Anois agus deireadh le toghcháin áitiúla agus Westminster i dTuaisceart Éireann, níor mhiste cuid na teanga a chíoradh - agus ról Fhoras na Gaeilge ach go háirithe.
Mar is eol dúinn, bunaíodh an Foras Teanga faoi Chomhaontú Bhéal Feirste agus tá dhá chuid de sin i gceist: Foras na Gaeilge féin agus Tha Boord o Ulster-Scotch.
Nuair a bunaíodh an tionól sa Tuaisceart den chéad uair, cheap an feidhmeannas ochtar comhaltaí ar bhord an fhorais. D'ainmnigh an SDLP ceathrar; Sinn Féin beirt agus an UUP beirt agus cheap an Rialtas ochtar eile sa Stát seo.
Is mór an t-athrú atá i ndiaidh teacht ar an scéal sa Tuaisceart ó shin, ámh. Is é Sinn Féin an páirtí is mó náisiúnaíoch agus an DUP an ceann is láidre aontachtúil. Tá an tionól ar fionraí agus gach seans gurb amhlaidh a bheidh go ceann bliain nó dhó. Thiocfadh dó go mbeadh ar rialtas na Breataine toghchán nua tionóil a chur sa siúl sula mbunófaí feidhmeannas nua - má bhunaítear a leithéid ar chor ar bith.
Gach seans go gcuirfeadh an DUP le líon a gcuid ionadaithe agus is fúthu - ó thaobh an phobail aontachtúil de - a bheadh sé comhaltaí na bhforas thuaidh/theas a ainmniú, má thoileann siad a leithéid a dhéanamh ar chor ar bith. Beidh, gan amhras, guth ag Sinn Féin agus an SDLP i roghnú cuid acu sin. Ní tráth histéire go fóill é, gan amhras.
Is é rud is práinní nár samhlaíodh riamh go mbeadh tionchar chomh mór seo ag páirtí chomh diúltach leis an DUP ar chúrsaí Gaeilge.
Dúirt ceannaire an pháirtí, Ian Paisley, cheana féin gurbh ionann vóta an DUP agus deireadh leis an "so-called agreement".
Reitric, a deir tú. B'fhéidir é ach seo an dream a thug "leprechaun language" ar an Ghaeilge, a léirsigh taobh amuigh de cheannáras an fhorais i mBaile Átha Cliath agus a chreideann go bhfuil teanga chumtha na hUltaise agus teanga bheo na Gaeilge ar comhchéim lena chéile.
De réir mar a thuigtear, beidh a dtréimhse istigh ag bunús chomhaltaí Fhoras na Gaeilge faoi dheireadh na bliana seo. Fuair go leor de na comhaltaí síneadh ama roimhe seo agus thiocfadh dó go gcuirfí an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas síneadh eile ama ar fáil dóibh sa chás nach mbíonn tionól Stormont ar bun. Sa mhéid is go gcoinneodh an dara tréimhse éigeandála an dé san obair, mairfidh an t-eagras.
Mar sin féin, ní dea-thuar é go mbeidh tréimhse fhada marbhántachta eile roimh an eagras is saibhre teanga. Ní den chéad uair a tharla sé seo agus baineann an éiginnteacht d'údarás agus de chumas an eagrais arís eile.
Tá ceist na réamhphleanála agus pleanáil fhadtéarmach i ndiaidh teacht chun cinn go mór le blianta beaga anuas. Tuigeann na heagrais teanga ar fad gur den dea-chleachtas a leithéid bheith ar siúl le bonn mar is ceart a chur faoin earnáil.
Níl cúrsaí polaitíochta ag cuidiú le réamhphleanáil an fhorais nó le réamhphleanáil na n-eagras atá faoina stiúir nó le pleanáil fhadtéarmach.
Is daoine coinsiasacha iad comhaltaí agus foireann an fhorais agus leanfaidh siad den obair. Ach cailleann gach aon duine - bíodh uachtarán, príomh-aire nó comhalta i gceist - údarás na ceannasaíochta agus iad ag tarraingt ar dheireadh téarma.
Cad é mar a spreagann na comhaltaí an fhoireann agus fios ag an fhoireann gur ceapacháin sealadacha iad leath na gcomhaltaí agus cad é is fiú don fhoireann moltaí a chur faoi bhráid na gcomhaltaí ar an chúis chéanna?
Agus an colúnaí seo i dteagmháil le ranna rialtais agus lucht teanga thuaidh agus theas, ba léir rud amháin - níl de phlean A ann ach fanacht go deireadh na bliana feiceáil cad é a tharlóidh sa Tuaisceart. Níl de phlean B ann ach guí go dtarlaíonn rud éigin.
Géarchéim chiúin faoi láthair ach géarchéim mar sin féin.