Éire uaigneach ach cairde ag Merriman

Fóram domhanda eacnamaíochta a bhí ar siúl i nDavos na hEilvéise a fhad agus a bhí fóram domhanda intleachta Chumann Merriman…

Fóram domhanda eacnamaíochta a bhí ar siúl i nDavos na hEilvéise a fhad agus a bhí fóram domhanda intleachta Chumann Merriman ar siúl i gCathair na Mart, Maigh Eo. "Anocht is Uaigneach Éire: Imeacht na nIarlaí, 1607" an téama a bhí ag an scoil ag an deireadh seachtaine agus bhí tuairim is 400 duine i láthair na gcainteanna. (Ní raibh Éire ró-uaigneach ar chor ar bith!)

Tá rún de chineál éigin aimsithe ag an scoil a cheannódh Smurfit féin nó ba léir go raibh a lucht leanúna féin ag an chumann, daoine a bhí ag teacht ó thús ré agus daoine eile - lucht óg acadúil go minic - a bhí ag teacht as an nua. Ní daoine acadúla a bhí sa lucht féachana uilig ach an dream iontach sin, an chosmhuintir, agus iad ag tabhairt cluas le héisteacht do léachtóirí agus d'ábhar a bhí, ag an iriseoir seo, casta go maith; polaitíocht na bProinsiasach agus filíocht ré na nIarlaí, mar shampla.

Ach d'éist siad agus ba mhór an tógáil croí ag léachtóir ollscoile ar bith lucht féachana chomh dílis sin a aimsiú. (Ceist eile ar fad, áfach, an mbeidh an dílseacht chéanna ag glúin óg TG4 don ócáid agus atá ag arm seasta Chumann Merriman.)

Ócáid don intleacht a bhí ann gan amhras agus ócáid thar a bheith traidisiúnta ina chur i láthair. Diomaite de chlár faisnéise a craoladh, bhain na hócáidí eile leis an uirlis is traidisiúnta den iomlán, an béal. Labhair daoine, d'éist daoine, chuir daoine ceisteanna, freagraíodh iad. D'aithneodh Sócraitéas an cur chuige sin gan stró. (B'fhéidir gur i gCathair na hAithne agus ní i gCathair na Mart a bhí muid i ngan fhios dúinn féin?)

READ MORE

Bhí cumha áirithe le brath i dtéama na hócáide agus thuigfeá dó sin. Chuir na cainteoirí in éadan "Teitheadh na nIarlaí" mar chur síos ar an ócáid; "imeacht" a bhí ann; bhí rún ag na taoisigh filleadh.

Léiriú tábhachtach a bhí sa mhéid sin d'éifeacht agus de chumas focal. Thuig an lucht féachana seo, thar dream ar bith eile, an tábhacht a bhaineann le focail. Agus bí ag caint ar fhocail mhóra thiubha. Chan cainteoirí focail theibí as an fhoclóir agus shílfeá nach raibh ar siúl acu ach pionta bainne a iarraidh sa siopa.

Chorraigh iriseoir éigin leis an Indo cuid den lucht freastail le halt nuachtáin, á rá go raibh an Ghaeilge marbh - cé go gcaithfeá a rá nach raibh an chuma ar an scéal go raibh mórán de lucht léitheoireachta an Indo i láthair. Lucht léite an Irish Times iad dá gcreidfeá an plámás. Bhuel, thaispeáin lucht na scoile nach raibh an Ghaeilge marbh agus go raibh cumas inti na téamaí is casta a phlé.

Agus cúiteamh éigin a bhí in imeachtaí na scoile ar stair chruálach na hÉireann. Rinne muintir Merriman comóradh ar iarlaí Ultacha, chaoin deoir ina ndiaidh agus d'ól pionta orthu. Sea, b'fhéidir go bhfuair na Sasanaigh an lámh in uachtar ar na Gaeil bhochta 400 bliain ó shin ach bhí na Gaeil beo ar fad. Bhí ollúna agus léachtóirí, amhránaithe agus filí fud fad na háite agus iad faoi ghradam. Tá cogadh fada an chultúir ar siúl go fóill agus níor imigh (nó níor theith!) na saighdiúirí coise.

Ní luaithe comóradh amháin ar Imeacht na nIarlaí críochnaithe go bhfógraítear an dara ceann. Beidh "Imeacht na nIarlaí: an Oidhreacht Liteartha" ar siúl faoi choimirce Éigse Cholm Cille i gColáiste Mhig Aoidh, Doire, Dé hAoine 2ú Márta agus Dé Sathairn, 3ú Márta.

Ar na cainteoirí, beidh: Breandán Ó Buachalla; Micheál Mac Craith; Diarmuid Ó Doibhlin agus Nollaig Ó Muraíle. Eolas: 01-2895733.