirí. Thug an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Dick Roche, le fios nach n-úsáidfí ach an leagan Béarla de sheoltaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Rinne sé sin leis an chlár a eagrú "ar bhonn siosmaideach".
Dúirt Ó Cuirreáin go raibh cosaint ag an Ghaeilge faoin Bhunreacht agus i reachtaíocht agus bhí stádas aici san Aontas Eorpach. Bhain cleachtas an Roinn Comhshaoil an bonn ar fad d'aitheantas oifigiúil bheith ag seoltaí i nGaeilge agus d'úsáid logainmneacha dátheangacha. Chinnteodh sé go mbainfí leas breise as na leaganacha Béarla de sheoltaí i mbileoga toghchánaíochta, ar chártaí vótála agus i ngnóthaí oifigiúla eile.
Léirigh na gearáin, a dúirt Ó Cuirreáin, nach ndearnadh beart de réir briathair i gcás sholáthar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit "níos réamhghníomhaí" ag cur daoine ar an eolas faoi sheirbhísí: "Mura dtuigtear go bhfuil rogha teanga dáiríre á tairiscint do chustaiméir is léir gur deacair a bheith ag súil go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
"Rómhinic a bhraitear gur in aghaidh a dtola, go mífhonnmhar nó go drogallach a chuirtear seirbhísí áirithe trí Ghaeilge ar fáil agus go mbaineann anró nó dua breise lena lorg. Ar an láimh eile, is minic a fhágann baill den phobal a mianta agus a gcearta chun gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge ar leataobh de bharr go mbraitheann siad go gcothóidh a leithéid d'éileamh míchompord, cantal nó míchaoithiúlacht."
Torthaí teanga
D'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh torthaí dhaonráireamh 2006 an tseachtain seo caite agus thug na figiúirí léargas ar chás na Gaeilge. De réir an daonáirimh, tá 1,656,790 duine sa Stát a bhfuil Gaeilge acu.
Labhraíonn mórchuid na ndaoine sin - 453,207 - Gaeilge taobh istigh den chóras oideachais amháin. As measc na ndaoine sin, thug 31,605 duine le fios go labhraíonn siad Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais in amanna. Níor labhair ach 18,677 acu an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.
I gcás daoine nach mbaineann leis an chóras oideachais ar chor ar bith, tá: 53,471 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil; 97,089 duine a labhraíonn í ar bhonn seachtainiúil; 581,574 nach labhraíonn go minic í agus 412,846 nach labhraíonn ar chor ar bith í cé go bhfuil Gaeilge acu.
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, gur léirigh líon na ndaoine gan labhairt na Gaeilge an géarghá a bhí le hollchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais trí bhéim a chur ar an teanga labhartha.
Éire Cholm Cille
Is é an tAire Oideachais Mary Hanafin a d'oscail Léachtaí Cholm Cille a bhí ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ag an deireadh seachtaine, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
"Éire agus an Eoraip sa 17ú haois" ba théama do na léachtaí, ach is é Éire agus an Eoraip san aois seo a bhí ina hábhar cainte ag Hanafin.
Agus í ag tagairt do na postanna atá anois san Aontas Eorpach ó tugadh stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge ann, dúirt sí go raibh "dúshlán" ag na hollscoileanna agus institiúidí eile féachaint chuige go mbeadh aistritheoirí oilte ann chun na postanna seo a líonadh. "Tá fadhb ann cheana," a dúirt sí.
Má tá, tá a chion féin á dhéanamh ag Ionad na dTeangacha i Má Nuad an fhadhb a réiteach. Meán Fómhair seo chugainn cuirfear tús le cúrsa Ard-Dioplóma san Aistriúchán (ar líne).
Fógraíodh Dé Sathairn go mbeadh duais airgid le bronnadh ar an té is airde marcanna sna scrúduithe ag deireadh an chúrsa.
Duais Bhreandáin Uí Dhoibhlin a thabharfar air in ómós don scoláire sin a bhfuil mórchuid déanta aige i réimse an aistriúcháin.
Ach ní i réimse an aistriúcháin amháin a bhfuil géarghá le scoláirí le hardchumas Gaeilge. Ba léir ó na cainteanna a tugadh nárbh fhéidir tuiscint cheart bheith ag duine ar stair an 17ú haois gan staidéar a dhéanamh ar na bunfhoinsí Gaeilge.
Ba rí-léir é sin sa chaint a thug an tOllamh Breandán Ó Buachalla dar teideal "Ó Néill agus an tAos Léinn". Cé gur tearc iad na foinsí Gaeilge ina bhfuil tagairt d'Aodh Mór Ó Néill tugann siad léargas ar an Niallach atá difriúil ar fad ón phictiúr atá le fáil i bpáipéirí stáit Shasana.
"B'ionann Éire an 17ú haois agus Éire na Gaeilge," a dúirt Liam Mac Cóil agus é ag tabhairt peirspeictíochta an scríbhneora ficsin ar stíl na nIarlaí sin a sheol ó Ráth Maoláin i dTír Chonaill chun mór-roinn na hEorpa i 1607.
Arís is ó fhoinsí Gaeilge na linne - idir phrós, fhilíocht agus ó shaothair ealaíne - a d'éirigh leis pictiúr a chur le chéile de shaol na ndeoraithe Éireannacha san Eoraip.
Dar le Breandán Ó Doibhlin, thug an tréimhse a chaith na hÉireannaigh ar mhór-roinn na hEorpa deis dóibh eolas a chur ar an mhodheolaíocht nua a bhí á cleachtadh ag scoláirí thall i gcúrsaí cultúir agus creidimh.
Ba é a thug an léacht deiridh den chomhdháil agus b'fhiú fanacht leis mar gheall ar an léargas a thug sé ar mheon mhuintir na hEorpa ag tús an 17ú haois agus ar an áit lárnach a bhí ag creideamh ann.
Ocht léacht ar fad a tugadh, agus seacht gcinn acu sin ar an Satharn. Bhí lón intinne i ngach ceann acu ach tá sé beagnach dodhéanta seacht léacht a chur isteach in aon lá amháin agus cothrom na Féinne a thabhairt do gach léachtóir agus do lucht freastail na comhdhála.
Duais Cheilteach
Bhain clár faisnéise de chuid TG4, Fear na nOileán, an phríomhdhuais ag Féile na Meán Ceilteach i bPort Rí, Oileán Sgítheanach, i nGaeltacht na hAlban ag deireadh na seachtaine.
Is é Féile na Meán Ceilteach an fhéile is tábhachtaí do mheáin chraoltóireacha na dtíortha Ceilteacha agus is é Spiorad na Féile an gradam is airde dá cuid.
Bronnadh an gradam sin ar Fear na nOileán as an léargas a thug sé ar an fheachtas a throid an tAthair Diarmuid Ó Péicín, sagart cúnta Oileán Thoraí breis is 20 bliain ó shin.
Chonacthas dó go raibh na húdaráis ag iarraidh go mbánófaí Toraigh. Bhunaigh Ó Péicín feachtas i bpáirt le muintir Thoraí agus chuir brú ar pholaiteoirí teacht ar mhalairt intinne. Bhí ceannaire an DUP, an feisire Eorpach Ian Paisley, ar dhuine acu sin a chuidigh leis, rud a chuir iontas ar dhaoine ag an am.
An comhlacht neamhspleách léiriúcháin Lugh Films, atá lonnaithe i dToraigh, a léirigh an clár agus is duine de bhunadh an oileáin, Ann Marie Nic Ruaidhrí, a scríobh.
aistritheoir - translator - anró- hardship - daonáireamh - census éileamh - demand - meon - attitude - rogha - choice