Gaeilge éigeandála ar fáil do thuismitheoirí agus d'fheighlithe

Á, FAOISEAMH. Is tuismitheoir tú agus tá do chuid páistí ar ais ar scoil. Buíochas do Dhia, a deir tú. Ach fan

Á, FAOISEAMH. Is tuismitheoir tú agus tá do chuid páistí ar ais ar scoil. Buíochas do Dhia, a deir tú. Ach fan. Is tuismitheoir tú a bhfuil páiste ar ghaelscoil agat.

Níl do chuid oibre ach ina tús. Caithfidh tú cúpla focal a labhairt leis an leanbh agus níl mórán Gaeilge agat nó b’fhéidir nach bhfuil mórán Gaeilge ag an fheighlí linbh agus tusa ar shiúl chun na hoifige gach lá, ag saothrú leat.

Ná bíodh imní ort. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (www.naionrai.ie) i ndiaidh leagan nua den leabhrán – BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí– a fhoilsiú. Tá caibidlí gairide ann ar cheisteanna a chur, bheannachtaí, rabhaidh, am codlata, chúrsaí leighis agus ar thurais.

Agus ó tharla gur fhógair an t-eagras inné gur osclaíodh 25 naíonra nua i mbliana; ardú ar 17 anuraidh agus ar 5 cinn arú anuraidh, shílfeá go mbeadh go leor léitheoirí nua ann don leabhrán.

READ MORE

Tá na habairtí ar fad breá simplí – “Ar mhaith leat dul amach sa ghairdín?”; “Ar chodail tú go maith?”; “Ar nigh tú d’aghaidh” – agus is beag duine ar bheagán Gaeilge nach mbeadh ábalta iad a úsáid. Le cois na n-abairtí Gaeilge, tá leagan Béarla leo.

Agus ná ceaptar nach bhfuil focal nó dhó nua le fáil agat, fiú sa chás go bhfuil Gaeilge agat. Ní raibh a fhios agam féin gurb ionann “folach bíog” agus “hide and seek” ach sin an donas céim sa Léann Ceilteach a bhaint amach agus ní céim sa Léann Linbh!

Tá ceithre dhlúthdhiosca leis an leabhar agus an t-ábhar le fáil i gcanúint Chúige Uladh, Chúige Chonnacht, Chúige Mumhan agus sa Chanúint Chaighdeánach – canúint do dhaoine, is dócha, a bhfuil cónaí orthu in Dublin 4 agus a bhfuil eagla orthu go rachaidh a gcuid páistí ag caint faoi mhóin agus iascaireacht agus ní faoi sciartha bainc agus stocmhargaí na hEorpa.

(Ar cheart do lucht na Gaeilge a rá le lucht an Bhéarla atá in éadan chúrsaí aistriúcháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil an t-ádh orthu gur aistriúchán amháin a shásaíonn lucht na Gaeilge faoin reachtaíocht?)

Mar thuismitheoir le páistí óga, mheas mé go mbeadh an leabhrán ina chuidiú ag foghlaimeoir ar bith ach tá bearnaí ann.

Bíodh is go bhfuil caibidil ar bheannachtaí ann, níl ceann ar mhallachtaí le feiceáil.

Is beag duine againn a thugann faoi ruathar na scoile nach sceitheann an droch-chaint as, anois agus arís, agus tuismitheoirí eile ag páirceáil (go holc) os comhair gheataí na scoile nó ag tiomáint gan aire cheart agat ar charranna eile.

Mholfainn go láidir cúpla mallacht bhreá Ghaelach a chur sa chéad eagrán eile: “Damnú ort! Tugann tú tiománaí ort féin ach is mó ciall atá ag mo leanbh beag féin i mbun a lego ná tusa sa Lexus sin!”

Mholfainn fosta cúpla abairt éigeandála a chur ar fáil do thuismitheoirí mar ábhar rúnda acu féin ionas go mbeadh siad ábalta labhairt ar an ghuthán, cód nach mbeadh ag na páistí óga soineanta: “Dúirt an polaiteoir go mbeadh sé sa Dáil ag a sé. Tá an polaiteoir mall. Mura dtagann an polaiteoir go luath, íosfaidh an madra a dhinnéar. Agus má fhaigheann an taoiseach amach go raibh an polaiteoir ag plé leis an choiste gailf, ní fada go mbeidh an polaiteoir as oifig!”

Hiúdaí Eithne

Hiúdaí Beag (Cló Mhaigh Eo, €9) is ainm don leabhar nua leis an scríbhneoir Conallach, Eithne Ní Ghallchobhair, agus is í Olivia Golden a mhaisigh.

Agus í ag caint leis an cholún seo arú inné, dúirt Ní Ghallchobhair gur ar maidin féin a tháinig beart leabhar chuici agus bhí sí ag súil lena léamh tráthnóna agus gloine fíona aici: “Tá mé an-sásta leis.”

Tá spéis ar leith ag Ní Ghallchobhair i scríbhneoireacht do dhaoine óga agus tá leabhar eile scéalaíochta don óige scríofa aici roimhe seo. Lena chois sin, tá sí ag obair le fada leis an tionscnamh Oideas Gael agus í ag teagasc daoine fásta.

De bharr na taithí sin, mhothaigh sí go raibh ábhar de dhíth ar léitheoirí os cionn 11 bliain le Gaeilge mhaith agus d’fhoghlaimeoirí fásta a bhí ag iarraidh tabhairt faoi ábhar a bhí rud beag ní ba dheacra ná leabhar páiste ach nach raibh chomh scáfar le húrscéalta Shéamais Uí Ghrianna.

D’aimsigh sí Hiúdaí Beag sa bhéaloideas agus bhunaigh sí scéal nua thart air. Chuir sí béim ar “rithim na cainte agus ar shaibhreas na Gaeilge” san insint agus an scéal “scríofa ar bhealach nádúrtha” aici.

Ina leagan den scéal, is 19 bliain d’aois atá Hiúdaí ach giolla na leisce atá ann. Fágann sé an baile sa deireadh le haghaidh a thabhairt ar an domhan mór agus is ansin a tharlaíonn a chuid eachtraí.

** Eolas: eolas@leabhar.com nó 086-8859407

Dianchruinneas

CUIRFIDH AN comhlacht oideachais do dhaoine fásta, Gaelchultúr, tús le Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge i nGaillimh Déardaoin, 15ú Meán Fómhair, agus i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn, 17ú Meán Fómhair.

Clár páirtaimseartha atá ann a chuireann cuidiú ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh cúrsa iarchéime i nGaeilge a bhaint amach ach atá mímhuiníneach as a gcumas teanga.

Dúirt Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, i ráiteas go raibh sé ag iarraidh cúrsaí gramadaí a chur i láthair ar bhealach a thuigfeadh daoine agus go bhfaigheadh siad “greim ceart” ar rialacha casta.

Thiocfadh le gramadach na Gaeilge mearbhall agus lagmhisneach a chur ar dhuine ar bith ach chreid sé gur thaitin cur chuige Ghaelchultúir le daoine agus go raibh rath ar an modh oibre s’acusan.

Ar líne a dhéanfadh na rannpháirtithe an chuid is mó dá gcuid oibre ach beidh ceithre sheisiún lae ann le go mbeadh teagmháil acu le teagascóirí béal le béal.

Dúirt sé go raibh an cúrsa fóirsteanach fosta do dhaoine san earnáil teanga – feidhmeannaigh, státseirbhísigh, aistritheoirí agus iriseoirí – a bhí ag iarraidh snas a chur ar an teanga scríofa. €450 a chostas.

** Eolas: 01-484 5220 nó eolas@gaelchultur.com

Ceardchomhairle

TÁ BUNAITHEOIR an chomhlachta, Cló Iar-Chonnacht, agus an t-údar, Mícheál Ó Conghaile, ag eagrú sraith ceardlann do scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i mBéal Feirste le linn Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna.

Tá na ceardlanna dírithe ar scríbhneoirí óga nó nua nach raibh leabhar i gcló acu agus a léirigh go raibh cumas scríbhneoireachta iontu. Mar sin féin, tabharfar áit do dhornán scríbhneoirí aitheanta le deis a thabhairt dóibh a saothar féin a phlé.

Beidh sé féin ag obair as lámh a chéile le scríbhneoirí eile le linn na gceardlann – Nuala Ní Dhomhnaill i mBaile Átha Cliath; Gearóid Mac Lochlainn i mBéal Feirste agus Pádraig Cobhin i nGaillimh – leis an oiread comhairle a chur ar fáil d’údair nua agus is féidir.

Iarrtar ar scríbhneoir ábhar a chuig eagarthóir cúnta Chló Iar-Chonnacht, Áine Ní Cholchin – dán, gearrscéal, sliocht gairid as úrscéal – le go mbeadh deis ann an saothar a mheas agus socrú a dhéanamh do na ceardlanna.

** Eolas: 091-593307 nó aine@cic.ie

Foclóir na seachtaine seo

abairtsentence

aistritheoirtranslator

beannachtblessing

béimemphasis

canúintdialect

céim
degree

códcode

comhairleadvice

éigeandáilemergency

deacairdifficult

foghlaimeoirlearner

greimgrip

leabhránbooklet

léitheoirreader

mallachtcurse

reachtaíochtlegislation

saibhreasrichness

soineantainnocent

taithíexperience

tiománaídriver

tuismitheoirparent

úrscéalnovel