Gaelu na hEorpa

Tús feachtais a bhí sa seimineár faoi stádas na Gaeilge in Aontas na hEorpa a bhí ar siúl faoi choimirce Chonradh na Gaeilge …

Tús feachtais a bhí sa seimineár faoi stádas na Gaeilge in Aontas na hEorpa a bhí ar siúl faoi choimirce Chonradh na Gaeilge in Óstán Brandon i dTrá Lí, Co Chiarraí, Dé Sathairn seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is é aidhm an fheachtais brú a chur ar an Rialtas rún foirmiúil a chur os comhair Chomhairle Airí Aontas na hEorpa ina n-iarrfar orthu rialachán 1/58 a leasú chun stádas oifigiúil oibre a thabhairt don Ghaeilge.

Táthar ag iarraidh ar an Rialtas an rún a chur i mí Eanáir nuair a bheidh uachtaránacht an Aontais ag Éirinn. Faoi láthair, tugtar stádas oifigiúil d'aon teanga déag: Béarla; Danmhairgis; Fionlainnis; Fraincis; Gearmáinis; Gréigis; Iodáilis; Ollainis; Portaingéilis; Spáinnis agus Sualainnis.

Mhínigh duine de na haoichainteoirí, Pádraig Ó Laighin, gurbh fhearr go socrófaí ceist na Gaeilge roimh mhí na Bealtaine seo chugainn, tráth a thabharfaidh an tAontas aitheantas do naoi dteanga oifigiúla eile, ina measc, an Mháltais. Rinne na cainteoirí go léir tagairt don chosúlacht idir Málta, a bhfuil an Mháltais agus an Béarla mar theangacha oifigiúla ann, agus Éirinn.

READ MORE

Bhí siad go léir d'aontuairim go mbeadh muintir na hÉireann thíos leis ó thaobh postanna de mura dtabharfaí aitheantas oifigiúil don Ghaeilge. Tá comórtas ar siúl cheana féin le haghaidh 1,640 rúnaí do na hinstitiúidí Eorpacha, dírithe ar dhaoine sna tíortha a bheidh ag teacht isteach i mí na Bealtaine.

Táthar ag súil eolas ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais bheith ag iarrthoirí agus, a dúirt Ó Laighin, ghlacfaí le Máltach le dhá theanga oifigiúla Mhálta ach ní ghlacfaí le hÉireannach le dhá theanga oifigiúla an Stáit.

Is é an tOllamh Noel Ó Maolcatha, Dónall Ó Riagáin, Daithí Mac Cárthaigh agus Proinsias Ó Maolchalain na haoichainteoirí eile agus Helen Ó Murchú a bhí sa chathaoir.

Bhí siad go léir aontaithe gur beag am atá ann chun brú a chur ar an Rialtas an "botún" nó "feall" a rinneadh in 1972/73, a chur ina cheart. Ní raibh, a dúradh, aon deacracht ag an Eoraip maidir le comhionannas bheith ag an Ghaeilge ach bhí deacracht anseo in Éirinn.

Is féidir tuilleadh eolais faoin fheachtas a fháil ar shuíomh Idirlín Chonradh na Gaeilge - www.cnag.ie