TÁ TAITHÍ ag daltaí agus múinteoirí na hArdteiste ar bheith ag léamh Foinse sa Rang, forlíonadh oideachais an nuachtáin Ghaeilge. Ach as seo amach beidh deis acu éisteacht le Foinse sa Rangagus féachaint ar fhíseáin nua atá curtha le chéile ag rannóg oideachais an nuachtáin mar áis teagaisc don bhéaltriail.
Agus béim nua le leagan ar thábhacht na Gaeilge labhartha san Ardteist tá
Foinseag dul i muinín na teicneolaíochta le deis a sholáthar do mhúinteoirí agus dhaltaí na hArdteiste ní hamháin na scileanna riachtanacha don scrúdú cainte a fhorbairt ach le blaiseadh a thabhairt dóibh ar eispéireas an scúdaithe féin.
Chuige sin, tá sraith 25 físeán déanta do
Foinse sa Rangag an saineolaí oideachais, Nicholas Clancy, ina bhfuil aisteoirí le feiceáil agus iad i 'mbun an scrúdaithe'. Maireann an 25 ceacht idir 4-6 nóiméad an ceann agus díríonn gach ceacht ar ghnéithe éagsúla den scrúdú cainte, ar na rudaí ba cheart do dhalta a dhéanamh agus ar na botúin ar cheart a sheachaint.
Dúirt úinéir
Foinse, Pádraig Ó Céidigh, go mbeadh éileamh ar an tseirbhís nua agus go mbeadh sí ina háis teagaisc iontach ag múinteoirí na hArdteiste.
"Cúrsa iomlán atá ann don bhéaltriail, dáiríre. Tá obair mhór ar bun againn faoi láthair ar bhreis áiseanna teagaisc a chur ar fáil mar chuid dár seirbhís oideachais
Foinse sa Ranga bhfuil an-rath air agus atá faoin am seo mar chuid lárnach den chur chuige teagaisc i seomraí ranga ó cheann ceann na tíre agus tá an cúrsa nua seo mar chuid den obair sin," a dúirt sé.
"Úsáideann an cúrsa nua an teicneolaíocht chun buntáiste breise a thabhairt do mhúinteoirí agus daltaí atá ag ullmhú don scrúdú cainte. Caithfear bheith chomh ceannródaíoch faoi theagasc na Gaeilge agus is féidir. Measaim go gcuirfidh múinteoirí an-suim ann mar tá taithí ag go leor leor acu ar
Foinse sa Rangagus meas mór acu air."
Beidh cúrsa nua Foinse don bhéaltriail ar fáil ar www.foinse.ie an tseachtain seo chugainn. Beidh an chéad chuid den chúrsa ar fáil saor in aisce agus beidh síntiús ag teastáil don chúrsa iomlán.