Crobhingne: Anois go bhfuil an Cháisc thart b'fhéidir go bhfuil an t-am ann chun reiligiún nua a cheapadh. Tá tuirse ar na Críostaithe ní foláir, agus gach duine eile lán de sheacláid.
Ní foláir nó tá an uain cheart anois ann chun cur le reiligiúin an domhain. Tar éis an tsaoil is beag seachtain a théann thart nach gcuirtear chun eaglais nua éigin i Meiriceá, agus cá bhfios cad tá ag borradh sna sléibhte lastuaidh de Nepal.
Bíodh is go bhfuil go leor tugtha againn don domhan mór, ní heol dom gur cheapamar reiligiún nua riamh. Is fíor go mbíonn clostrácht anois is arís, agus go leor geabstaireachta timpeall ar an gcríostaíocht cheilteach, nach raibh ann le fírinne ach scata manach ag cogan feamainne agus iad beo ar uibheacha na creige.
Caithfidh mistéir a bheith san reiligiún nua seo, gan amhras, smut éigin osnádúrtha, sagartóireacht chéimnithe, peacaí dá chuid féin, luach saothair éigin le baint amach ag deireadh an aistir, agus is den riachtanas cúpla siombal a chaitheamh isteach ar fud na gcos.
Agus sa saol a mairimid anois ann d'oirfeadh taoscán maith láidir den eolaíocht, leis, mar is túisce a ghéilltear dó sin ná do sheanleabhair agus d'fháithe le féasóga.
An chuid is mó de reiligiúin an tsaoil is reiligiúin de chuid na spéire iad. Tá Dia agus na haingil thuas, agus is anuas a thagann an guth as an tor nó an neach leis na leathanaigh órga.
De bharr oiread sin spéise san éiceolaíocht agus san timpeallacht is aníos a thiocfadh an creideamh nua seo, mar a dheineadh an phágánacht fadó.
Is thíos fúinn atá máthair gach maitheasa, agus is ann atá an torthúlacht. Níos sia ar aghaidh ná sin, is é an t-uisce an leacht is beannaithe agus is naofa dá bhfuil ann, mar is amhlaidh gur aníos as an uisce - seachas anuas ó na crainn - a thángamar ar dtús.
Is é an duine buaic na cruthaitheachta, ach is é is dán dó filleadh ar an uisce in aon timthriall mór bithbhuan éigríochta. Is é sin, is ag dul ar ais go dtí an damhna as ar déanadh an chruinne a bheimid, siar-raíocht, mar a déarfá.
Tá an t-eolas seo ar fad ar fáil i scríbhinní móra na héabhlóide, cé gur aiséabhlóid is cuspóir don reiligiún seo. Nochtadh an fhírinne seo ar fad san teachtaireacht a chuir an neach beannaithe Xezqa chugainn (tá na litreacha aduaine sin thar a bheith tábhachtach), ach tá iomlán a chuid léargais le fail ar an Idirlíon ar shuíomh nach bhfuil ar eolas ach ag na hardsagairt amháin.
Tá gráid faoi leith san reiligiún seo. Cleachtairí a thugtar ar na fíréin, mar is iad a chleachtann an creideamh; teachtairí ar na gnáthshagairt mar is iad a iompraíonn an teachtaireacht; reachtairí os a gcionn siúd arís; agus neachtairí ar an ngrád is airde os iad is gaire don neach is airde agus is acu siúd amháin atá an fíorfhios.
As sin a thagann an nochtadh, nó an léirstint ar a dtugtar "fíorfeas". Focal é gan inscne, gan infhilleadh, gan séimhiú ina lár mar go bhfuil sé lasmuigh de raon na ngnáthrialacha. Ceapfaidh daoine gur ar mhúnla "Forfás" atá sé tógtha, nó cumtha d'fhonn tál ar mhacalla an fhocail "fíoras", a bhfuil cruas na fírinne ann. Ach ní hamhlaidh atá: "fíor" atá sé, mar tá an fhírinne ann, agus gach creideamh eile bréagach dá réir, agus tabharfaidh sé "feas" duit, ar an saol a bhí, atá agus a bheidh, agus gheobhaidh tú síocháin anama agus ilchealla dá bharr.
Beidh cosc ar éisc a ithe, nó rud ar bith a shnámhann faoin uisce nó ar dhromchla an uisce, nó neach ar bith a bhfuil scamall ar a gcuid lapaí. Beidh meas speisialta ar an bhfrog mar is den dá chineál é, agus is é an droichead é idir ríocht an uisce agus fearann tirim an talaimh. Fairis sin, is macalla é an ghrágaíl bhrúchtach a dheineann sé ar an ollphléascadh a thug ann don chruinne uile go léir, agus mar sin is meabhrú é ar ár dtús agus ar ár gcríocha déanacha nuair a shloigfear ar ais sinn sa Pholl Dubh atá i lár an tsaoil istigh. Beidh ar na fíréin cultacha snámha a chaitheamh faoina gcuid gnáthéadaí mar chomhartha beannaitheachta agus mar nasc rúnda eatarthu go léir.
Is í an t-aon deacracht amháin atá ann nach bhfuil saibhreas dhá mhíle bliain laistiar den chreideamh seo, agus mar sin, beidh ar gach duine 22 faoin gcéad dá gcuid ioncam (figiúr a piocadh aníos ón loch) a thabhairt ar láimh don Ard-Neachtaire a thabharfaidh aire mhaith dhó ina chuntas bainc féin.
Tar éis scór éigin bliain de seo, ní féidir go mbeidh deich milliún duine bunoscionn leis an bhfírinne.