Beocheist: Tá tú i do sheasamh ag stad an bhus, nó sa scuaine san ollmhargadh. Tá beirt in aice leat, fear as Angóla, abair, agus bean as Sierra Leone. Tá siad tostach, duairc, é deacair dóibh dul i ngleic le gnáth-chúraimí an lae.
An rud nach eol duit ná gur daoine iad atá ag iarraidh filleadh ó thuras fada coscrach go hifreann féin, mar gur déanadh céasadh orthu ina dtíortha dúchais.
Tá siad tagtha go hÉirinn mar éalú, agus más doicheall atá rompu seachas fáilte, is measa go mór a bhfulaingt.
Cinnte, tá dúshláin ann don tír seo freastal ar an 10,000 duine a éilíonn dídean gach bliain. Ach is mó i bhfad na dúshláin atá le sárú ag lucht dídine féin, agus go háirithe ag an 5-10 faoin gcéad acu a meastar ar déanadh céasadh nó dian-tromaíocht orthu.
Séard is mó is cás le Ranna Rialtais, is cosúil, ná srianta agus bacanna a chur i bhfeidhm chun nach mbeidh an tír seo mealltach mar áit dídine; séard is cás le cúpla míle duine dóibh siúd atá inár measc ná na cuimhní millteanacha atá acu ar ghléasanna leictreacha á sá ina mbaill ghiniúna, nó ar shealanna fada a thug siad ceangailte i bpluais dhubh gan bia ná comhluadar, nó ar éigniú a rinne saighdiúirí orthu. Nó ar uafáis eile gan áireamh a d'fhulaing siad.
Mar is iomaí slí le duine a chéasadh, agus tá 150 tír ar domhan ina bhun, de réir fianaise. An tromlach a fhulaingíonn, ní shroicheann siad an Eoraip nó mórthír shaibhir, shocair eile riamh; ná ní bhíonn tacaíocht ná cúnamh ar fáil dóibh chun plé leis an ionsaí bunúsach a déanadh ar iomláine a n-intinne.
Cad faoi sheirbhísí cúnaimh, más ea, seachas síorshrianta is bacanna?
Le cúpla bliain anuas atá a leithéid á bhforbairt. Tá a gcroílár ar an gCuarbhóthar Thuaidh i mBaile Átha Cliath, i dteach mór le hord rialta na Spioratánach.
Bhí taithí oibre ag an ord le teifigh ar fud an domhain, agus bhunaigh siad eagraíocht faoin ainm "Spirasi" chun tacú le hinimircigh de gach cineál. Tá ionad cúraim do dhaoine a céasadh mar chuid den obair sin anois.
Agus tá deá-scéalta le cloisint istigh sa teach. An duine a bhíodh cromtha, faiteach atá le feiceáil ag tógáil a chloiginn le misneach. An gliondar iontach ar dhaoine nuair a thugtar stádas teifeach dóibh, agus sábháilteacht bhuan dá réir. An méadú mór ar na seirbhísí cúnaimh is faoisimh atá chomh riachtanach.
Caitheann dochtúirí Spirasi uaireanta a chloig fada le cliantaí, ag déanamh meastacháin ghrinn, thuisceanach ar a scéalta uafáis, agus ag cur tuairisce dlí ar fáil do na húdaráis a cheadóidh nó a dhiúltóidh stádas teifeach.
Cabhraíonn oibrithe tacaíochta le fadhbanna tithíochta, airgid, fostaíochta is sóisialta a réiteach. Cuirtear seisiúin chomhairleoireachta is fisiteiripe ar fáil, suaithireacht is teiripe ealaíne, grúpaí tacaíochta agus deiseanna le Béarla nó ríomhaireacht a fhoghlaim. Déantar an obair trí mheán breis is 20 teanga dhifriúil.
Cúrsaí teanga, go deimhin, is cúis le cuid de na deacrachtaí móra a bhíonn le sárú. Ní mian le haon Iaráiceach, mar shampla, go ndéanfadh Iaráiceach eile aistriúchán ar scéal a chéasta do dhochtúir, ar eagla go sceithfí eolas air le spiairí a dtíre abhus.
Tá Béarla nó Fraincis ag formhór na n-Afracach ach is ina dteangacha dúchais a chaithfear seirbhísí aistriúcháin a sholáthar chun gur féidir leo focail a chur ar na rudaí do-mhínithe a tharla dóibh.
Dúshlán mór eile ná nach féidir gach scéal a insítear a chreidiúint. Tá géar-éileamh ag a lán daoine ó thíortha bochta deis chónaithe a bhaint amach anseo agus cuirfidh cuid acu lena scéal, más gá.
Dá bharr sin, tá dochtúirí ag obair don ionad cúraim a fuair taithí fhada i dtíortha iasachta, agus a thuigeann go grinn na sainchomharthaí a leanann céasadh. Mar ní cnámha briste a bhíonn le feiceáil go minic, ach daoine nach féidir leo codladh istoíche, nó a mbíonn síor-ísle brí orthu, nó eagla dul i measc slua nó fanacht in aon spás cúng.
Dúshláin chasta, leochaileacha: na bacanna ar mhná ó chultúir áirithe a scéal a insint; an féin-fhuath a leanann náiriú is cos ar bolg; an streachailt a thagann le haistriú tobann go tír fíor-iasachta agus do mhuintir atá marbh nó ar iarraidh; na daoine nach féidir leo aghaidh a thabhairt ar ar tharla dóibh, go háirithe gan a mbaile féin, ná post ná stádas acu.
Seas ag stad an bhus, más ea, agus déan iontas den té sin in aice leat, go bhfuil an misneach is an dóchas ann nó inti bheith beo fós, agus an turas fillte fada ó ifreann ina thús.