Beocheist: Ní fada anois go mbeidh ceannaire nua i mbun RTÉ Raidió na Gaeltachta, an deichiú ceannaire ó osclaíodh an stáisiún go hoifigiúil Domhnach Cásca 1972.
Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an stáisiún ó shin. Ar feadh trí uair an chloig sa lá a bhí an stáisiún ag craoladh nuair a thosaigh sé. Anois tá RnaG ag craoladh ceithre huaire fichead sa lá ar FM, agus é le fáil ar shaitilít agus ar an Idirlíon.
Nuair a thosaigh RnaG bhí sé soiléir gur stáisiún raidió do phobal na Gaeltachta a bhí ann go príomha. Ba sa nuacht áitiúil óna gceantar féin is mó a chuir pobal na nGaeltachtaí suim.
Sna blianta tosaigh dfhéach lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an stáisiún mar dheis chun fuaimeanna cearta na Gaeilge a chluinstin. Tríd is tríd, mhothaíodar gur ag cúléisteacht a bhí siad le caint faoi chúrsaí nach raibh aon bhaint acu leo.
Ach le himeacht ama tuigeadh go raibh léargas á thabhairt ar nuacht RnaG ar eachtraí in Éirinn agus thar lear nach raibh le fáil ar RTÉ. Bhí ar chumas an fhoireann nuachta daoine le Gaeilge a aimsiú in áiteanna éagsúla ar fud an domhain chun a leagan pearsanta féin a thabhairt ar scéalta móra a bhí difriúil go minic ón leagan a bhí ag an tuairsceoir ar nuacht RTÉ. Is iomaí duine lasmuigh den Ghaeltacht a d'éist, agus a éisteann, le cláracha nuachta RnaG mar gheall ar an dearcadh difriúil seo.
Tá cláracha eile ann a thuilleann pobal éisteachta fud fad na tíre. An clár, Leagan Cainte, mar shampla nó an clár ceoil, Sruth na Maoile, a dhéantar i gcomhpháirt le BBC na hAlban. Is é a locht a laghad, dar lena lán, agus ba mhinic brú á chur ar RnaG freastal níos mó a dhéanamh ar phobal Gaeilge na tíre uilig agus níos lú ama a thabhairt do chúrsaí áitiúla.
Cé go bhfuil méid éigin déanta ag gach ceannaire an dá thrá a fhreastal, is léir go bhfuil formhór na gcláracha dírithe ar phobal i gceann éigin de na ceantair Ghaeltachta. Tuigtear dom gur beag aird a thugann pobal ceantair amháin ar chláracha ó cheantar eile. Is beag clár a mheallann muintir na gceantar Gaeltachta uilig gan trácht ar an phobal lasmuigh díobh. An mar sin a bheidh feasta?
"Sé dúshlán na Ceannaireachta a chinntiú gurb í an tseirbhís an príomhphointe teagmhála laethúil do phobal na Gaeltachta agus do phobail ilghnéitheacha na teanga," a dúradh san fhógra a bhí sna nuachtáin ag fógairt folúntas an cheannaire.
Cibé ciall atá le déanamh as na focail "príomhphointe teagmhála" is léir go bhfuil idirdhealú á dhéanamh ag údaráis RTÉ idir pobal na Gaeltachta agus pobail na teanga agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh an té a cheapfar don phost in ann freastal orthu go léir.
Ach an gá an t-idirdhealú? Don chuid is mó nach iad na hábhair suime chéanna atá ag lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht? Cé gur fíor gur chuidigh RnaG go mór le muintir na gceantar Gaeltachta dul i dtaithí ar chanúintí a chéile, feictear dom go mbeadh fear Ghaoth Dobhair níos mó ar a chompord le Gaeilgeoir as Doire ná mar a bheadh sé le Ciarraíoch as Dún Caoin.
Agus má ghlactar leis gur seirbhís phobail é RnaG, atá ann go príomha le freastal ar mhuintir na Gaeltachta, bheadh argóint mhaith ann ar son cláracha Béarla a chraoladh ar an stáisiún mar nach é an Béarla príomhtheanga chéatadán ard de na daoine atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta?
Tá oiread cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus atá sna ceantair Ghaeltachta go léir le chéile. Is beag freastal a dhéanann RTÉ a haon nó a dó orthu. Is i mbliana a cuireadh RTÉ le hainm Raidió na Gaeltachta. An amhlaidh go rabhthas ag iarraidh thabhairt le fios gur stáisiún Gaeilge níos mó ná stáisiún Gaeltachta a bheadh ann feasta agus go raibh sé i gceist ceannaire a cheapadh a d'fhéadfadh an t-athrú sin a chur i gcrích?