TUAIRISCÍODH GO raibh crith talún sa mBreatain Bheag ag an deireadh seachtaine. Ní chreidim focal de. Séard a chonaic na seismeolaithe ná iarchreathadh as an suaitheadh polaitiúil in Éirinn, a scríobhann Seán Ó hÉalaí.
Ní pobalbhreith a bhí againn Déardaoin. Labhair muintir na hÉireann. Chuir siad guth lena bhfearg. Dúirt siad glan amach nach gcuirfeadh siad suas le plámás ná le bladar a thuilleadh ó aon pháirtí.
Ní hamadáin iad. Tá a fhios acu gur dallamullóg gan dealramh gan náire atá sa gcaint faoi "choinníollacha domhanda" bheith taobh thiar dár gcuid trioblóidí airgeadais ar fad.
Tá an pobal corraithe, eaglach agus ar bheagán muiníne. Níl aon fhonn orthu éisteacht le bolscaireacht. Tá siad tinn tuirseach de pholasaí á la comhairleoirí cumarsáide, dubh dóite den gcur i gcéill agus den spin. Tá a bhfoighid caillte acu le hAirí nach féidir leo a mbéil a oscailt nó ceist a fhreagairt gan ghealbhán i gculaith ar a nguaillí ag cogarnaíl ina gcluasa.
Breathnaigh ar líon na vótóirí a thug tacaíocht d'iarrthóirí neamhspleácha agus do lucht na heite clé, líon atá ag dul i méid ó thoghchán go toghchán.
Tá an tsoiniciúlacht sin faoi pholaiteoirí páirtí a luaitear go minic le pobal na hÉireann á taispeáint féin anois sna boscaí vótála. Ionracas, éifeacht agus obair chrua atá ag teastáil ó na vótóirí as seo amach agus is mairg don té nach dtugann dóibh iad.
Tar éis na tubaiste a d'fhulaing Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas, tá tírdhreach na polaitíochta abhus athraithe ar bhealach nach bhféadfaí a shamhlú deich mí ó shin. Is tírdhreach seasc scanrúil ar nós pictiúir le Dali é, radharc lom as tromluí ina bhfuil an réaltacht súite amach as na hearraí is coitianta, rud a thugann cuma bhagarthach dóibh.
Is ar éigean go bhfuil a ngreim coinnithe ag an dá pháirtí ar mhuin na muice. Ach cá mhéad suíochán a chaithfidh tú a chailliúint go dtí go n-aithníonn tú géarchéim?
Tá a n-ionadaithe áitiúla ar fad beagnach caillte ag an gComhaontas Glas agus rinneadh slad ar Fhianna Fáil ar na húdaráis chéanna.
Má tá aon chomhairleoirí síceolaíocha díomhaoin tar éis dóibh bheith ag déileáil leis na daltaí bochta arbh éigean dóibh scrúdú Béarla Ardteiste a dhéanamh Dé Sathairn, b'fhiú don dá pháirtí iad a fhostú.
Beidh sé crua ar Fhianna Fáil, go háirithe ar sheanfhondúirí an pháirtí. Chonaic siad an páirtí ag teacht isteach ón bhfuacht. Mhair siad chun Fianna Fáil a fheiceáil ag fás, ag mealladh tromlaigh agus ag teacht i gcumhacht. Sa deireadh, ba é an páirtí ba láidre sa Stát éagus rialaigh sé leis féin amhail is go raibh an chumhacht dlite dóibh ó lámh Dé..
Bhí Fianna Fáil chomh dochloíte agus chomh héifeachtach sin mar mheaisín toghchánaíochta nach raibh sé dodhéanta go mbainfeadh siad cumhacht amach leo féin. Bhuel d'imigh sin agus tháinig seo. Díreach mar a tháinig an páirtí chun réitigh le roinnt na cumhachta, caithfidh FF éirí cleachtaithe le bheith cosúil le haon pháirtí eile. Muna bhfilleann a gcuid tacaíochta, sin a mbeidh iontu amach anseo. Ba chróga an té a scríobhfadh feartlaoi Fhianna Fáil, áfach. Cuimhnigh nach bhfuil ann ach traidhfil de bhlianta ó chaith tráchtairí áirithe Fine Gael ar charn aoiligh na staire. Féach anois iad.
Maidir leis an gComhaontas Glas, níl de rogha acu ach greim a choinneáil ar mhuin na muice. Sa tírdhreach osréalach Dalíoch atá fágtha againn, níl sé deacair John Gormley a shamhlú ag rith trasna an chanbháis i ndiaidh féileacán agus ag scairteadh: "Cén ghéarchéim?"