Gluaiseacht na teanga fos ar strae

Níl mé baileach cinnte cén uair ar thuig mé gurb as an nGaeltacht mé

Níl mé baileach cinnte cén uair ar thuig mé gurb as an nGaeltacht mé. Thuig mé luath go maith go raibh mé ag labhairt teanga nárbh í gnáth-theanga daoine eile in Éirinn í. Nuair a chuaigh mé go Gaillimh an chéad uair thuig mé go raibh an Béarla á labhairt ag gach uile dhuine. Agus thuig mé luath go maith go raibh mé ag labhairt teanga nach raibh mórán measa uirthi.

Is féidir linn a rá go bhfuil sainmhíniú déanta ar an nGaeltacht ar léarscáil in Acht de chuid an Oireachtais i 1956. Ní thugann an léarscáil chéanna ach léargas an-chúng dúinn ar a bhfuil i gceist. Ceantar é a bhí in ann cainteoirí dúchais Gaeilge a chur ar fáil, áit a raibh an teanga in ann í féin a athchruthú ó ghlúin go glúin.

Ón taobh amuigh a bhí socruithe teanga uilig ag teacht ag an am go raibh muintir na Gaeltachta ag dul amach ar imirce. Má bhí saibhreas sa nGaeltacht ní raibh fáil ag muintir na Gaeltachta air. Ní raibh sé sa leagan amach ag muintir na Gaeltachta go mb'fhéidir go bhféadfadh siad a bheith ina léachtóirí nó ina n-ollúna ollscoile le Gaeilge, ina scoláirí Gaeilge, ná ina mbainisteoirí sinsearacha i nGaeltarra Éireann.

Ar eagla na míthuisceana is ag iarraidh na tuiscintí a bhí i measc mhuintir na Gaeltachta, de réir mar ba léir domsa iad, a léiriú atáim agus ní ag cur locht ar aon duine. Ach tá na ceisteanna seo tábhachtach do thuiscintí an lae inniu. Is beag an ceangal a bhí ag muintir na Gaeltachta le gluaiseacht na Gaeilge ná le saol proifisiúnta ná acadúil na teanga.

READ MORE

Ar an taobh eile den scéal, maireann an dearcadh i measc chuid d'eite cheannais na Gaeltachta, nach bhfuil aon tábhacht ag baint le haon rud atá ar siúl taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta. Ní thugann an dearcadh seo aon aitheantas don obair iontach atá ar siúl ag daoine ag lorg cearta teanga, ag bunú gaelscoileanna agus ag leathnú an ghaeloideachais, ag múineadh na teanga. Nuair a bhí an Cadhnach ag labhairt ar an gCeathrú Rua labhair sé ar an dearcadh sin a bhí ag iarraidh claí na muice duibhe a thógáil thart ar an nGaeltacht.

Teastaíonn ón bpobal féin go mbeadh na deiseanna céanna acu is atá ag aon dream eile agus ciallaíonn sé sin go ndéanann an pobal gach uile iarracht an ceann is fearr a fháil ar an iargúltacht thíreolaíoch. Ceann de na príomhbhealaí len é seo a dhéanamh an Béarla a shealbhú. Is é an próiseas sóisialta é a tharla ar fud na tíre.

Nuair a bunaíodh an Stát tá an chuma ar an scéal go raibh lucht ceannais na tíre ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar ghnáth-theanga labhartha. Faoi dheireadh na 1960í is léir go raibh an meon i leith na teanga ag athrú. Bhí an Stát tar éis leathchéad bliain Éirí Amach 1916 a chomóradh agus bhí an córas polaitíochta ag athrú ó thuiscintí pobail agus leas pobail agus náisiúin go dtí fealsúnacht a bhí ag díriú níos mó ar an leas pearsanta agus leas an duine aonair.

Bhí an comóradh ar an Éirí Amach déanta agus curtha dínn againn mar náisiún agus bhí sé tráthúil féachaint "ar aghaidh". Cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge d'fhostaíocht sa státchóras. Níor lorgaíodh stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Áit thanáisteach a bhí beartaithe do Ghaeilge sa tír nua seo.

Ó shin i leith tá an Ghaeilge á himeallú mar theanga sa bpobal. Ní ag ardú atá an líon daoine a chuireann an stró orthu féin an teanga a shealbhú. Fiú an céatadán beag seo den mhórphobal tá deacrachtaí móra acu greim cheart a fháil ar an teanga mar gheall go bhfuil an teanga ag lagan agus ag éirí níos tanaí. Tá an dá theanga le cloisteáil á labhairt go saoráideach mar theanga pobail fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta. Ciallaíonn sé sin uilig go bhfuil an chontúirt ann go bhfuil an teanga ag claochlú agus ag dul i dtreo a bheith ina fotheanga de chuid an Bhéarla.

Is minic a thagraítear don Ghaeltacht mar "thobar" mar "fhoinse". Is fíor-chorruair a dhéantar aon tagairt don phobal Gaeltachta féin, an ceart a bhí acu córas iomlán oideachais a fháil ina dteanga féin - ceart nach bhfuair siad; an ceart a bhí acu go gcaithfeadh an Stát go cothrom leo ina dteanga féin - ceart nach bhfuair siad; an ceart a bhí acu go gcuirfí seirbhísí sláinte agus cúram páistí ar fáil dóibh ina dteanga féin - ceart nach bhfuair siad.

Cá ndeachaigh muid amú? Sílim go bhfuil na cúiseanna seo a leanas le cur san áireamh. Cinnte, tharla athrú meoin de chineál éigin sna 1960í. Ar an dara dul síos, caithfidh muid féachaint ar an gcur chuige institiúideach a ghlac muid chugainn féin agus féachaint an raibh ciall leis an leagan amach a bhí agus atá againn. I bhfocla eile, caithfear díriú anois ar an struchtúr institiúideach - an bhfuil na struchtúir againn leis na beartais teanga a chur i bhfeidhm?

Is léir go raibh an earnáil dheonach chun cinn ag éileamh beartais teanga. Tá an earnáil phobail sin ag cúlú go mór i láthair na huaire. Bhíodh Ó Cadhain ag gearán faoi ghluaiseacht a bheith ar strae. Má leanann orainn ní bheidh gluaiseacht ar bith fágtha. Tá an earnáil stáit ag tarraingt obair na n-eagras chucu féin cheal fios a ngraithe a bheith acu agus ní chuidíonn an maorlathas leibideach i mbréagchulaith na héifeachtúlachta. Ní féidir leis an earnáil stáit obair an earnáil phobail a dhéanamh. Más ag brath ar an earnáil stáit atá an teanga beidh sí faoi smacht iomlán an leagain amach pholaitiúil. Tá an earnáil stáit agus an earnáil phobail ag teastáil, an Ghaeltacht agus na pobail Ghaeilge le go mbeadh beocht agus dúshláin sa réimse.

Sílim nach bhfuil sé indéanta an teanga a choinneáil beo sa nGaeltacht beag beann ar a staid taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní sé réadúil a cheapadh go mbeidh pobal in ann an teanga a choinneáil ná fiú ag iarraidh í a choinneáil mura mbeidh áit agus páirt lárnach ag an teanga i saol an náisiúin. Ar an lámh eile ní féidir an teanga a choinneáil má chailltear í sa nGaeltacht. Braitheann teanga ar phobal a bheith á labhairt mar theanga an phobail i ngnáth-ghraithe an lae.

Tá go leor gníomhaíochtaí maithe forbartha pobail curtha chun cinn sna Gaeltachtaí le blianta anuas agus tá pobail ardchumais, féinmhuiníneach iontu. Maireann an teanga mar chuid thábhachtach do lear acu. Is í an cheist is tábhachtaí an féidir an treo atá faoi chúrsaí teanga sa nGaeltacht a chasadh. Tá gníomhaíochtaí maithe forbartha pobail curtha chun cinn sna Gaeltachtaí agus tá pobail ardchumais agus féinmhuiníneach iontu.

Is dócha go ndéanfar athbhreithniú ar theorainneacha na Gaeltachta agus go socrófar ar ghrádanna éagsúla Gaeltachta. Ach is í an cheist is tábhachtaí ar fad an bhfuil ar chumas agus d'acmhainn ag na hinstitiúidí ar a bhfuil an cúram dul i ngleic leis an suíomh mar atá sé.

Tá dóthain acmhainní, saibhris agus maoine againn anois mar thír le tabhairt faoina dhéanamh. Níl de chúram orainne ach ceann amháin de na teangacha domhanda atá i mbaol - an Ghaeilge. Más linn an teanga a choinneáil caithfear í a neartú ar bhealach céimnithe, í a sheachadadh ó ghlúin go glúin, í a fhorbairt, a aclú agus a chur in oiriúint don saol reatha agus í mar dhlúthchuid de shaol an náisiúin.

Tá na deich mbliana seo romhainn againn le casadh a chur i gcúrsaí na teanga. Braitheann an toradh ar na hinstitiúidí a bhfuil cúram na teanga orthu ar fhiúntas a gcuid oibre agus mar a éireoidh leo beart a dhéanamh a thabharfas misneach don phobal teanga. Sea, gan réabhlóid institiúideach is baolach go mbeidh dán na Gaeilge mar theanga pobail idir dhá cheann na meá.

Is de bhunadh Ghaeltacht Chonamara é Peadar Ó Flatharta agus is Stiúrthóir de chuid FIONTAR DCU é. Seo achoimre ar chaint a thug sé oíche Luain mar chuid de shraith léachtaí ar Mháirtín Ó Cadhain. Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a d'eagraigh.