BEOCHEIST:"MUSIC IS the language of the mind that travels," a dúirt an t-amhránaí Woody Guthrie. 100 bliain ó shin, ar 14ú Iúil, 1912, a rugadh Guthrie in Oklahoma Mheiriceá, ach tá a intinn agus a fhírinne fós á nochtadh dúinn sa cheol ceannairceach a d'fhág sé mar oidhreacht againn.
Tabhair cluas éisteachta anois do chuid de phoirt Guthrie agus tá siad chomh tráthúil leis na cinnlínte nuachta is déanaí faoin ngéarchéim i zón an euro nó an ráta creidmheasa is déanaí ó Standard and Poor’s.
Ní haon phúca ón stair aniar chugainn Tom Cranker ón amhrán The Jolly Banker, mar shampla. Seo an baincéir meidhreach céanna ar chuireamar ar fad aithne air le linn bhlianta an rachmais agus a bhfuilimid fós ag díol as a mheidhreacht.
“I’ll plaster your home with a furniture loan, Singin’ I’m a jolly banker, jolly banker am I,” a gheall an mangaire súgach Tom Cranker i 1941.
Agus má bhí creidmheas uait ba é Tom Cranker an buachaill: “If you show me you need it, I’ll let you have credit/ I’m a jolly banker, jolly banker am I/ Just bring me back two for the one I lend you...”
Agus n’fheadar an sealbhóir bannaí sóisearach nó sinsearach atá san fhear cearrbhachais san amhrán I Ain’t Got No Home in This World Any More, ach pé acu é thug sé na cosa leis an uair sin chomh saoráideach céanna is a d’éalaigh cearrbhaigh mhargaí na linne seo le maoin na ndaoine: “Oh, the gamblin’ man is rich an’ the workin’ man is poor/ And I ain’t got no home in this world anymore.”
Nó féach cé chomh friseáilte is atá The Greenback Dollar i bpoblacht seo na n-amhantraithe agus na huicstéirí: “Yes, you have a land deed, mister/ The money is all in your name/ But where’s the work that you did, mister?/ I’m demanding back my job again.”
Sea, ní thagann aon athrú ar na ceannlínte nuachta, fírinne shíoraí a d’aithin Guthrie féin in Do Re Mi: “Cause I look through the want ads every day/ But the headlines on the papers always say: If you ain’t got the do re mi, boys, you ain’t got the do re mi.”
Rinne Guthrie os cionn 3,000 amhrán ar fad ag áireamh amhráin pholaitiúla, amhráin agóide, amhráin ghrinn, amhráin ghrá, amhráin do leanaí agus amhráin don lucht oibre, amhráin bunaithe ar an mBíobla agus amhráin bunaithe ar a chuid brionglóidí.
D’fháisc sé traidisiún nua as an gceol saibhir ilchineálach a chuala sé le linn a óige, ceol na muintire, ceol an “old, weird America” mar a bhaist an criticeoir Greil Marcus air. Ceannródaí ab ea a shoilsigh an bóthar do Dylan agus na ceannródaithe eile a tháinig ina dhiaidh.
Ba é an chéad phonc é agus an mana This Machine Kills Fascists scríofa ar a ghiotar aige. Thug sé a shaol ar an mbóthar nó an “freedom highway” mar a thug sé féin air, saol a bhfuil cuntas bríomhar aige air ina leabhar dírbheathaisnéise Bound for Glory.
Tá Guthrie anois ag siúl bhóthar na síoraíochta, é mar inspioráid i gcónaí ag ceoltóirí na linne seo agus an t-iliomad leabhar nótaí a d’fhág sé ina dhiaidh fós ag nochtadh amhrán agus fírinní nua dóibh.
Is mar amhránaí polaitiúil is mó a chuimhníonn an pobal i gcoitinne ar Guthrie sa lá atá inniu ann, ach tá i bhfad níos mó ná sin ann.
Ní bhíonn ag an amhránaí polaitiúil ach seal; fuaimrian na freacnairce atá i saothar Guthrie, is cuma cén ré nó cén áit.
Mar a dúirt Bob Dylan faoi Guthrie ina chuimhní cinn féin, Chronicles: “The songs themselves were really beyond category. They had the infinite sweep of humanity in them.”
Dála Dylan féin, tá cuid mhaith miotas fásta timpeall ar Guthrie, miotais ar shéid sé féin fúthu uaireanta, ach tá a shaothar chomh friseáilte inniu is a bhí sé riamh.
Go deimhin, tá sé scanrúil cé chomh friseáilte is atá leithéid The Jolly Banker nó an t-amhrán is cáiliúla a chum sé This Land is Your Land.
Tá go leor plé á dhéanamh ar oidhreacht Guthrie na laethanta seo agus ceiliúradh á dhéanamh ar a shaol agus ar a shaothar suaithinseach.
Is deacair a shamhlú, áfach, go mbuailfidh éinne an cur síos ar Guthrie a rinne a dheisceabal óg Bob Dylan air sa dán fada Last Thoughts On Woody Guthrie a chum Dylan ag tús na 1960í.
Mar seo a chríochnaigh Dylan a shaothar ómóis: “You can either go to the church of your choice/ Or you can go to Brooklyn State Hospital/ You’ll find God in the church of your choice/ You’ll find Woody Guthrie in Brooklyn State Hospital/ And though it’s only my opinion/ I may be right or wrong/ You’ll find them both/ In the Grand Canyon/ At sundown.”