Feachtas le hábhar nua Gaeilge a chur ar fáil don Ardteist

TUARASCÁIL: TÁ FEACHTAS láidir ar bun chun tabhairt ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ábhar nua, Litríocht agus Saíocht …

TUARASCÁIL:TÁ FEACHTAS láidir ar bun chun tabhairt ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ábhar nua, Litríocht agus Saíocht na Gaeilge, a chur ar fáil don Ardteistiméireacht.

Chun a míshástacht leis an “chéim síos” don litríocht san Ardchúrsa Gaeilge a chur in iúl don Aire Oideachais chomh maith le polaiteoirí eile, oideachasóirí, lucht tríú leibhéal agus daoine eile ar spéis leo todhchaí na teanga, bunaíodh Meitheal Ghaeilge ATAL, ar a bhfuil ionadaithe ó Ghaelscoileanna, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Comhairle Oideachais Gaeilge agus Ghaeltachta.

Ba mhian le Meitheal go ndéanfadh freastal ceart ar dhaltaí na Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge agus ar scoláirí ar mian leo staidéar ceart a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá 95 faoin gcéad de na múinteoirí Gaeilge sna coláistí lán-Ghaeilge ag tacú leis an éileamh.

Is í Áine Ní Ghallchóir ó Ionad na dTeangacha Nua in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad atá ina cathaoirleach ar Mheitheal. Dar leis an ghrúpa “ní aithníonn an siollabas nua Gaeilge go bhfuil cainteoirí ó dhúchas, daltaí na Gaelscolaíochta ná daltaí cumasacha agus díograiseacha eile ann ar féidir leo agus ar mian leo caighdeán ard maidir le teanga agus saíocht na Gaeilge a bhaint amach ag deireadh an dara leibhéal oideachais”.

READ MORE

Tá siad den tuairim go ndéanfaidh sé “dochar don Ghaeilge, mar theanga phobail, mar ábhar scoile agus mar ábhar acadúil muna gcuirtear clár níos téagartha ar fáil go comhuaineach leis an siollabas seo”.

Tá Meitheal ag éileamh ar an Roinn Oideachais imlitir 20/2010 a tharraingt siar nó ábhar nua – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge – a chur ar fáil agus an ceart ag gach dalta an t-ábhar breise seo a dhéanamh in éineacht leis an nGaeilge agus 200 pointe a bheith ar fail dó.

I litir a chuir Meitheal amach chuig na scoileanna iarbhunleibhéil lán-Ghaeilge iarradh ar na múinteoirí Gaeilge aiseolas a thabhairt faoi leasuithe an Roinn Oideachais ar an siollabas agus a dtuairimí faoin chúrsa nua, atá á éileamh ag Meitheal, a chur in iúl. Tá 90 faoin gcéad acu den tuairim nach bhfuil dóthain dúshláin ag baint leis an chúrsa nua. Tá os cionn 90 faoin gcéad míshásta le gach gné den chúrsa agus deir 95 faoin gcéad acu gur mhaith leo ábhar nua.

Ó d’eisigh an Roinn Oideachais an siollabas leasaithe do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i lár mhí an Mhárta tá míshásamh léirithe ag eagraíochtaí éagsúla agus ag daoine aonair, an tAire Gaeltachta Pat Carey ina measc, faoin laghdú suntasach ar an litríocht sa chúrsa, go mórmhór sa chúrsa ardleibhéil.

Sa siollabas nua, a bheidh i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn, agus a ndéanfar scrúdú air i 2012, beidh 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul don bhéaltriail agus 10 faoin gcéad eile don triail chluastuisceana. Tá an cúrsa litríochta gearrtha siar do shleachta gearra as saothair phróis agus roinnt dánta agus gan ach 16 faoin gcéad de na marcanna ag dul dó.

Tá laghdú ar líon na bhfocal atá le scríobh san aiste ó 600 focal go 400 focal agus deireadh le Stair na Gaeilge. Ciallaíonn na hathruithe seo go bhféadfadh duine pas, nó fiú Grad C, a fháil san Ardchúrsa Gaeilge ar chumas cainte agus tuisceana amháin.

Agus daltaí ar thóir pointí do chúrsaí tríú léibhéal is beag spreagadh atá sa chúrsa chun forbairt a dhéanamh ar scríobh agus léamh na teanga agus tuiscint cheart a fháil ar oidhreacht liteartha na Gaeilge.

IS í Fíona Uí Uiginn, múinteoir Gaeilge i gColáiste Íosagáin agus ball de Bhord Stiúrtha Ghaelscoileanna, rúnaí Mheitheal agus tá taithí 30 bliain aici ag múineadh Gaeilge i scoileanna éagsúla.

“Ní fheileann an cúrsa litríochta atá sa siollabas leasaithe do dhaltaí na Gaeltachta ná na nGaelcholáistí toisc nach bhfuil dóthain litríochta ann ná aon dúshlán ag baint leis an méid atá ann,” a dúirt sí le Tuarascáil. “Ar an drochuair, níor thapaigh an Roinn Oideachais an deis leasú a dhéanamh ar an siollabas litríochta áit a raibh géarghá leis. Tá an méid céanna litríochta le clúdach ag na daltaí seo fós ach tá laghdú suntasach ar an méid atá le déanamh ag an dalta ardleibhéil.

“De bharr na n-athraithe seo fágfaidh na scoláirí an scoil gan aon tuiscint acu ar an saibhreas liteartha atá sa Ghaeilge ná aon tuiscint ar oidhreacht liteartha agus chultúrtha na teanga. Cruthóidh sé sin fadhb mhór dóibh siúd gur mian leo leanacht leis an nGaeilge ag an tríú leibhéal.

“Ní bheidh na scileanna i léamh agus scríobh na teanga acu a mbeifí ag súil leo ag leibhéal na hollscoile. Níos measa ná sin ní bheidh na scileanna teanga ag na scoláirí sna scoileanna Gaeltachta nó sna Gaelcholáistí le tabhairt faoi ábhair mar Stair, Eacnamaíocht, Tíreolas, Gnó ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Ní chreidim gur féidir linn na scileanna sin a thabhairt dóibh leis an siollabas seo.”

Is trí Bhéarla a dhéantar an teagasc in 85 faoin gcéad de na scoileanna iarbhunleibhéil sa Stát agus, ag cruinniú a d’eagraigh Comhar na Múinteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath le déanaí, thug formhór na múinteoirí a bhí i láthair le fios go raibh siad sásta leis an siollabas nua. Bhí ionadaithe ón eagras ar an ghrúpa a dhréachtaigh an siollabas nua.

Dúirt Anna Davitt, príomhfheidhmeannach Chomhar na Múinteoirí Gaeilge go raibh a lán de na múinteoirí den tuairim go raibh an iomarca litríochta ar an chúrsa roimhe seo. Ag an am céanna tuigeann an t-eagras go bhfuil gá le cúrsa a mbeadh níos mó téagair ann do dhaltaí a bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu agus tacaíonn an eagraíocht le héileamh Mheitheal ábhar nua, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge, a chur ar fáil.

Tugann Mícheál Ó Ruairc cúrsaí do mhúinteoirí ar fud an Stáit ar son Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus deir sé gurb í tuairim thromlach na múinteoirí a fhreastlaíonn ar na cúrsaí go bhfuil an siollabas nua níos fearr ná an an ceann a bhí ann.

Chuir an méid a bhí le scríobh faoin litríocht agus san aiste a lán daltaí ó dhoras, a dúirt sé agus is é an toradh a bhí air gur roghnaigh siad an t-ardchúrsa a dhéanamh in ábhar eile.

B’údar imní dóibh, áfach, a laghad ama (15 nóiméad) atá leagtha síos don bhéaltriail agus 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul dó.

Cé go bhfáiltíonn Meitheal roimh an bhéim ar an teanga bheo sa siollabas nua is údar imní dóibh nach léir, go dtí seo, cén córas monatóireachta a bheidh i bhfeidhm chun cumas cainte na ndaltaí a mheas sa bhéaltriail. Go dtí seo níl aon treoir tagtha ón Roinn Oideachais faoi sin.

Faoi láthair, déanann daltaí idirbhliana i roinnt scoileanna an scrúdú cainte, a eagraíonn Ionad na dTeangacha Nua i Maigh Nuad ar a dtugtar Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

Tá córais mheasúnachta TEG ceangailte leis an bhfráma comónta Eorpach a mhol Coimisiún na hEorpa i 2001 chun gur féidir cumas cainte an fhoghlaimeora i dteanga Eorpach amháin a chur i gcomparáid lena chumas i dteanga Eorpach eile.

Foclóir

ábharsubject – acadúilacademic – aiseolasfeedback – dúshlánchallenge – feachtascampaign – foghlaimeoirlearner – leasúimprovement – oidhreachtinheritance – saíochtlearning – scilskill – siollabassyllabus – suntasachsignificant – tuiscintunderstanding – taighderesearch