Is é Seán Tadhg Ó Gairbhí, arbh as Ráth Caola in iarthar Luimnigh dó, atá ceaptha ina eagarthóir ar an nuachtán, Foinse, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Tá céim aige sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus thosaigh sé ag obair leis an nuachtán Feabhra 2001. Tá sé 24 bliain d'aois.
"Bhí an t-ádh ar Foinse duine chomh hábalta le Breandán Delap bheith ina eagarthóir air ar feadh seacht mbliana," a dúirt sé.
Is í an íomhá chéanna den pháipéar a bhí ag Delap atá aige féin, is é sin, páipéar Gaeilge ina mbeadh scéalta nuachta de gach uile chineál ann, seachas scéalta faoin Ghaeilge. Tuigeann sé go mbíonn Gaeilgeoirí ag lorg scéalta a bhaineann le ceist na teanga, mar is beag seans go bhfaighidh siad sna páipéir eile iad, ach is dóigh leis go bhfuil sé níos tábhachtaí go mbeadh "léargas eile" le fáil in Foinse ar mhórscéalta na seachtaine.
Tá pleananna aige maidir le roinnt athruithe a dhéanamh ar an pháipéar, "mar go bhfuil sé tábhachtach do nuachtán bheith ag athrú". Bhí leisce air mórán a rá fúthu go dtí go mbeadh cinneadh déanta ina dtaobh.
Thug sé le fios, ámh, gur mhaith leis féin níos mó béime a chur ar "súil siar" ar imeachtaí na seachtaine seachas ar nuacht te. Tá sé ag súil níos mó spáis a thabhairt do léirmheasanna leabhar, idir Ghaeilge agus Bhéarla, agus leanfar leis na colúin atá ann faoi láthair agus leis an leathanach scigiúil Ar Son na Cúise.
Níl ach beirt thuairisceoirí lánaimsireacha ag Foinse faoi láthair, Irene Ní Nualláin i nGaillimh agus Sorcha Ní Mhonacháin i mBaile Átha Cliath. Beidh an post a bhí ag Ó Gairbhí á fhógairt go luath.
Dúirt sé gur léirigh an fhoireann go raibh ar a gcumas teacht timpeall ar na srianta a bhí orthu: "Níl na hacmhainní againn tuairisceoir a chur go Bagdad ach táimid ag foilsiú sleachta as dialann Iarácach mná atá ina cónaí i nGaillimh."
Aontaíonn sé go raibh foinsí eolais an-mhaith ag Delap agus gur éirigh leis roinnt scéalta a fháil a tharraing aird an phobail ar an pháipéar. Tá sé i gceist aige féin na foinsí sin a úsáid.
Toisc Foinse bheith á fhoilsiú ar an Cheathrú Rua is as an taobh sin tíre do chuid mhór de na mórscéalta nuachta a bhíonn acu. Dúirt Ó Gairbhí gur cáineadh an páipéar ó ham go céile mar gheall air seo agus go raibh faoi níos mó scéalta a fháil ó réigiúin eile.