Fine Geal an Lae

CROBHINGNE: NACH LÁNAIT é nuair a luíonn an bhróg go trom ar dhaoine go ngluaiseann siad ar dheis seachas ar chlé? Nach lánaite…

CROBHINGNE:NACH LÁNAIT é nuair a luíonn an bhróg go trom ar dhaoine go ngluaiseann siad ar dheis seachas ar chlé? Nach lánaite fós é nuair is pianmhaire an fhuipeáil gur mhó a shantaítear í?

Bhí fianaise roimhe seo againn go raibh an tír breac le sádaithe éagsúla, ach níor léir go dtí anois go rabhamar chomh tugtha sin don mhasacas.

Caithfidh go bhfuil 801,729 duine amuigh ansin a bhaineann taitneamh as an bhféinsciúrsáil, agus ní féidir le haon duine a rá ach “go mbaine sibh is go sceana sibh!”

Is fíor go raibh seachtó is a seacht gcúis amuigh ansin le Fáinne Fill a lámhach, ach níor sléacht Bhaile Ó Síoda ar fad a bhí ann dóibh. Tháinig níos mó ná aon duine amháin saor ón bpléasc, dá mba ar éigean é. Tá bagairt á déanamh acu go bhfuil siad chun filleadh ar a bpréamhacha, ach nuair a tharraingítear préamhacha aníos is rómhinic go mbíonn salachar smeartha orthu.

READ MORE

Ní móide go rachaidh Féine Fóill an bóthar céanna is a chuaigh Aontacht Éireann, agus Clann na Poblachta, agus Clann na Talmhan, agus An Daonlathas Clé, agus Poblacht Chríostúil, agus An Páirtí Críostaí Láir, agus Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre, agus An Páirtí Daonlathach fós, ach phlab siad de phlimp mar a thiteann uachtar reoite ar do bhróg i lár an tsamhraidh. Bhí pus orthu ag an deireadh seachtaine ar nós práta aimsir an drochshaoil, ar nós iarsmalainne cogaidh, ar nós guma cogainte na hoíche aréir. Bhí an chuma orthu go raibh siad chomh caite le leaba in óstán dreancaideach, iad ag stánadh orainn as súile a bhí cosúil le meacain bhána, agus iad ag baint oiread taitnimh as le neascóid i bpoll ascaille. Mar sin féin, tá siad chomh crua le cnámh seanbhó, chomh domhaite le peaca forchoimeádta, chomh solúbtha le smugairle róin. Suas is ea as seo suas dóibh.

Cloisfear mórán cainte ar an léine ghlas a chur orainn ar son na tíre (agus an pháirtí) nuair ba léine róin a bhronn siad orainn go dtí seo. Is róbhaol, áfach, gurb í an léine ghorm a chuirfear umainn as seo suas, bíodh nach ndéanfar aon chaint oscailte ar ghearradh an phinsin seanaoise ná ar cháin bhreisluacha a chur ar bhróga leanaí.

Tá slite i bhfad níos caolchúisí ag an ngeaing trom sinn a bhualadh anois seachas mar a bhíodh sna seanlaethanta. Beifear ag maíomh gurb iad ailtirí na haiséirí iad, nuair is ailtirí an taiséadaigh a bheidh iontu dáiríre. Bíodh go bhfuil siad macánta go maith ag trácht ar an tríocha míle duine a dhíbreofar as an tseirbhís phoiblí – figiúr cuid mhaith níos lú ná mar a bhíodh ag ollchruinnithe Eoin Uí Dhufaigh, is fíor – níl aon trácht ar na siopaí agus ar na tionscail bheaga a dhúnfar de dheasca na ndaoine sin nach mbeidh an ceint le caitheamh acu. Síos is ea as seo suas dúinn go léir.

Má tá an cathú ann d’Fhianna Feall filleadh ar a ndúchas, ní foláir nó tá an cathú céanna ann d’Fhine Geall. Ní móide go bhfuil fonn ar dhuine ar bith solas geal an lae a chaitheamh ar na préamhacha sin anois, agus bheadh sé mí-oiriúnach aon rud a rá mar gheall ar chuid de na moltaí breátha a bhí ag baill áirithe den pháirtí le suim bhlianta anuas. Is fíor go gcabhródh slabhraí a chur ar phríosúnaigh le tionscal an iarainn, agus clib a chur ar an lucht siúil le forbairt na leictreonaice, ach níor chabhair ar bith é do na siopadóirí éadaigh cosc a chur le caitheamh húdaí.

Bheadh sí míbhéasach labhairt ar smaointe forásacha mar sin ar ócáid stairiúil mar seo, agus ní bhainfeadh sé le cineáltas ach oiread aon tagairt a dhéanamh do na daoine a bhí in aon leaba leo siar síos. Dá bhrí sin, ar son na cothromaíochta, ní luafar aon rud adúirt John A. Costello faoi na léinte dubha agus na léinte donna, ná pioc ar bith a shil amach as béal Oliver J. Flanagan faoi Adolf Schlicklgruber.

Róghnóthach ar fad a bheidh siad ag foghlaim na gcleas agus ag iarraidh an mac tíre ag an doras a choimeád istigh. Is nuair a scaoilfear den éill iad a thosnóidh an spórt.

Chuala tú anseo ar dtús é! Dar príosta agus mama maria duce! Ní fhacamar tada fós. Cuir do ghnó chun taisce, do chuid iníonacha i bhfolach, do chuid airgid i mbosca faoin leaba, glas ar do phóca cúil, snaidhm ar do bhundún, cúb chugat féin, fáisc ar do chuid leasracha, tóg an píce as an tuí, clasaigh a bhfuil agat led ucht, léim an dá bhruach, déan d’fhaoistin agus abair do phaidreacha.

Laistigh de shé mhí beidh gol is gíoscán fiacal agus slogarnach focal siar sa bhráid ar shlí nach féidir a shamhlú fós.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar