BEOCHEIST:LEANANN AN saol ar aghaidh. Nárbh é an tÉireannach Samuel Beckett féin a dúirt: "I can't go on. I'll go on." Ar aghaidh linn.
Bhí scéal aisteach ar an Idirlíon ar na mallaibh. Leaid óg a chaill a liathróid peile i súnámaí tubaisteach na Seapáine anuraidh, cad déarfá ná gur thángthas ar liathróid ar chósta Alasca na mílte míle i bhfad óna bhaile dúchais.
Dúirt oifigigh ó Riarachán Náisiúnta Aigéanach agus Atmaisféarach Alasca gur lánúin mheánaosta a tháinig ar an liathróid agus iad amuigh ag siúl cois trá ar oileán Alascach. Bhí ainm an déagóra fós scríofa ar an liathróid.
Mar a tharlaíonn, is Seapánach í bean chéile an fhir a tháinig ar an liathróid agus chuireadar scairt ar an tSeapáin. Labhair siad leis an stócach Misaki Murakami go mba leis an liathróid. Tá faoin lánúin an liathróid a sheoladh ar ais chun na Seapáine go luath.
Seo an chéad phíosa smionagair a tháinig i dtír ó bhaile Rikuzentakata i dtuaisceart na Seapáine, baile atá lonnaithe tuairim is 5,100 míle ón áit ar tháinig an liathróid i dtír.
“Níl dabht ar bith ach gurb í mo liathróidse í ceart go leor,” a dúirt Murakami leis na meáin áitiúla sa tSeapáin. Ní hamháin gur scrios an súnámaí baile Rikuzentakata féin ach leagadh teach cónaithe mhuintir Murakami go talamh.
Chaill an teaghlach chuile rud idir throscán agus eile nuair a bhuail an tonn mhór an tír sin ar 11ú de mhí an Mhárta, anuraidh.
Ní hamháin gur scriosadh lear mór bailte ar chósta thoir thuaidh na Seapáine, maraíodh os cionn 19,000 duine ag an am céanna.
Eachtra aisteach liathróid peile Misaki Murakami ach eachtra a raibh críoch shona uirthi mar thoradh ar thragóid uafásach.
Ní minic a chloistear scéalta ó chríocha na Seapáine anseo in Éirinn. Cé go bhfuil iarrachtaí móra á ndéanamh againne Éireannaigh chun cairdeas a shnaidhmeadh leis na tíortha Áiseacha faoi láthair, níl cur amach rómhór againn ar an gcuid sin den domhan trí chéile.
Eisceacht is ea an leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis leis an scríbhneoir Éireannach Gabriel Rosenstock (leabhar a roghnaigh ClubLeabhar.comle déanaí agus leabhar a bhfuil aistriúchán Béarla air tagtha ó Academica Press, San Diego, i mbliana).
Agus domhandú na cruinne faoi lán seoil, áfach, táimid ag cur eolais ar an Áise de réir a chéile. Chonaic mé scannán álainn leis an stiúrthóir Seapánach Hirokazu Kore-Eda (r.1962) le déanaí, scannán a phléigh scriosadh tí; sa chás seo ba scrios fisiceach agus síceolaíoch a bhí á phlé ag Kore-Eda seachas díreach scrios foirgnimh.
Teideal bunaidh an scannáin seo sa tSeapáinis ná Kiseki a chiallaíonn Míorúilt.
An mhíorúilt atá á lorg ag an mbeirt deartháireacha óga sa scannán seo ná go mba mhaith leo cónaí in aontíos arís lena chéile. Tá an bheirt acu ag cur fúthu i bhfad óna chéile mar go bhfuil a dtuismitheoirí tar éis colscaradh a fháil.
An buachaill is sine, Koichi, atá 12 bliain d’aois, tá sé imithe chun cónaithe lena sheantuismitheoirí i ndeisceart na Seapáine; an leaid is óige, Ryonosuke, fanann sé lena athair sa tuaisceart.
Caithfear a rá nach rómhinic a phléitear téama an cholscartha i slí chomh lom réalaíoch agus a dhéantar sa scannán seo. (Tá go leor scannán áiféiseach leathghreannmhar Hollywood ar an ábhar seo ar nós The Break-Up gan dabht).
Níl maoithneachas ar bith le haireachtáil ar an scéal seo agus feicimid faoi mar a ghoilleann colscaradh a dtuismitheoirí ar an mbeirt leaid óga seo trína súile leanbaí féin.
Deartháir amháin tosaíonn sé i mbun turgnaimh drugaí, an leaid eile, cúlaíonn sé isteach go ciúin ann féin – róchiúin caithfear a admháil. Tá an dís gortaithe go dona ag scrios an teaghlaigh s’acu agus an t-aon rud comónta atá acu dá réir ná go mba mhaith leo bualadh lena chéile arís agus iarracht a dhéanamh a dtuistí a thabhairt ar ais le chéile dá mb’fhéidir in aon chor.
Ealaíontóir é Kore-Eda nár leasc leis riamh iniúchadh a dhéanamh ar théamaí idir throm, dháiríre agus theibí: an bás, an chuimhne agus an caillteanas, cuir i gcás. Scannán atá bunaithe ar fhíorscéal a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Kore-Eda atá sa scannán An Mhíorúilt, scannán a bhfuil teideal nua I Wish ar an leagan (le fotheidil Bhéarla) atá ar dvd anois.
Ní déarfaidh mé níos mó faoin scannán seo seachas go bhfuil an urcharthraein nó an Shinkansen, mar shiombail lárnach ann.
Íomhá seo na traenach, is íomhá í a thóg Kore-Eda ón scannán bóthair eile sin Stand by Me, scannán Meiriceánach le Rob Reiner (1986). An domhandú mar sin agus na buntáistí a ghabhann leis: ealaíontóirí ag dul i gcion ar a chéile – agus dul i gcion orainne.