Foras le gearradh siar ar airgead na n-eagras deonach

Tá Foras na Gaeilge le gearradh siar 10 faoin gcéad a dhéanamh ar bhuiséid na n-eagras deonach atá faoina gcúram

Tá Foras na Gaeilge le gearradh siar 10 faoin gcéad a dhéanamh ar bhuiséid na n-eagras deonach atá faoina gcúram. Ar na heagrais atá i gceist, tá: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge; An tOireachtas; Pobal, an tIontaobhas ULTACH; Gaelscoileanna; an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus Coláiste na bhFiann.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seosamh Mac Donncha, go raibh "an-díomá" orthu faoin ghearradh siar €2 milliún a rinne an Rialtas ar a mbuiséad féin do 2003. Bhí an t-eagras "éadóchasach go maith" go mbeadh siad ábalta freastal ar riachtanais na n-eagras deonach agus oideachasúil faoi na coinníollacha úra a bhí i bhfeidhm.

Dúirt Mac Donncha go raibh na comhaltaí "an-chorraithe" faoin ísliú céime a thug an Rialtas don eagras trí 11 faoin gcéad a bhaint dá gcuid airgid. "Masla" a bhí sa ghearradh sin de réir an Fhorais. Ní dhearnadh an rud céanna ar fhoras trasteorann ar bith eile. Léirigh an cinneadh nár thuig an Rialtas an obair leochaileach a bhí ar siúl acu agus nár tuigeadh na himpleachtaí a bheadh ann do chur chun cinn na teanga. Ní raibh an Rialtas ag aithint mar ba cheart dínit agus seasamh an eagrais mar fhoras uile-Éireann.

Bhí tograí ar luach €7 milliún faoi bhráid an Fhorais Dé Luain. Níor phléigh siad ceann ar bith ar bith acu. Chinn na comhaltaí nárbh fhiú ó tharla nach raibh an t-airgead acu chun iad a mhaoiniú. D'iarr an t-eagras ar an Aire Éamon Ó Cuív athmhachnamh a dhéanamh ar ghiorruithe an bhuiséid le go mbeadh an Foras áblata leanstan ar aghaidh lena gcuid oibre.

READ MORE

Dúirt cathaoirleach an Fhorais, Maighréad Uí Mháirtín, nach raibh "rogha eile againn ach gearradh siar a dhéanamh ag gach leibhéal, ar ghníomhaíochtaí an Fhorais féin, ar dheontais agus ar thograí". Ba ghá feachtas ar son na bhforas uilig a eagrú: "Tá siad óg agus caithfidh siad fás. Ní thig le grúpa ar bith feidhmiú faoi na coinníollacha seo. Tá na heagrais ag fanacht le treoir agus caithfidh muid treoir a thabhairt dóibh."

Níl amhras ar bith ann ach gur buillí troma iad an gearradh siar agus easpa maoiniú tograí do na heagrais. Ciallaíonn an cinneadh nach féidir leo forbairt inmheánach ar bith a dhéanamh trí chur lena bhfoireann féin - tá seans ann go mbeidh postanna i mbaol - agus nach féidir leo forbairt seachtrach a dhéanamh le fiontair ar leith pobail.

Cuirfidh imeachtaí an Luain leis an teannas idir an Foras agus na heagrais dheonacha. Creideann mórán daoine sna heagrais chéanna go bhfuil cúrsaí imithe chun donais ó ceanglaíodh leis an Fhoras iad.

Is beag duine nach gcreideann gur féidir leo forbairt a dhéanamh ach is beag deis a bhí acu de bharr na ngéarchéimeanna rialta polaitiúla a chuireann as don Fhoras agus dóibh féin dá bharr.

Mothaíonn roinnt san earnáil chéanna go bhfuil ról ar leith acu go fóill i gcur chun na teanga. Is iad na heagrais an chéad phointe teagmhála a bhíonn ag an phobal leis an teanga. Níl oifigigh nó oifigí nó ionadaithe ag an Fhoras tríd an tír mar atá ag na heagrais.

Lena chur ar bhealach eile, más spéis leat cúrsaí iascaireachta, cláraíonn tú leis an chlub áitiúil, ní théann tú go dtí Roinn na Mara.

Beidh sé crua ar na heagrais fosta glacadh go réidh leis an ghearradh siar agus gan fios acu cad é mar a chaitheann an Foras a mbuiséad féin. Tá an t-eagras bunaithe le trí bliana ach níor fhoilsigh siad cuntais go fóill.

Ní easaontóidh mórán daoine go bhfuil treoir de dhíth ar earnáil na teanga. Is é an cheist a bheidh ag na heagrais dheonacha an féidir leis an Fhoras a leithéid a thabhairt agus an samhlaíonn siad go bhfuil ról ar bith le bheith acu féin ann?