Crobhingne: B'shin dúil nach raibh riamh ormsa, an dúil mhallaithe chun an tobac. Ní fheadar nach dtosóinn fós, mura mbeadh ann ach go bhféadfainn páirt a ghlacadh san díospóireacht bhuile seo atá ar siúl idir lucht an phléisiúir bhig fara bás in Éirinn, agus lucht an neamhphléisiúir agus gan bás ar bith.
Ina theannta sin, braithim go bhfuil cuid mhór den saol imithe tharam gan bhlaiseadh. Nuair a bhínn féin agus mo pháirtithe ag gandalaíocht ar chúinne na sráide ba mhinic iad ag tarraingt bun toitín as íochtar póca agus á dheighilt ón nguma coganta.
Shíntí an guma chugamsa agus chromtaí ar an smut toitín a ól. Is dócha gurbh í an chasachtach agus an plúchadh anála a thug le fios domsa nár bheart róchríonna a bhí anseo acu.
D'fhoghlamaíos go leor mar sin féin ó chompántas an deataigh. Is amhlaidh gur le seach tobac a bhíodh siad laistiar den tanc ola i gclós na meánscoile am sosa, agus b'fhiúntaí go mór an chabaireacht cainte sin ná Caesar ná Cicero ná Céimseata. Mar sin féin, thug mé suas don chathú agus ba mhinic amhras orm ó shin.
Ar an gcéad dul amach nuair a tháinig na drugaí eile an treo, an marijuana agus na jointeanna eile a d'osclódh an doras ar mo chuid féitheacha, ní raibh mé in ann iad a thaobhú.
Fad is a bhí mo chairde sínte ar an leaba, ag eitilt i dtreo na bhflaitheas agus ag labhairt filíochta as cúinní a mbéil, bhí mise im shuí ar an staighre ag iarraidh gan dul le Búdachas. Braithim uaim na físeanna úd nach raibh riamh agam, agus na dathanna sin laistiar den bhogha ceatha.
Ní foláir géilleadh do na húdair, gan amhras. Is mó sin cara agam a raibh na fiacla ar crith ina scornach, na súile ag déanamh cleas na lúb ina shúile, agus a chuid ingneacha ag tochas codanna dá chorp nárbh eol dó a bheith ann go bhfuair sé an puth.
Ba chuma nó míorúilt an t-athrú a tháinig air ina dhiaidh sin, chomh suaimhneach le huain, chomh peatúil le puisín. Ní foláir nó tá maitheas éigin ann, adéarfá, ar fhianaise do radhairc féin.
Agus ar fhianaise na leabhar, leis. Cuntas Thomáis Uí Chriomhthain in An tOileánach ar an tseanlánúin sa leaba ag ól a bpíopa ionas go mba dhóigh leat gur long gaile a bhí iontu.
Aithne agam ar dhuine a cheap dá n-ólfadh sé go leor de phoitín Chonamara go bhfeabhsódh a chuid Gaeilge as éadan; ar an gcuma chéanna ní móide go mbeadh Peig chomh greanta sin mar scéalaí murach ar chaith sí de thobac lena beo.
Fear mór bunanna toitíní ba ea Seosamh Mac Grianna freisin, agus féach go raibh sé ar dhuine de na stílithe pinn is ealaíonta riamh againn. Scríobh an t-údar mór Cúbach G. Cabrera Infante ardshaothar ag moladh an tobac, agus fág go bhfuil an dearg-ghráin aige ar Castro, tá siad ar aonfhocal maidir le todóga traidisiúnta na tíre.
Ní fios arbh iad na todóga, an branda nó an lá sa leaba a thug fadsaoil do Winston Churchill, nó gur mhian leis Dev a fheiscint ag tabhairt na nóiníní roimhe.
Deir an seanfhocal nach féidir a shárú: "Caith do phíopa is bí i do thost/ Mar níl sa tsaol ach gal is toit."
Pé ní mar gheall air sin, tá athrú saoil, ceann eile, romhainn. Lucht na dtithe tábhairne ag lorg páipéirí dól, in ainneoin a dheacra is atá sé airgead a chailliúint ar phub.
Is é a ghoillfidh ormsa ná go mbeidh tú in ann dul isteach sa tábhairne feasta agus daoine a fheiscint nach bhfaca tú riamh cheana. Beidh sé ar nós radharc a fháil ar Lios na Síóg, agus tuigimid a chontúirtí is a bhí sin.
An donas seo de bhreis ar dhíbirt na mine sáibh ón urlár áit a bhféadfá smaois agus smuga a chaitheamh go nádúrtha agus gan ina háit ach leacracha sleamhaine nó cairpéad tacair.
An clár adhmaid a bhféadfá ranna beaga bacacha a ghreanadh air le scian phóca caite aniar ar son bord formica nó cruaphlaisteach.
Tá réiteach amháin air, agus tairgím an méid seo don saol, gan airgead comhairleora a lorg. Nuair a tháinig an tobac chun na hEorpa ar dtús i dteannta an earra Ghaelaigh eile sin, an práta, bhí siopaí nó bothanna gaile le fáil go fairsing sna bailte móra. Is ann a théadh ár dtiarnaí móra chun cúrsaí an tsaoil a réiteach. Osclaítear arís iad!
Ní bheadh le déanamh ansin ach ceadúnas biotáille agus leanna a thabhairt dóibh. Cara carad agam, deir sé go dtabharfaidh sé 'An Bús Deataigh' ar a cheann féin.