BEIDH DEIREADH le hÚdarás na Gaeltachta laistigh de thrí bliana, a dúirt Peadar Ó Flatharta, léachtóir ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus saineolaí ar chúrsaí teanga agus Gaeltachta Dé Luain. Agus ba léir gur “claochlú iomlán” seachas athstruchtúrú a bhí i ndán don eagraíocht faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Ag labhairt dó ar Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga i nGaillimh arú inné, mhol Ó Flatharta go gcaithfí tuilleadh ama ag forbairt an struchtúir d’fheidhmiú na straitéise mar go raibh rath na hoibre ag brath ar an struchtúr ceart bheith fúithi. Dúirt sé go raibh gá le pleananna gníomhaíochta a réiteach do gach mír sa straitéis agus le córas ceart measúnaithe. Ba dheacair aon mhórdhul chun cinn a fheiceáil i bhfeidhmiú na straitéise mura dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin éagsúla struchtúrtha.
Dúirt sé go raibh creimeadh leanúnach á dhéanamh ar mhaoiniú an Údaráis le blianta beaga anuas. Léirigh sé amhras faoin struchtúr a bhí molta sa straitéis 20 bliain inar samhlaíodh ról d’Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ar aon i bhfeidhmiú na straitéise.
Dúirt sé go raibh cuid de na cumhachtaí a bhí molta don údarás nua ag Foras na Gaeilge cheana.
Phléigh an chomhdháil lae le gnéithe éagsúla den phleanáil teanga go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus leis na dúshláin éagsúla a bhí roimh chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí a bhíonn ag sealbhú mionteangacha i bpobail dhátheangacha.
Thug Enlli Thomas, Ollscoil Bangor sa Bhreatain Bhig, léargas ar chuid de na fadhbanna a bhíonn ag cainteoirí Breatnaise agus ar ghnéithe de shíctheangeolaíocht shealbhú na Breatnaise. Labhair Xavier Vila i Moreno, Ollscoil Barcelona, ar na dúshláin ar leith a bhain le struchtúr casta déimitheageolaíoch na Catalóine. An fhorbairt shocheacnamaíoch agus pobal na mionteanga a bhí mar ábhar cainte ag John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Ar na téamaí comónta a bhí ag cainteoirí, bhí an deacracht a bhain le cainteoirí gníomhacha a dhéanamh d’fhoghlaimeoirí mionteangacha agus na fadhbanna a d’eascair as easpa struchtúir oideachais a d’aithin na riachtanais ar leith a bhíonn ag pobail mhionteangacha.
Mhol Ó Flatharta go dtabharfadh an Coiste Athbhreithnithe ar an nGaeloideachas, a moladh sa straitéis 20 bliain, aghaidh arís ar mholtaí maidir le bunú bhord oideachais ar leith don Ghaeloideachas. Ní raibh sé ródhóchasach, áfach, go dtarlódh a leithéid i bhfianaise an easpa tola a bhí léirithe ag an Roinn Oideachais maidir le haird a thabhairt ar cheisteanna faoin nGaeloideachas.
Dúirt Conchúr Ó Giollagáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nach raibh aitheantas tugtha ag an Stát don ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht agus go raibh ag teip ar an gcóras oideachais go háirithe struchtúr a chur ar fáil chun freastal orthu siúd a bhí ag foghlaim na Gaeilge mar chéad theanga.