CREIDEANN AIRE na Gaeltachta, Pat Carey, go léiríonn figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge go bhfuil an teanga “á labhairt go forleathan sa Ghaeltacht i gcónaí agus ar a dtoil ag lear mór den dream óg”. Tugann an scéim cabhair airgid do theaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha acu.
De réir thorthaí na scéime don bhliain scoile 2009/2010 a d’fhoilsigh Carey inné, rinne 3,355 teaghlach Gaeltachta iarraidh ar dheontas. Shocraigh an Roinn ar dheontas iomlán (€260) a bhronnadh ar 2,326 teaghlach, ar dheontas laghdaithe (€130) a thabhairt do 449 teaghlach; diúltaíodh 520 ar fad agus tá 60 iarratas faoi scrúdú go fóill.
Ba as Gaillimh a tháinig an líon ba mhó iarratas. Lorg 1,292 teaghlach deontas; fuair 1,044 acu sin deontas iomlán; fuair 118 deontas laghdaithe; dhiúltaigh an Roinn 100 iarratas agus bhí 30 iarratas le scrúdú.
Ba é Dún na nGall an dara contae ba mhó ó thaobh iarratas de. Chuir 1,132 teaghlach isteach ar an scéim; thuill 795 teaghlach deontas iomlán; 150 a fuair deontas laghdaithe; diúltaíodh do 169 agus bhí 18 fós faoi staidéar.
Fuair 245 teaghlach i gCiarraí deontas iomlán agus 61 deontas laghdaithe. Dhiúltaigh an Roinn deontas ar bith a thabhairt do 67 teaghlach agus bhí iarratas amháin le meas go fóill.
Thuill 104 teaghlach i gCorcaigh deontas iomlán; 32 a thuill deontas laghdaithe agus diúltú a fuair 31 iarratas.
Fuair 65 teaghlach i bPort Láirge deontas iomlán; 14 a fuair deontas laghdaithe agus 10 a bhí sa líon diúltaithe. 38 teaghlach sa Mhí a shaothraigh deontas iomlán; 14 a thuill ceann laghdaithe agus 13 a fuair diúltú glan. Fuair 35 teaghlach i Maigh Eo deontas iomlán; 60 deontas laghdaithe; diúltaíodh do 130 teaghlach agus bhí 11 iarratas faoi chaibidil.
Dúirt Carey go raibh gliondar air gur éirigh le formhór na dteaghlach a rinne iarratas faoin scéim deontas a fháil agus “cruthúnas” a bhí sa socrú sin go raibh an teanga á labhairt fud fad na Gaeltachta. Mar sin féin, ní thiocfadh le dream ar bith luí siar ar na maidí rámha chomh fada agus a bhain sé le forbairt na teanga mar mheán cumarsáide pobail agus teaghlaigh sa cheantar.
Bhí na figiúirí “seasmhach go maith,” a dúirt sé. (Rinne 3,518 teaghlach iarratas faoin scéim don scoilbhliain 2007/08). Ach dúirt Carey gur thug taighde sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht le fios go raibh “práinn” i gceist le stádas na teanga sa Ghaeltacht.
Ba é an rud ba thábhachtaí anois Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm a luaithe agus a b’fhéidir. Bheadh cuspóirí na straitéise bunaithe ar an chur chuige ab fhearr ó thaobh phleanáil na teanga agus na sochtheangeolaíochta. Ba é a rún leanstan den scéim don scoilbhliain 2010-11 ach thiocfadh dó go ndéanfaí “athdhearadh” uirthi le deimhniú go mbeadh sí ag teacht le haidhmeanna agus cur chuige na straitéise 20 bliain.